Ólann sé pionta ag an deireadh seachtaine, tá sé sásta peil a imirt lena chlub agus is leor sin dó…

AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Níor imir an Saighdiúir mórán peile agus ní raibh maith ar bith sa mhéid a d’imir sé. Ach bhí spraoi agus spórt ann…

Ólann sé pionta ag an deireadh seachtaine, tá sé sásta peil a imirt lena chlub agus is leor sin dó…

INPHO/Cathal Noonan

Tá a fhios againn uilig go léir faoin am seo an dílseacht atá de dhíth ar imreoirí óga CLG agus iad ag iarraidh geansaí an chontae a chaitheamh. Chuirfeadh siad manaigh cung fú nó trúpaí speisialta míleata i gcuimhne duit ar na saolta seo, iad in ainm is a bheith ábalta mianta na feola – beoir agus caidreamh grámhar daonna – a shéanadh le go mbeadh siad in ann séasúr nó dhó nó trí a chaitheamh faoi dhathanna a gcontae dhúchais.

Is beag duine againn a bheadh chomh dílis sin do chúis ar bith agus a bhíonn siad seo. An dtig leat é a shamhlú go gcuirfeá, mar shampla, an oiread sin dua ort féin agus tú ag iarraidh an pianó a sheinm mar cheoltóir amaitéarach nó go gcaithfeá an oiread sin dua le céim pháirtaimseartha mar a chaitheann imreoirí óga an CLG le traenáil? Ní dóigh liom é.

Ait mar sin mar a thugann an scéal beag seo, an mhír seo de chúlchaint, meanma dom. Tá peileadóir in Ulaidh – ní luafaidh mé an contae – ar tugadh cuireadh dó dul ar phainéal an chontae. An-pheileadóir atá ann de réir cosúlachta agus fear a chuirfeadh go mór le seansanna a chontae craobh a bhaint amach. Níor ghlac sé leis an chuireadh. Is cosúil go bhfuil – a Thiarna! – saol sóisialta ag an fhear óg seo. Is cosúil go n-ólann sé pionta ag an deireadh seachtaine, go mbuaileann sé le cairde. Is cosúil go bhfuil sé sásta peil a imirt lena chlub agus is leor sin dó.

Níl aithne agam ar an fhear óg sin ach tá gean agam air. Tá níos mó dá shórt de dhíth ar CLG. Tá an t-am ann, agus is é atá thar am, cur i gcuimhne do bhainisteoirí agus lucht eagraithe agus lucht tacaíochta CLG nach bhfuil ann ach – fan go fóill – nach bhfuil ann ach spórt. Shílfeá le tamall anuas gur coinscríobh a bhí i gceist le peil idirchontae.

Níor imir an Saighdiúir Samhraidh mórán peile agus ní raibh maith ar bith sa mhéid a d’imir sé. Ach bhí spraoi agus spórt ann. Ní thabharfainn lúthchleasaí ar gach duine a d’imir liom, fadó fadó nuair a bhí mé óg. Leoga, is maith is cuimhin liom gur ghaiste a ritheadh cuid den fhoireann i dtreo a málaí spóirt ag leath ama le paca Benson and Hedges a tharraingt amach ná mar a ritheadh siad i ndiaidh na liathróide le linn an chluiche!

Mar sin féin, pléisiúr a bhí ann imirt leo. Daoine iad a bhí croíúil. Níl a fhios agam cad é a déarfadh siad leat dá n-iarrfá orthu diantraenáil a dhéanamh, ar nós pheileadóirí an lae inniu. Bhuel, tá a fhios agam – “Young fellow, is your head cut?”

Spórt a bhí sa pheil. Sin mar is fearr é.

Cód donn

“Squeaky bum time” a thugann na Sasanaigh air, an tráth sin den chluiche nuair a éiríonn cúrsaí chomh corraitheach sin go gcaithfidh tú smacht a chur ort féin ar eagla tubaiste tóna. Níl a fhios agam cad é an Ghaeilge a thabharfá air sin? Níl an phráinn chéanna le “A mhúinteoir, an bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas?” B’fhéidir go dtiocfadh linn nath de chuid na bPoncánach a Ghaelú? Ní “squeaky bum time” a bíos acu sin ach “code brown”.

Há há! Nach é atá filiúnta mar ráiteas spóirt?!

Bíodh “cód donn” againn as seo amach: “D’fhulaing peileadóirí Mhaigh Woe cód donn agus an cluiche ag teacht chun deiridh”; “D’fhógair na heagraíochtaí teanga cód donn agus staidéar eile ar chúrsaí teanga sa Ghaeltacht seolta”; “Cód donn a bhí ann agus an spriocam ag druidim leis an cholúnaí spóirt.”

Tá mé le seo a sheoladh go téarma.ie!