Ok, ok, tóg go réidh é Mamaí, ní gá é a rá trí huaire!

Ní thugann ár gcolúnaí mórán airde riamh ar phiseoga ach amháin tráth na bpitseámaí

Ok, ok, tóg go réidh é Mamaí, ní gá é a rá trí huaire!

Níor thug mé mórán airde riamh ar phiseoga. Dá ndoirtfinn salann ar an mbord ní hé an chéad rud a rithfeadh liom ná gráinnín de a chaitheamh siar thar mo ghualainn chlé in éadan an mhí-áidh.

Cuirim an sceanra trasna ar a chéile ar an bpláta, siúlaim faoi dhréimirí agus trasna ar scoilteanna ar an gcosán…

Tá dearmad déanta agam cé mhéad scáthán atá briste agam in imeacht na mblianta. Ocht mbliana d’aois a bhí mé nuair a bhris an chéad cheann. Ní hé gur bhris mé an scáthán in aon turas, dála an scéil. Bíonn údar maith ag daoine buidéal seampú a chaitheamh trasna an tseomra amanta agus cén mhaith dúinn a bheith ag dul anonn is anall ag argóint faoi cé uirthi a bhí an locht?

Níl aon bhá agam le huimhreacha ádhúla ach an oiread. Tá mé flat-out ag cur ‘seachtanna’ ar thicéid an lotto is ní fheicim go bhfuil aon toradh ar mo shaothar. Osclaím scáthanna báistí istigh sa teach ar nós cuma liom le teann deárála ar ghníomhairí an mhí-áidh.

Ach le deireanas, tá imní orm go mb’fhéidir go bhfuil draíocht éicint ag uimhir a trí. Nuair a deirim draíocht, níl mé ag rá go mbuafaidh tú an lotto má chuireann tú slám tríonna ar do thicéad ná go mbeidh cumhachtaí speisialta agat má chomhaireann tú go dtí a trí sách minic agus muinín i do chroí.

’Séard é ná go bhfeictear dom nach bhfuil aon duine sa teach sa mbaile in ann mé a chloisteáil nó go mbeidh rud éicint ráite trí huaire agam.

Chuile thráthnóna, mar shampla, nuair atá sé in am a ghabháil a chodladh deirim i nglór réidh sibhialta, rud éicint ar nós, ‘Anois, a leainíní bána, bailígí suas na bréagáin, tá sé in am leapan.’

An toradh a bhíonn ar m’achainí ná neamhaird iomlán, nó dul anonn go dtí an bosca lego agus é a fholmhú amach i lár an urláir.

Chaithfeadh nach bhfuil siad in ann mé a chloisteáil.

An dara huair a labhraím, níl an fhoighid baileach chomh fairsing, ná an glór baileach chomh binn.

‘Anois, éirígí as an ealaín, dáiríre atá mé!’

Seasaim ansin i mo phúca balbh is feicim iad ag cruinniú na bpluideanna, piliúir is teidithe le chéile chun dún a thógáil istigh faoin leaba.

Tá faitíos orm anois. An é nach bhfuil siad in ann mé a chloisteáil?

Faoin am go labhraím an tríú huair tá mo chuid súl ag pléascadh amach as mo chloigeann agus gal ag teacht amach as mo chluasa, tá an áit ina chéas agus ‘An Dún faoin Leaba’ i mbarr a réime.

‘As ucht Dé agus na Maighdine Muire oraibh éirígí as an tseafóid agus cuirigí oraibh na pitseamaí!”

An iarraidh seo, cloistear mé.

Ok, ok, tóg go réidh é Mamaí, níl aon chall duit a bheith ag béiceadh orainn.’