‘Oisín’ agus ‘Cara’ na hainmneacha Gaeilge is coitianta a tugadh ar pháistí sa Tuaisceart i 2015

Is mó an bá atá ag an bpobal san oirthuaisceart, shílfí, le hainmneacha Gaeilge ná mar atá ag an gcuid eile den tír

leanbh

Ba iad ‘Cara’ agus ‘Oisín’ na hainmneacha Gaeilge ba choitianta tugadh ar leanaí i dTuaisceart Éireann sa bhliain 2015, de réir figiúirí nua a d’fhoilsigh an Northern Ireland Statistics an Research Agency (NISRA).

Bhí 515 ainm ar fad ar liosta na mbuachaillí agus ba ainmneacha Gaeilge iad 63 acu sin. Ba lú líon na n-ainmneacha Gaeilge ar liosta na gcailíní; 43 ainm Gaeilge a bhí ar an liosta sin a raibh 554 ainm ar fad air.

Ní raibh ainm Gaeilge i measc na ndeich n-ainm ba choitianta ar bhuachaillí ná ar chailíní i mbliana. Ba ag uimhir a 19 a bhí ‘Oisín’ agus ag uimhir a 20 a bhí ‘Cara’.

Is mó an bá atá ag an bpobal san oirthuaisceart, shílfeá, le hainmneacha Gaeilge ná mar atá ag an gcuid eile den tír.

200 ainm a bhí ar liosta na n-ainmneacha a d’eisigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha i mbliana agus gan ach 18 ainm Gaeilge ar liosta na mbuachaillí agus 14 ainm Gaeilge ar liosta na gcailíní. Mura chuirtear san áireamh ach an chéad 200 ainm ar liosta an NISRA ó thuaidh, tá 31 ainm Gaeilge ann do bhuachaillí agus 24 ainm do chailíní.

Tá leaganacha Béarla d’ainmneacha Gaeilge ar an liosta freisin – Maeve agus Conor, cuir i gcás – nár cuireadh san áireamh agus anailís á déanamh ag Tuairisc.ie ar na figiúirí.

Screen Shot 2016-02-26 at 19.23.55

Fág freagra ar '‘Oisín’ agus ‘Cara’ na hainmneacha Gaeilge is coitianta a tugadh ar pháistí sa Tuaisceart i 2015'

  • Fearn

    An ainm Gaeilge Cara?