15 cineál eile Gaeilgeoirí a chasfar ort ag an Oireachtas i gCill Airne

D’éirigh chomh maith sin leis an 12 cineál Gaeilgeoirí a bhí anuraidh againn go bhfuaireamar ‘an glaoch ar ais’

The Hangover

1. An Té Atá ag Fáil Bháis

Is cuma an le moch maidine, i mbolg an lae nó le teacht déanaí na hoíche a chastar an duine seo ort, bíonn an scéal céanna aige agus an ceann síos céanna air nuair a chuirtear a thuairisc. Conas tánn tú? ‘Táim ag fáil bháis?’ An raibh sibh déanach aréir? ‘Déanach? Táim ag fáil bháis’. An bhfuil tú ag dul go dtí Corn Uí Riada ar ball? ‘N’fheadar, táim ag fáil bháis.’ Ach níl iomlán na fírinne ansin. Ráineodh go mbeadh sé d’ádh ort casadh leis An Té Atá Ag Fáil Bháis nuair nach bhfuil sé ag fáil bháis. Má chastar ort é agus pionta á chaitheamh siar go sona aige, tá sé i lár na ‘golden hours’, an cúpla uair a chloig fánach sin nuair atá póit na hoíche aréir curtha de aige/aici ach gan é/í imithe thar fóir arís go fóill. Bain sult as óir beidh sé/sí ag fáil bháis arís ar ball.


yoda1-e1446595804475

2. An Té a bhfuil A Fhios Aige ‘Cad ba cheart daoibhse a dhéanamh, anois…’

Tá chuile eolas ag an nGaeilgeoir seo agus go bhfóire Dia ort má tá aon bhaint ar chor ar bith agat le ‘saol’ na Gaeilge. ‘Tá tú ag obair don Raidió i gcónaí? Tá? Bhuel, an bhfuil a fhios agatsa, cad ba cheart daoibhse a dhéanamh anois…Cén fáth nach bhfuil éinne ag déanamh scéal faoi sin, hah?’ ‘Tá tú fós thiar i TG4? Bhuel…’  San Údarás? ‘Bhuel…’ Ag múineadh? ‘Bhuel…’ ‘Ag plé leis an bhfoilsitheoireacht?’ ‘Bhuel..’

‘Sea, cuirfidh an duine seo comhairle do leasa ort agus bíonn aguisín i gcónaí leis an gcomhairle sin: ‘Táim á rá seo le blianta fada agus níl aon duine ag éisteacht liom’. Ní ritheann sé riamh leis An Té a bhfuil A Fhios Aige…go mb’fhéidir go bhfuil cúis mhaith nach n-éisteann duine ar bith riamh leis.

Cad ba cheart duitse a dhéanamh má chastar ort é? Abair leis go bhfuil an ceart ar fad aige, go ndéanfaidh tú é an chéad rud maidin Dé Luain, agus tabhair do na boinn é!


only-one-drink

3. An Té Atá ag Dul Isteach Faoin mBaile i gComhair Ceann Amháin…

Fógraíonn an Gaeilgeoir seo go bhfuil sé ag dul isteach go Cill Airne chun siúl timpeall dó féin. Beidh ceann amháin istigh aige agus beidh sé ar ais go maith in am don ócáid sin a bhfuil sé ag súil go mór leis le fada. Feicfidh tú arís é sa residents bar ag a dó ar maidin.


Paidí Ó lionard

4. An Té Atá Níos Uileláithrí Ná Páidí Uileláithreach Ó Lionáird Féin

‘A tú fhéin atá ann arís!’. Dhá nóiméad i ndiaidh duit slán a fhágáil go croíúil leis/léi sa bheár ar an dtaobh eile den óstán, tá An Té Atá Níos Uileláithrí Ná Páidí Uileláithreach Ó Lionáird Féin romhat athuair. Cén chaoi a ndéanann sé/sí é?


club

5. An Té a Mhaíonn go Raibh An Craic Níos Fearr San Áit Nach Raibh Tú an Oíche Roimhe

Tá gaol gairid ag an duine seo leis An Té Atá Ann Ón Déardaoin agus An Fear A Bhí ag an Seisiún Rúnda Aréir, beirt ar casadh orainn anuraidh iad. Pé áit nach raibh tusa an oíche roimhe, is ann a bhí sé/sí agus bhí sé ‘only mighty’. ‘An raibh tú ag Club na Féile aréir? Ní raibh? Á chaill tú é! Bhí 2,000 mac léinn ag déanamh rave ar an sean-nós istigh’.

‘Bhí tú ag Club na Féile? ‘Á ‘sé an trua nach raibh tú sa front bar. Dúirt Nell ‘Seán ’s a Bhríste Leathair’ chomh binn agus a chuala tú riamh é.’


picture-of-penguins

6. An Té gur Trua Nár Tháinig Sé

Casfaidh duine ort an deireadh seachtaine seo agus ní bheidh d’eolas agaibh faoina chéile ach go bhfuil aithne agaibh beirt ar An Té Gur Trua Nár Tháinig Sé.

Ní gá fiú An Té Gur Trua Nár Tháinig Sé a ainmniú.

‘Níor tháinig sé féin, ar chor ar bith?’

‘Níor tháinig, an bastard.’

‘Sé an trua nár tháinig’.

‘Sé’.

‘Cén chaoi a bhfuil sé ar aon nós, ní fhaca mé le tamall é.’

‘Ná mise. Tá a fhios agat féin.’

‘Tá’.

‘Sé an trua nár tháinig sé.’

‘Sé’.

‘Meas tú cén fáth nár tháinig sé’.

‘Tá a fhios agat féin’.

‘Tá’.

‘Ní mar a chéile é gan é’.

‘Ní hea’.

‘Déarfaidh tú leis go raibh mé ag cur a thuairisce, má bhíonn tú ag caint leis?’

‘Déarfaidh cinnte (dá mbeadh a fhios agam cé tú féin).

Féach An Comrádaí Oireachtais.


janice friends

7. An Té A mBíonn Gáire Ró-Ard aige ag na Lúibíní 

Is deacair cur síos ar an ngáire mínádúrtha a bhíonn ag an duine seo agus é éisteacht le lúibín lagmheasartha éigin nó agallamh beirte a chodail amuigh.

Ní gá ach tagairt a dhéanamh do Donald Trump nó Enda Kenny agus tosaíonn sé – gáire mór groí mar fhógra go bhfuil féith an ghrinn ann. Donald Trump? Ha! Tuigimse jócanna! faoi mar a dúirt Homer Simpson. Tagairt do Enda Kenny. Scairteadh mór eile. Bille cánach Apple! Cuir fios ar dhochtúir! Tagairt do 20 bliain TG4 agus Donald Trump agus Dáithí Sé in éineacht! Dá gcaillfí anois é, nach é a bheadh sona!


catch_me_if_you_can_20

8. An Té A mBíonn Díreach Dóthain Eolais Aige

Ní thaobhaíonn an duine seo aon chomórtas ná aon seoladh leabhar, ach bíonn dóthain eolais i gcónaí aige chun cuma na spéise a chur air féin. Seo fíorPro an Oireachtais. Déanann sé cinnte fáil amach cé a bhuaigh Corn Uí Riada a luaithe is atá an comórtas thart, mar shampla. Má bhí aon chonspóid ann, beidh an t-eolas sin aige freisin. Sea, ní fheicfidh tú ag aon ócáid an duine seo, ach beidh díreach dóthain eolais i gcónaí aige faoi gach gné d’fhéile na nGael.

‘Chailleas faraor é, ach chuala go raibh slua breá ann. Táim ag súil lena léamh.’ ‘Bhíos gafa ag an am, ach chuala go raibh mo bheirt ar fheabhas ar fad. Sin é an dara bliain as a chéile é buaite anois acu, nach é?’ ‘Níl mórán cur amach agamsa ar an sean-nós ach chuala mé nach raibh sé tuillte aici. Is deacair léamh ar na moltóirí. Deirtear go raibh fear Charna an-mhaith.’


Creep

9. An Té A Bhí Ceart Go Leor Ar Twitter Ach Atá Cineál Creepy Anois

Tá aithne Twitter nó Facebook agat ar an duine seo le tamall, áit a mbíonn sibh an-teanntásach ar a chéile agus sibh i measc Ghaeil na meán sóisialta. Cé gur bhraith tú go ndeachaigh An Té A Bhí Ceart Go Leor Ar Twitter Ach Atá Cineál Creepy Anois thar fóir i tvuít nó dhó, bhí sé ‘ceart go leor’ ar an mórgóir. A mhalairt de scéal atá ann anois. A luaithe is a bheireann sé barróg rómhór agus rófhada ort, tuigeann tú go bhfuil tú i sáinn agus gur mór idir an duine aisteach seo romhat agus do ‘chara’ leath-aisteach ar Twitter. Tógtar an selfie ach faoin am go dtosaíonn sé ag cur síos go mion ar chomhrá ar líne a bhí agaibh trí bliana ó shin, tosaíonn tú ag smaoineamh ar sheifteanna chun teitheadh. Faraor nach féidir duine a bhlocáil sa bhfíorshaol.


Platform_Pass_Lanyard

10. An Conraitheoir A mBíonn An Chuma i gCónaí Air Go Bhfuil Sé Díreach Leaindeáilte Agus Cúraimí Móra Air

Gach seans go bhfuil an duine seo ann ón gCéadaoin, ach mar sin féin bíonn an chuma air an deireadh seachtaine ar fad gur anois díreach a tháinig sé,  go bhfuil rudaí tábhachtacha le déanamh aige agus freagrachtaí móra ag luí go trom air. Tá siompóisiamaí le heagrú, comórtais Snapchat le reáchtáil agus teangacha le slánú. Ní hiontas nach bhfuil am ag an duine fíorghnóthach fíorthábhachtach seo labhairt leatsa. Socrú é sin a bhfuil tú breá sásta leis tú féin.

(Ní gá gur Conraitheoir a bheadh anseo, d’fhéadfadh go bhfuil daoine chomh tábhachtach céanna in aon cheann de na cúig cheanneagraíocht eile nó i bhForas na Gaeilge féin)


Police sqaud

11. An Té a Chaitheann an Deireadh Seachtaine sa Halla ag Cogarnach go Mistéireach

Tá a fhios ag fíorphroanna an Oireachtais gur amuigh sa halla déanach san oíche atá scoth an chomhluadair ar fáil. Is ann mar shampla atá An Té a Bhíonn ag Cogarnach go Mistéireach. Cé atá chun an jab sin a fháil sa Roinn? Cé atá imithe thar claí le ceann óg ón gConradh? Cé nár labhair lena chéile ón am seo anuraidh? Céard a pléadh ag an gcruinniú sin i TG4? Cé mhéid a chosain an shite sin? Cé mhéid a thug Acadian Seaplants ar Arramara Teoranta? Is amuigh sa halla déanach san oíche a neosfar gach rún. Ní cás a rá nár chóir aon rud a deireann An Té a Bhíonn ag Cogarnach go Mistéireach a shlogadh gan chogaint. 


Fans Screaming

12. An Té nár Spéis Leis Ach an Selfie le Piardaí Mór na Mioncháile

Sin EVANÍN ó Ros na Rún! Brostaigh oraibh! EVAN! EVAN! Selfie! Selfie! (I mean féinphic, féinphic!) Fan soicind! Sin Máire Treasa TG4! An bealach seo, an bealach seo, tá Dáithí Ó Sé imithe isteach sa leithreas! DÁITHÍ! DÁITHÍ! Selfie! Ná bac Dáithí! Máirtín Tom Sheáinín! Máirtín Tom Sheáinín!


brian blessed

13. An Té a Bhíonn AG LABHAIRT AS GAEILGE

Bíonn gach duine ag an Oireachtas ag labhairt as Gaeilge ach amháin an duine seo. Bíonn sé siúd AG LABHAIRT AS GAEILGE agus thabharfadh sé a bhfuil aige sa saol go gcloisfeadh gach duine é AG LABHAIRT AS GAEILGE.


Killarney National Park – Ring of Kerry, Ireland

14. An Té A Déarfaidh Leat Gur Fearr Cill Airne ná Baile Átha Cliath Pé Scéal É

Bhíodh an duine seo i gcónaí ag tabhairt amach faoi Chill Airne. Bhí a sháith aige d’Oireachtas Chill Airne. Ach ansin chuaigh sé go dtí Baile Átha Cliath i gcomhair Oireachtas na Samhna 2015 (an rud is fearr a tharla riamh don Oireachtas i gCill Airne) agus tá port eile ó shin aige. ‘Dhera, pé rud a déarfá faoi Chill Airne, tá sé i bhfad níos fearr ná Baile Átha Cliath. Ní raibh cuma ná caoi anuraidh air.’


Pushy Parent

15. An Tuismitheoir Gaelach Lena Scuaidrín Gaelach Druileáilte

‘Níl ann ach píosa craic agus is aoibhinn leis/léi féin é. Is iontach an mhuinín a thugann sé dóibh ag an aois sin’.

Yeah raight! Sin an chúis mar sin go bhfuil an bheainín bhocht cráite le bliain anuas agat ag cleachtadh Úna Bán.  ‘A Úna Bhán nach gránna an luí atá ort, do cheann le fána i measc na mílte corp…’

Agus nuair nach bhfaigheann an créatúr bocht aon duais?

‘Nach cuma? Níl ann ach píosa craic, ach idir mé féin agus tú féin, ní raibh an fhoghraíocht thar mholadh beirte ag an leaidín beag sin as Leitir Calaidh a tháinig sa gcéad áit. Ach cén chaoi a mbeadh agus gan aon fhocal Gaeilge á labhairt sa mbaile aige, an feairín bocht?’


uktv-the-fast-show-special1-770x385An Té A Cheapann Go Raibh Liosta na Bliana Seo Caite i bhFad Níos Fearr, is féidir 12 cineál Gaeilgeoirí Oireachtas 2015 a léamh anseo


 

Fág freagra ar '15 cineál eile Gaeilgeoirí a chasfar ort ag an Oireachtas i gCill Airne'