3.30 p.m.
SEOLADH OIFIGIÚIL NA FÉILE
Is é Aire Stáit na Gaeilge, na Gaeltachta & na nOileán Joe McHugh T.D. a seolfaidh an fhéile go hoifigiúil.
DUAISEANNA LITEARTHA AN OIREACHTAIS
Fógrófar torthaí shraith comórtas liteartha 2017.
AN GRADAM FOILSITHEOIREACHTA
Fógrófar buaiteoir GHRADAM UÍ SHÚILLEABHÁIN 2017 agus bronnfar duais de €3,000 ar an Teach Foilsitheoireachta & duais de €2,000 ar údar an tsaothair.
IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon
6.30 p.m.
SEOLADH LEABHAIR
‘Súil eile’ le Seán Tadhg Ó Gairbhí
Anailís bheoga, ghéarchúiseach ar scéal na teilifíse Gaeilge le breis agus fiche bliain anuas – bunaithe ar thaighde cuimsitheach an údair agus agallaimh leis na pearsanta a bhfuil na fíorscéalta acu faoi bhunú agus fhorbairt TG4!
IONAD: INEC
7.00 p.m.
CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
Nuacht TG4
IONAD: INEC
8.00 p.m
ÓCÁID BHRONNTA GHRADAIM CHUMARSÁIDE AN OIREACHTAIS
BEO ÓN OIREACHTAS ar Facebook an Oireachtais agus TG4
Bronnfaidh Seán Ó Muimhneacháin, Uachtarán an Oireachtais 2017, Lóchrann an Oireachtais ar bhuaiteoirí Ghradaim Chumarsáide 2017.
IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle
8.00 p.m.
COMÓRTAS ‘BEO’
Amhrán Nuachumtha Gaeilge
Comórtas do dhaoine óga
Arna eagrú ag Foras na Gaeilge
IONAD: Ballroom, Óstán Gleneagle
Fág freagra ar 'OIREACHTAS 2017: Imeachtaí Fhéile Oireachtas na Gaeilge – Dé Céadaoin'