Oilithreacht staire agus spóirt Uí Chinnéide

LÉIRMHEAS: Tógtar GAA USA ar údarás agus ar stíl láithreoireachta réchúisí Dhara Uí Chinnéide, ach níl Clarkson riachtnach nó ag teastáil

16774433821_1ce1bfba79_b

Sa tsraith uaillmhianach GAA USA (TG4, aréir) déanfaidh an chomhghuaillíocht a sholáthraíonn Seó Spóirt iarracht stair an CLG i Meiriceá a ríomh agus a scagadh.

Tá eolas ag an saol Fódlach ar ghaiscí Dhara Uí Chinnéide ar pháirc na caide ach is mar chraoltóir raidió agus teilifíse atá sé ag tuilleamh a chrústa agus ag déanamh gaisce ar na saolta seo.

Déantar an tsraith ceithre chlár seo a thógaint ar stádas agus údarás an Chinnéidigh mar aon lena stíl láithreoireachta réchúisí, caithisí agus nádúrtha.

I dtosach an chláir téann sé ag tochailt sa stair le héachtaint a thabhairt ar fhorás na gcluichí i Meiriceá. Ar an drochuair tá na foinsí staire tearc go maith, cé go bhfuil, mar shampla, tagairt shuimiúil amháin do chluiche iománaíochta idir dhá thábhairne in 1782. Is dócha go dtugann an easpa foinsí staire faoin dtréimhse a ríomhtar sa chéad chlár a léargas féin ar fhorbairt na gcluichí agus eispéireas na n-inimirceach.

Má tá téama amháin nó mothúchán amháin mar shnáth uama ag an gclár, sin é an bród as an bhféiniúlacht Éireannach. Is í an dúthracht sin i leith an cheangail leis an bhfód dúchais a spreag, agus a spreagann, an iliomad daoine leis na cluichí Gaelacha a chaomhnú agus a chur chun cinn: Gael-Mheiriceánach ag caint go mórtasach faoi nasc idir cumann New Jersey agus an Neidín, fear de bhunadh Thír Chonaill ag caint faoin tábhacht daoine ón gcontae dúchais a mhealladh chuig a gclub féin agus gaiscí John Boyle O’Reilly (a bhfuil an club Éireannach sa choilíneacht Dhuibhneach Springfield ainmnithe ina ómós).

Deis comhluadair agus caidrimh iad na cumainn seo dóibh siúd atá ar deoraíocht agus iad ag filleadh ar Éirinn ar feadh scaithimh nuair bhíonn siad ar an ‘bpaiste glas’. Ina theannta sin ar fad déantar tagairt chomh maith do cheist chonspóideach an amaitéarachais, téama go bhfillfear air amach anseo, a déarfainn.

Is léir go raibh an Cinnéideach lárnach sa mheitheal thaighde mar tá máistreacht aige ar an ábhar atá idir lámha aige, agus is léir go ndein lucht déanta na sraithe an t-uafás taighde. Tá sé taifeadta go deas agus tá luas maith faoi cé go gcabhródh grafaicí anseo agus ansiúd nuair atá tréimhsí, cathracha agus clubanna á lua ar dalladh.

Tá Dara Ó Cinnéide agus a chriú ar oilithreacht staire agus spóirt sa tsraith seo agus is fiú go mór a bheith ina bhfochair.

Gaiscí de shaghas eile a raideann Jeremy Clarkson sa nuacht go minic.

Pé acu gur áin leat é nó nach áin caithfear aitheantas a thabhairt dó as an bhfeiniméan teilifíse Top Gear (nár croladh ar BBC 2) a cheapadh agus a chur sa tsiúl. Sé Jeremy a bhí i dtosach cadhnaíochta in aiséirí an chláir in 2002 tar éis don seanleagan teacht chun críche an bhliain roimhe sin tar éis breis agus fiche bliain ar an aer.

Tá sé ag tál airgid ar an Beeb ó shin: is é an clár is mó éileamh é ar BBC 2 agus saothraítear na milliúin as cearta craolta i 212 tír thar lear, DVDanna, seónna beo srl. Tá cad é fothragadh ann anois óir go bhfuil an chuma ar an scéal nach gcraolfar na trí chlár dheireanacha sa tsraith agus go mbuailfidh Clarkson an bóthar, dá dheoin nó dá ainneoin.

Táthar ann a ghránn é mar gheall ar a chumas grinn, a easuarraim agus a chol leis an gceartaiseacht pholaitiúil. Táthar ann a bhfuil  an ghráin acu air mar go bhfuil sé tuathalach, ramhar agus mar gheall ar na ráitis mhaslacha, chiníocha atá déanta aige.

Mo thuairim féin?

Tá sé olc a dhóthain a bheith ag iarraidh a bheith greannmhar nuair nach bhfuil tú ach tá sé seacht n-uaire níos measa ná sin nuair a tánn tú lánchinnte dod chumas grinn. Ní dóigh liom gur láithreoir maith, nádúrtha é Jeremy Clarkson, tá sé chomh simplí leis sin.  Go deimhin tá a leathbhádóirí James May agus Richard Hammond i bhfad Éireann níos cumasaí agus níos nádúrtha ar scáileán.

An dteipfeadh ar Top Gear dá n-imeodh sé? Ní theipfeadh.  Is amhlaidh go mbeadh sé níos fearr – ag glacadh leis ar feadh soicind nach dtabharfadh sé na cosa agus na leathbhádóiorí leis chuig ITV.  Tá gach duine ó Alan Partridge go Chris Evans agus Rowan Atkinson á lua mar oidhre. Siad an chomrádaíocht, amadántaíocht, greann, cairteacha, eachtraíocht agus taisteal máithreacha an chláir – agus tá na cearta ag an mBeeb. Níl Clarkson riachtanach nó ag teastáil.

Fág freagra ar 'Oilithreacht staire agus spóirt Uí Chinnéide'