Oilithreacht ón Ísiltír chuig Cearnóg Albert…

Is mór an t-athrú atá tagtha ar oirthear Londan ó cuireadh tús le EastEnders tríocha bliain ó shin, ach maireann an chearnóg a spreag Albert Square. Chuaigh ár gcolúnaí ar oilithreacht ann in éineacht lena mháthair

IMG_7438

Bhí mo mham seachtó bliain d’aois ag tús an tsamhraidh agus chun sin a cheiliúradh, thug mé ar thuras í go Albert Square, an chearnóg shamhailteach úd in oirthear Londan mar a bhfuil cónaí ar Dot Cotton, Ian Beale, Stacey Slater agus an duine is fearr le mo mham ar an gcearnóg ar fad, Tamwar Masood, an fear óg Pacastáineach a thugann aire don mhargadh.

Is ea, andúileach EastEnders í mo mham. Ábhairín ait, seans, ós rud é go bhfuil cónaí uirthi ar an taobh eile den Mhuir Thuaidh, ach is mó cosúlachtaí idir Sasana agus an Ísiltír ná a bhfuil de dhifríochtaí eatarthu.

Tá sobaldrámaí Ollainneacha ann, leis – tá Goede Tijden, Slechte Tijden (‘Dealaethanta, drochlaethanta’) ar an aer leis an achar céanna, nach mór, agus atá EastEnders – ach tá siad rófhánach, agus seans ródhearfach, do mo mham. Ní gráin agus gruaim go Cearnóg Albert.

Ar an eitleán linn, mar sin, go hAerfort Chathair Londan i gcroílár na ndugthailte le go bhfeicfeadh mo mham lúba na Tamaise, a bhíonn le feiceáil ag tús gach eagráin, ón aer.

Isteach go Whitechapel linn ansin, ceantar san East End ar bhruacha an City, mar a bhfuaireamar lóistín in óstán a bhí á rith ag teaghlach ón mBanglaidéis. 

Phil Mitchell agus Sharon WattsAs an tír sin in oirthear na hÁise do dhaichead faoin gcéad de bhunadh cheantar Whitechapel, agus ba léir dúinn gan mhoill go bhfuil leithéidí Phil Mitchell agus Sharon Watts ag éirí sách gann ina gceantar féin. 

Go deimhin, cuireadh stóirín mo mháthar, Tamwar, agus a mhuintir, na Masoods, isteach in EastEnders sa bhliain 2007 tar éis don Choimisiún um Chomhionannas Cine sa Bhreatain an sobaldráma a cháineadh go géar toisc gur túisce, dar leo, a mheabhródh East End an BBC ceantar aonchineálach geal na 1960í ná ceantar beoga, ilchultúrtha na linne seo. Ceantar ina bhfuil ‘mionlaigh’ ina móramh is ea an taobh thoir de chathair Londan inniu.

Ó thuaidh linn ar ár n-oilithreacht, ar thraein nua shnasta an Overground, a cheanglaíonn ceantair imeallacha Londan dá chéile agus a spreagann forbairtí árasán snasta agus ardú ar an gcostas maireachtála aon áit a dtéann sí.

Amach linn ag stáisiún Dalston Junction, i gcroílár an cheantair ina raibh cónaí ar Tony Holland, duine den bheirt scríbhneoirí scripte a chruthaigh EastEnders

Ar Walford Road a raibh cónaí air, agus bhí cónaí ar Julia Smith, an leath eile den fhoireann beirte, cúpla míle soir ó thuaidh in Walthamstow.

‘Walford’ ar ndóigh, a thugadar ar an gceantar samhailteach in oirthear Londan mar a bhfuil EastEnders suite. Ní an bóthar ar a raibh cónaí ar Holland, áfach, a spreag an tsraith ach cearnóg bheag, míle ó dheas, darb ainm Fassett Square. Sin an áit, go deimhin, a raibh mo thriallse agus triall mo mham.

I stiúideonna an BBC in Elstree, dhá míle déag ó thuaidh as cathair Londan, a dhéantar EastEnders a thaifeadadh. Ach bhí pleananna ann, nuair a bhí an tsraith á forbairt ag Smith agus Holland, chun an sobaldráma ar fad a léiriú ar Fassett Square féin. An fhadhb, áfach, ná go bhfuil ospidéal mór lonnaithe ar an taobh thiar den chearnóg agus nach bhféadfaí sobaldráma a lonnú ar an gcearnóg sin gan ról lárnach a thabhairt d’ospidéal ann, rud nár theastaigh ó Smith agus Holland a dhéanamh.

Albert Square

Go deimhin, is é an t-ospidéal sin, foirgneamh ard brící buí, an difríocht is mó idir cearnóg fhírinneach Fassett Square agus cearnóg shamhailteach Albert Square. Ach ní hé an t-aon difear amháin é. 

Arís eile, cuireadh ar shúile mo mhaime agus ar mo shúile féin gur mór an t-athrú atá tagtha ar oirthear Londan ó cuireadh tús le EastEnders sa bhliain 1985. Ach an oiread le Whitechapel, tá cónaí ar chuid mhór inimirceach agus a sliocht in Dalston; tá ceann de na moscanna is mó i gcathair Londan sa cheantar seo.

Ach, a bhuíochas le Cluichí Oilimpeacha 2012 agus leis an stáisiún Overground go háirithe, tá ‘uaisliú’ á dhéanamh ar an gceantar ar luas lasrach.

Ba léir don dall nach mbeadh sé d’acmhainn ag éinne a bhfuil cónaí air ar chearnóg shamhailteach Albert Square teach a cheannach ar chearnóg fhírinneach Fassett Square sa lá atá inniu ann.

Ach seachas sin, bhí gach rud díreach mar a shamhlófá: na tithe cloiche dhá stór, na ráillí iarainn timpeall ar na gairdíní beaga agus timpeall ar an bpáirc i lár na cearnóige, a raibh dea-chúram á dhéanamh di ag muintir na háite, ba léir. Aire chomh maith sin go raibh geata an pháircín faoi ghlas. 

Chiallaigh sé sin nach rabhamar in ann féinphiceanna a ghlacadh ar an ‘Bench of Tears’, mar a thugann lucht leanúna EastEnders go magúil ar an mbinse i lár an pháircín mar a suíonn carachtair an tsobaldráma síos nuair nach mbíonn smacht acu ar na deora a thuilleadh.

Rinne an cosán taobh amuigh de na ráillí an jab. D’fhanamar tamall ar Tamwar féachaint an dtógfadh seisean grianghraf dínn, ach ní raibh radharc air.

Fág freagra ar 'Oilithreacht ón Ísiltír chuig Cearnóg Albert…'