Oileán nua do theifigh? Plean samhlaíoch ach lochtach…

Réiteodh oileán úrnua i lár na Meánmhara fadhb na dteifeach, dar le dream ailtirí san Ísiltír. Tá samhlaíocht an phlean le moladh – ach tá sé lochtach, a scríobhann ár gcolúnaí

Refugees

Samhlaigh. Oileán nua as an bpíosa, leath bealaigh idir an Túinéis agus an Iodáil. Cuid den Eoraip ó thaobh na polaitíochta de, ach cuid den Afraic ó thaobh an chultúir de. Féinriail i bhfeidhm sa tírín nua agus geilleagar a mbeadh tógáil an oileáin úrnua féin mar bhunchloch faoi. Cónaí ann ar 150,000 teifeach ón Afraic. Seans ar phas Eorpach ag na daoine seo tar éis dóibh cúig bliana a chaitheamh ar an oileán – dá mb’áil leo pas Eorpach fós tar éis dóibh a bheith ina gcónaí ina n-útóipe nua féin.

EIA, nó Europe in Africa an t-ainm atá baiste ag TD Architects ar an togra atá á mholadh acu. Níl mórán samhlaíochta ag baint leis an ainm sin, ach ar mhaithe leis an bplé glacfaimid leis go bhfuil fios a ngnó ag TD Architects nuair atá cúrsaí tógála i gceist agus déanfaimid talamh slán de, ós dream ón Ísiltír atá i gceist, go n-éireodh leo talamh úr a chruthú i lár na farraige.

Ar an suíomh Europe in Africa maíonn na hailtirí go gcuirfeadh an togra deireadh le hiarrachtaí contúirteacha na dteifeach an Eoraip a bhaint amach i mbáid bheaga: seirbhís farantóireachta a cheanglódh an t-oileán nua leis an Afraic. Lena chois sin, maítear ar an suíomh go gcuirfeadh an togra deireadh leis an ngá d’ionaid dídine d’iarrthóirí tearmainn san Eoraip agus leis an inimirce mhídhleathach.

Tá an teicneolaíocht ar fáil, a deir na hailtirí. Níl ag teastáil ach an dea-thoil pholaitiúil.

Oileán úrnua mar réiteach ar cheist na dteifeach: gan amhras, caithfear moladh a thabhairt do shamhlaíocht na n-ailtirí a tháinig aníos leis an smaoineamh seo, go háirithe i bhfianaise éagumas na bpolaiteoirí dul i ngleic leis an ngéarchéim.

Sin ráite, mothaím go bhfuil locht mór ar an scéim seo, agus ar scéim eile den chineál seo a moladh cheana, an togra Refugee Nation a mholann stát úrnua do theifigh ar thalamh atá ann cheana féin.

Dá réabhlóidí agus dá uaillmhianaí iad, feictear dom gurb í an mhian teifigh a choinneáil amach as an Eoraip agus as an gcuid eile den Iarthar a spreag na pleananna seo an chéad lá riamh.

Is maith ann í an teicneolaíocht ach ní réiteoidh sí géarchéim na dteifeach.

Athrú meoin san Eoraip agus sa chuid eile den Iarthar amháin a réiteoidh í.

Cuirimis céad míle fáilte rompu siúd a raibh orthu teitheadh go dtí seo agus tugaimis cothrom na Féinne don Afraic agus don Mheánoirthear ó thaobh na heacnamaíochta agus na polaitíochta de, ionas go mbeidh ar a gcumas siúd a dteastaíonn uathu fanacht ag baile fanacht ag baile. 

Fág freagra ar 'Oileán nua do theifigh? Plean samhlaíoch ach lochtach…'