Oileán naofa agus oileán fuilteach – taisí eile faighte in Iomaí amach ó Chonamara

Réamhscrúdú seandálaíochta déanta ar na taisí a d’aimsigh cuairteoirí a bhí ag spaisteoireacht gar do shéipéal ársa Naomh Feichín

Fahy_Lake,_Omey_Island,_Connemara

Tá an lot atá déanta ag an aimsir ar Oileán Iomaí amach ó chósta an Chladaigh Dhuibh i gConamara tar éis taisí daonna eile a nochtadh sa ngaineamh. 

Tháinig cuairteoirí a bhí ag spaisteoireacht gar do shéipéal ársa Naomh Feichín ar an oileán ar na taisí cúpla lá ó shin. Clúdaíodh na taisí le brat scraitheacha agus tá siad ansin go fóill.

Rinne seandálaí réamhscrúdú ar na taisí. 

D’fhéadfadh sé, de réir an chéad mheastacháin, gur duine sna déaga de bhlianta nó i dtús na bhfichidí a bhí ann ach níl heol fós an fear nó bean a bhí ann. 

Tabharfar na taisí chun bealaigh go gairid go ndéanfar mionscrúdú saotharlainne orthu.  Go hiondúil coinnítear cnámha agus taisí mar seo sa Mhúsaem Náisiúnta i ndiaidh an scrúdaithe.

Ceaptar go raibh na taisí daonna ansin ar an oileán leis na céadta bliain.

Idir an dá linn, tá tuairisc tagtha ar ais anois a bhaineann le taisí daonna na beirte a fuarthas ar oileán Iomaí dhá bhliain ó shin.  Dearbhaíodh gur fear a bhí i nduine acu agus gur ghránna an deireadh a bhí aige. Thaispeáin na tástálacha gur buaileadh iarrataí sa gcloigeann air agus go raibh bior géar ar pé arm a úsáideadh.  Briseadh a bhlaosc agus cnámh a ghrua, gan trácht ar ghortuithe eile.  Ba leis an lámh láidir chomh maith a maraíodh an duine eile a bhí san uaigh chéanna leis. D’fhéadfadh sé, a deir na saineolaithe, gurbh í a bhean a bhí ann ach ní fhéadfaidís a bheith cinnte arbh fhear nó bean a bhí ann.

Tharla na heachtraí fuilteacha sin san aonú haois déag, a deirtear.

Beag beann ar an marú agus ar an mbrúidiúlacht, bhíodh cáil na cráifeachta ar Iomaí.  Ba é Naomh Feichín a chaith ancaire ansin sa seachtú haois, mórán sna blianta céanna ar tháinig Naomh Macdara go Carna, a deirtear.  Nuair a shéid an ghaoth go fíochmhar cúpla geimhreadh ó shin, nochtadh an séipéal agus an bhunáit a bhíodh ag Naomh Feichín agus na manaigh ar Iomaí. 

Tá na clocha bogtha roinnt óna chéile ag an saol agus ag an aimsir ach tá plean anois ag coiste áitiúil le hobair chosanta a dhéanamh ar an láthair. 

Níor lig Naomh Feichín a chuid maidí le sruth ar Iomaí nó go ndeachaigh sé chuig an Ardoileán níos faide siar agus tá Oifig na nOibreacha Poiblí ag obair ansin faoi láthair le cosaint a thabhairt do na fothraigh atá ann. 

Saol sollúnta, suaimhneach a bhí ann de réir cosúlachta ar an Ardoileán, más ea.

Caithfear fanacht tamall anois nó go bhfeicfear – más féidir é – cén tsiocair bháis a bhí ag an té a bhfuarthas a chuid taisí ar Iomaí an tseachtain seo.  Mar is léir nach raibh an t-oileán ársa taobh le cráifeacht agus diagantacht amháin.