Oileáin Árann i lár aighnis, foirne as Conamara i mbaol agus cluichí móra le teacht

Beidh cluichí móra den uile chineál á n-imirt ag foirne Gaeltachta sa tréimhse amach romhainn ach na húdaráis a shocróidh céard atá i ndán d’Oileáin Árann

Oileáin Árann i lár aighnis, foirne as Conamara i mbaol agus cluichí móra le teacht

Foirne Chonamara i mbaol

Beidh dhá chumann Gaeltachta, Mícheál Breathnach agus an Cheathrú Rua, ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gcluiche leathcheannais dícháilithe i gCraobh Shinsir Peile na Gaillimhe i mbliana tar éis d’fhoireann Chois Fharraige a gcluiche in aghaidh na Cealtraí a chailleadh Dé Domhnaigh.

In ainneoin sárthaispeántas ón imreoir contae, Fiontán Ó Curraoin, a d’aimsigh 0-3, ní raibh Mícheál Breathnach sách maith chun Michael Meehan agus an Chealtrach a shárú i Staid an Phiarsaigh. Farasbarr naoi bpointe a bhí idir na foirne ag deireadh na himeartha, 1-14 in aghaidh 0-8, agus tá an baol ann anois go gcaillfeadh Mícheál Breathnach a n-áit i ngrád na sinsear. Sé phointe a bhí siad chun deiridh ag leath ama, 0-10 i gcoinne 0-4, agus cé go raibh cóir na gaoithe ag fir Chois Fharraige sa dara leath, d’éirigh leis an Chealtrach an bhearna sin a mhéadú sa dara leath agus d’aimsigh Stephen Nolan cúl dóibh roimh dheireadh an chluiche.

Is iad Cill Chonla a bheidh ag fanacht ar pé foireann a chaillfeas sa chluiche idir na Breathnaigh agus an Cheathrú Rua tar éis do Bhearna an ceann is fearr a fháil ar fhoireann thuaisceart na Gaillimhe sa chluiche leathcheannais dícháilithe eile inné. Bua cuimsitheach a bhí ag Bearna, 2-17 in aghaidh 0-11, agus ba é Jason Lyons is mó a rinne scrios ar lucht cosanta Chill Chonla. D’aimsigh an tosach cúl agus gan ach sé nóiméad imeartha. Fuair Conor Curran cúil eile sa chéad leath agus bhí Bearna 2-7 in aghaidh 0-5 chun cinn ag leath ama agus an cúram nach mór déanta cheana féin acu.

Oileáin Árann i lár aighneas cáilitheachta eile i nGaillimh

D’éirigh le Baile Chláir an ceann is fearr a fháil ar Chill Choirín/Cluain Bheirn in athimirt chluiche leathcheannais na craoibhe Idirmheánaí i nGaillimh an deireadh seachtaine seo ach níl sé soiléir go fóill cé a bheidh siad ag imirt sa chluiche ceannais.

Bhuaigh Baile Liam ar Oileáin Árann sa bhabhta leathcheannais eile, i ndiaidh chluiche athimeartha coicís ó shin, ach tá gearán déanta ag Oileáin Árann faoi cháilitheacht duine d’imreoirí Bhaile Liam. Tá sé curtha i leith an imreora, a tháinig isteach mar ionadaí san athimirt, gur imir sé i Meiriceá i rith an tsamhraidh gan chead.

Tuigtear gur éirigh le héileamh Oileáin Árann go bhfiosrófaí an scéal ag éisteacht de chuid bhord an chontae an tseachtain seo caite ach nach é sin deireadh an scéil. Tá achomharc á dhéanamh ag Baile Liam.

Cuireadh moill ar Chraobh Shinsir Iomána an chontae cheana féin i mbliana de bharr agóid den chineál céanna. Cé gur bhuaigh an Turlach Mór ar Phort Omna i mbabhta na ngrúpaí, rinneadh gearán gur imir imreoir leis an Turlach Mór nach raibh i dteideal a bheith ag imirt.

Tugadh an cás os comhair bhord an chontae faoi dhó,  agus os comhair Chomhairle Chonnacht ina dhiaidh sin.

Faoi dheireadh, chuir an tÚdarás Réitigh Díospóidí deireadh leis an scéal nuair a dhiúltaigh siad éisteacht le hachomharc an Turlaigh Mhóir.

Lean an chonspóid uile ar aghaidh ar feadh ceithre mhí. Imríodh an cluiche ag tús mí an Mheithimh agus rinneadh an cinneadh deireanach coicís ó shin. Is baolach go mairfidh cás Oileáin Árann chomh fada céanna.

Cluichí móra le teacht

Beidh foirne Gaeltachta eile gnóthach i gcraobhacha Idirmheánacha an deireadh seachtaine seo agus dhá chluiche ceannais ollmhóra á n-imirt.

I dTrá Lí Dé Domhnaigh, tabharfaidh an Ghaeltacht agus an Teampall Nua aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais Idirmheánach peile Chiarraí. Chas na foirne seo ar a chéile i gcraobh na bliana seo caite, nuair a bhuaigh an Teampall Nua ach is beag atá idir na foirne. Tá lucht bainistíochta na Gaeltachta ag feitheamh ar scéala faoi Thomás Ó Sé, a gortaíodh agus é ag imirt do Chiarraí Thiar cúpla seachtain ó shin. Bhí an tosach seo ar fheabhas don Ghaeltacht go dtí seo i mbliana agus is buntáiste mór a bheadh ann dóibh dá mbeadh sé ar fáil.

Beidh coimhlint ollmhór i bPort Láirge chomh maith agus áit bainte amach ag an Rinn i gcluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Iomána an chontae.Is i gcoinne Chluain Fhia i bPáirc an Bhreathnaigh Dé Domhnaigh a bheidh fir na Rinne, tar éis dóibh Craobh Iarthar Phort Láirge a bhuachan an tseachtain seo caite. Bhí an Rinn i bhfad róláidir do Cheapach Choinn sa chluiche sin, agus rinne Donie Breathnach agus Fergal Ó Cuirín, go háirithe, scrios. Tá fir na Gaeltachta anois ag iarraidh stádas na sinsear a chaill siad in 2013 a fháil ar ais.

Fág freagra ar 'Oileáin Árann i lár aighnis, foirne as Conamara i mbaol agus cluichí móra le teacht'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Dearmad déanta aríst ar na fóirne ban Gaeltachta, ag Pádhraic ina thuairisc!