Oileáin Árann, Conamara agus iománaíocht na Gaillimhe…

Tá cleachtadh maith ag muintir Inis Mór le blianta a bheith ag breathnú ar leaid óg i ngeansaí an Chaisleáin ag bualadh an tsliotair roimhe ar bhóithre agus ar thránna an oileáin…

Oileáin Árann, Conamara agus iománaíocht na Gaillimhe…

Imreoir óg na Gaillimhe, Mark Gill. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Nuair a shéid an réiteoir Seán Cleere an fheadóg ag fógairt bhua na Gaillimhe ar Chorcaigh sa gcluiche ceannais deireanach a imreofar choíche i ngrád na mionúr bhí caibidil eile scríofa i stair Chumann Lúthchleas Gael Oileáin Árann mar gur de bhunadh Inis Mór leathchúlaí na mbuaiteoirí Mark Gill.

An Caisleán Gearr an club a bhí thíos do Mark mar gur ansiúd a rugadh agus a tógadh é, ach mura bhfuil dul amú orm ba é a athair Pat an chéad Árannach a chaith geansaí na Gaillimhe i gcluiche craoibhe peile nuair a d’imir sé mionúir agus Faoi 21 don chontae dornán blianta siar. Nuair a chuir seisean faoi i gceann de mhórpharóistí na hiomána, níorbh aon ábhar iontais gurbh í an sliotar i leaba liathróid Uí Néill a tharraing a chlann chucu – d’imir deirfiúracha Mark, Jennifer agus Fiona camógaíocht do Ghaillimh agus tá craobhacha an chontae buaite acu leis an gCaisleán.

Cé go mbeadh sé óg go leor arís an bhliain seo chugainn dá mbeadh comórtas na mionúr fós ann, tá Mark Gill 6’ 3” ar airde. Cé go mba sa líne leathchúil a bhí sé ainmnithe i gcluichí na Gaillimhe in aghaidh an Chláir agus Chill Chainnigh i mbliana ba ar imeall na cearnóige a chaith sé formhór na himeartha agus is rud é go raibh lántosach Chorcaí, Robert Downey, 6’ 5”.

Ar an mbealach chuig Páirc an Chrócaigh dóibh bhí sé chúl agus 58 cúilín scóráilte eatarthu ag líne lántosach Chorcaí – Downey, Evan Sheehan agus Brian Turnbull. Dé Domhnaigh seo caite níor cheadaigh an tÁrannach óg ach aon chúilín amháin dá chéile comhraic agus bhí baint mhór ag an smacht a choinnigh seisean agus a chomhghleacaithe chaon taobh dó le bua a fhoirne.

Tá cleachtadh maith ag muintir Inis Mór le blianta a bheith ag breathnú ar leaid óg i ngeansaí an Chaisleáin ag bualadh an tsliotair roimhe ar bhóithre agus ar thránna an oileáin agus é ansiúd ar saoire. Beidh siad sin agus anois Corn Scéala Éireann ag Mark Gill ar an gcéad chuairt eile a thabharfaidh sé go Cill Rónáin, áit a mbeidh a sheanmháthair, Catherine ag fanacht le fáilte a chur roimhe.

Ní scaoilfear isteach go hInis Meáin arís le mo lá mé mura roinnfidh mé an t-eolas faoin mbaint atá acusan freisin le stair na hiománaíochta.

Ba i mBaile an Mhúir ar an oileán sin a rugadh agus a tógadh Seán Eamoinn Ó Briain agus ní raibh sé ach naoi mbliana déag i 1907 nuair a bhain sé áit amach ar fhoireann shinsir iomána Bhaile Átha Cliath, áit a raibh sé ag obair ag comhlacht clódóireachta. Fuair Cill Chainnigh an ceann ab fhearr orthu i gcluiche ceannais an chúige agus an Brianach i lár na páirce.

De bharr agóidíochta níor ghlac na Cait aon pháirt i gCraobh Laighean an bhliain dár gcionn agus bronnadh Craobh 1908 ar Bhaile Átha Cliath agus bonn ar fhear Bhaile an Mhúir.

D’fhág an agóidíocht go raibh tús 1909 tagtha faoin am ar cuireadh dlús le babhtaí deireanacha craoibhe na bliana roimhe agus bhí Seán Ó Briain i lár na páirce i mbua Bhaile Átha Cliath ar an gCabhán i gCluiche Leathcheannais na hÉireann agus arís sa gcluiche ceannais agus san athimirt in aghaidh na dTiobradach a thug an corn leo agus Tom Semple, a bhfuil an pháirc i nDurlas ainmnithe ina ómós, mar chaptaen orthu.

Throid Seán Éamoinn Ó Briain in Éirí Amach 1916 i Sráid an Rí Thuaidh agus chaith sé tamaill i ngéibheann i bpríosúin Wormwood Scrubs agus Stafford i Sasana, chomh maith le campa géibhinn Frongoch sa mBreatain Bheag.

Obair freisin a thug Máirtín Ó Mainnín as an Turlach i Ros Muc chun na príomhchathrach nuair a bhí a chuid scolaíochta déanta aige i nGairmscoil na bPiarsach i dtús na 1950idí.

Sa mbliain 1954, bhain sé áit amach ar fhoireann Bhaile Átha Cliath a bhuaigh ar Laois agus ansin ar Chill Chainnigh i gCluiche Ceannais Mionúir Chúige Laighean. Tar éis dóibh dromáil a thabhairt d’Aontroim i mbabhta leathcheannais na hÉireann thugadar aghaidh ar fhoireann as Tiobraid Árann a bhí ag iarraidh an chraobh a bhreith leo don tríú bliain as a chéile. Baile Átha Cliath a bhuaigh agus bhí bonn chraobh na hÉireann ag fear Ros Muc, a d’imir iománaíocht go leor leis an Spidéal ina dhiaidh sin mar nach raibh aon chumann ina cheantar dúchais.

Ar fhoirne sin an Spidéil leis bhí Micheál ‘Tex’ Ó Droighneáin a d’imir do Ghaillimh i bPáirc an Chrócaigh é féin i gCluiche Ceannais Sóisearach na hÉireann 1957, mar a rinne Mike Ó Conghaile as Cumann Mícheál Breathnach i gcluiche ceannais na mionúr in 2012.