Oileáin Árann ‘an-bródúil’ as Seán, captaen fhoireann mhionúir na Gaillimhe

Is é Seán Ó Maoilchiaráin as Inis Mór an chéad fhear as na hoileáin le bheith ina chaptaen ar fhoireann na Gaillimhe

Oileáin Árann ‘an-bródúil’ as Seán, captaen fhoireann mhionúir na Gaillimhe

Seán Ó Maoilchiaráin (ar dheis) ag ceiliúradh le Earnán McDonagh i ndiaidh chluiche ceannais mhionúir Chonnacht 2016. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Bliain thar na bearta ab ea 2017 do CLG Oileáin Árann go dtí seo.

Go dtí seo i mbliana, bhuaigh Oileáin Árann Craobh Shinsir na Gaillimhe i gComórtas Peile na Gaeltachta den chéad uair riamh, bhí beirt dá gcuid imreoirí, Colm Ó Braonáin agus Patrick Ó Domhnaill, ar phainéal na Gaillimhe a shroich cluiche ceannais Faoi-21 na hÉireann agus tá siad anois ag ullmhú do chluiche ceathrú ceannais i gCraobh Idirmheánach na Gaillimhe, babhta nár shroich siad riamh roimhe seo.

Beidh ábhar ceiliúrtha eile acu an Domhnach seo nuair a bheidh duine d’imreoirí an chumainn, Seán Ó Maoilchiaráin, ina chaptaen ar fhoireann mhionúir na Gaillimhe a thabharfaidh aghaidh ar Shligeach i gcluiche ceannais Chonnacht.

Pé toradh a bheidh ann i Staid an Phiarsaigh ar an Domhnach, deir Cathaoirleach CLG Oileáin Árann, Páraic Ó Fátharta, go bhfuil an cumann uile thar a bheith mórtasach as an imreoir.

“I ndáiríre, is mór an onóir don chumann aon am go mbeadh duine dár gcuid imreoirí ag cur chun páirce ar son na Gaillimhe.” a deir Ó Fátharta. “Ach a bheith ar an bhfoireann mhionúir don dara bliain as a chéile, mar atá Seán, agus é ina chaptaen i mbliana, níl aon dabht ar bith faoi ach gur mór an onóir don chlub é.”

Dar leis an bhFáthartach, ní hamháin gurb é Ó Maoilchiaráin an chéad fhear as na hoileáin a bhí ina chaptaen ar fhoireann na Gaillimhe, ach ba é an chéad imreoir ón gcumann a d’imir i gcluiche ceannais na hÉireann chomh maith nuair a bhí sé ina lánchúlaí i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh, cluiche a chaill na Gaillimhigh i gcoinne Chiarraí.

Bhain Ó Maoilchiaráin clú amach ar dtús mar dhamhsóir agus mar cheoltóir agus é ar dhuine de na ‘Mulkerrin Brothers’, taobh lena dheartháireacha Pádraig agus Éamonn, a bhuaigh The All Ireland Talent Show in 2009. Is ar pháirc na himeartha atá na steipeanna á ndéanamh ag fear Inis Mór anois agus a cháil amuigh ar fud na Gaillimhe agus níos faide ó bhaile mar chosantóir óg cumasach.

“I mo thuairim féin, tá sé an-stuama,” a deir Ó Fátharta. “Ní dhéanann sé mórán botún. Bíonn sé stuama agus cuireann sé ord ar na fir a bhíonn timpeall air. Is cosantóir maith é ar na bealaí sin agus sin é an cineál captaein a bheadh ann chomh maith.”

Chomh maith le Seán Ó Maoilchiaráin, Colm Ó Braonáin agus Patrick Ó Domhnaill, tá roinnt imreoirí eile ó CLG Oileáin Árann a chuir geansaí marún na Gaillimhe orthu le blianta beaga anuas, ina measc Peadar Éanna Seoighe, Ciarán Ó Domhnaill agus Aonghus Ó hIarnáin, rud a léiríonn an dul chun cinn atá déanta ó tháinig na trí oileán le chéile chun aon chumann amháin a bhunú beagán os cionn 20 bliain ó shin.

Mar a deir Ó Fátharta, bíonn díograis ar leith ag teastáil ón oileánach ar mian leis a bheith ina pheileadóir, bíodh sin ag leibhéal an chontae nó aon leibhéal eile.

“Tá sé deacair. Ní sé éasca acu teacht le chéile don traenáil agus rudaí ach is dóigh nach bhfuil aon dul as, fiú don chumann. Nuair atá cluiche baile againn, má bhíonn muid ag imirt in Inis Oírr, caithfidh muintir Inis Mór dul amach ar an mbád go Ros an Mhíl ar maidin, isteach go hInis Oírr, amach tráthnóna agus isteach chuig Inis Móir arís.

“An fhoireann a bheadh muid a imirt, bheadh siadsan sa mbaile sula mbeadh cuid dár gcuid imreoirí féin, agus sin do chluiche baile!”

Bíonn an fhadhb chéanna ag an lucht tacaíochta agus iad ag iarraidh a gcomrádaithe a fheiceáil i ngeansaí an chumainn nó i ngeansaí an chontae. Is minic go mbíonn ar dhuine fanacht thar oíche ar an mórthír chun dul ag chluiche ach mar sin féin bíonn siad ag na cluichí.

“An méid sin ar fad ráite,” a deir Ó Fátharta, “nuair a fheiceann tú rudaí mar seo ag tarlú agus cuid dár gcuid imreoirí ag baint ionadaíocht amach ar fhoireann an chontae, mar atá Seán anois ina chaptaen na mionúr, is fiú ar fad é is dóigh, is fiú ar fad é.”

Fág freagra ar 'Oileáin Árann ‘an-bródúil’ as Seán, captaen fhoireann mhionúir na Gaillimhe'