Oidhreacht Ted Kennedy á cíoradh i gcónaí agus scannán faoi Chappaquiddick ar na bacáin

Chuir colúnaí mór le rá an milleán an tseachtain seo ar Ted Kennedy as fadhbanna inimirce Stáit Aontaithe Mheiriceá, ach is mó spéis a chuirfear i scannán nua faoin eachtra is conspóidí a bhain leis

Oidhreacht Ted Kennedy á cíoradh i gcónaí agus scannán faoi Chappaquiddick ar na bacáin

An t-iarsheanadóir Ted Kennedy. Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Is é Ted Kennedy is ciontaí as an mbrachán ina bhfuil cúrsaí inimirce i Stáit Aontaithe Mheiriceá anois. Sin é a deir Howie Carr, an colúnaí cumhachtach, géarfhoclach a scríobhann do The Boston Herald, an tseachtain seo.    

Caoga bliain ó shin a tharla an chéad mhórbhotún, a deir Carr agus ba é Ted Kennedy ba chúis leis an athrú seo. 

Bheadh díospóireacht agus easaontas ann faoin téarmaíocht a úsáideann Carr faoi cheist na  hinimirce agus an bhail atá ar na cúrsaí sin anois.  Ní bheadh daoine ar aon intinn cé acu ab fhearr na seanbhealaí, roimh 1965, nó an bhfuil an córas atá ann ó shin (agus roinnt athruithe air) níos cothroime agus níos daonna. 

Ach, san am céanna, tá an ceart ag  Howie Carr faoin lámh a bhí ag Ted Kennedy san athrú mór a tharla i 1965. 

Ar an taobh eile den scéal, tá cúrsaí na linne sin níos casta ná mar atá ráite san alt seo i gceann de na nuachtáin mhóra i gcathair dhúchais an Chinnéidigh.

Ba le linn thréimhse uachtaránachta John F. Kennedy a thosaigh an iarracht mhór  le hathrú bunúsach a chur ar dhlíthe inimirce Mheiriceá. Roimhe sin bhí buntáiste mór ag tíortha na hEorpa, Éire ina measc. 

Ach bhí sruth nua smaointeoireachta le linn réimeas an Chinnéidigh.  Bhí cearta le tabhairt don phobal dubh sna Stáit Aontaithe agus bhí cearta le tabhairt do thíortha eile i gcóras inimirce Mheiriceá.  Tosaíodh ag réiteach an chórais nua. 

Ach, idir an dá linn, feallmharaíodh an tUachtarán Ó Cinnéide.  Ina dhiaidh sin, chuir an tUachtarán Johnson deartháir an Uachtaráin, an Seanadóir Ted Kennedy, i gceannas ar stiúradh an Bhille tríd an Seanad agus Teach na Comhdhála i Washington.   Vótáil Tithe na Comhdhála ar son an Achta, an tAcht Náisiúnachais agus Inimirce 1965. 

Níorbh léir don Chinnéideach ná do mhórán polaiteoir ar bith eile, is cosúil, go dtiocfadh an oiread d’athrú ar Mheiriceá dá bharr.  Luaigh Kennedy féin nach dtiocfadh ach 5,000 as an Áise ach tháinig na milliúin as Meiriceá Theas, an Mhuir Chairib agus an Áise sna blianta ó shin.

Ní móide go gcuirfidh an sceanairt a thug Howie Carr dó an tseachtain seo ann ná as do cháil an Chinnéidigh anois.  Bhásaigh sé in 2009 agus é fós ina Sheanadóir do Stát Massachusetts, os cionn 40 bliain ó cuireadh an tAcht Inimirce i bhfeidhm. 

Ach, ar shráideanna Bhostúin, agus ag láithreacha eile i Massachusetts an tseachtain seo tá imeachtaí eile ag tosú a fhágfaidh go ndúiseofar an eachtra ba mheasa a bhain le Ted Kennedy.  Tá scannán á dhéanamh faoi Chappaquiddick.

Ar an 18 Iúil 1969 d’imigh an carr a bhí á thiomáint ag Ted Kennedy den droichead i Chappaquiddick i gceantar Martha’s Vineyard i Massachusetts. 

Bhí bean óg ina chuideachta sa gcarr, Mary Joe Kopechne.  D’éirigh leis an gCinnéideach a theacht slán as an gcarr ach fuair Mary Joe Kopechne bás.

Bhí sé ocht n-uaire an chloig ina dhiaidh sin sular thug Kennedy tuairisc do na póilíní faoina raibh tarlaithe.

D’fhágadar beirt cóisir a bhí eagraithe do dhream rúnaithe a d’oibrigh do Robert Kennedy le linn a fheachtais toghchánaíochta, feallmharaíodh Robert Kennedy an bhliain roimhe sin.   

Bhain conspóid ollmhór leis an eachtra. 

Bhí gach uile insint ar an scéal.  Bhí líomhaintí ann go raibh Kennedy i mbun caidrimh le Kopechne.  Dúradh go raibh sé ar meisce.  Dúradh go raibh athair an tSeanadóra Kennedy, Joe Kennedy, ag iarraidh bealach éigin a shocrú sna huaireanta tar éis na timpiste le cosaint a dhéanamh ar a mhac agus an scéal a chur i bhfolach. 

B’in, de réir scéil, an chúis nár cuireadh glaoch ar na seirbhísí éigeandála agus na póilíní nuair a tharla an timpiste.

Tá os cionn leathscór leabhar scríofa faoi chás Mhary Joe Kopechne ach seo é an chéad uair a ndearnadh scannán den scéal. 

Tá an fhoireann roghnaithe.  Jason Clarke, aisteoir Astrálach, a bheidh i bpáirt Ted Kennedy.  Is í Kate Mara a bheidh i bpáirt Mary Joe Kopechne agus Bruce Dent a dhéanfaidh páirt Joe Kennedy – athair an tSeanadóra. 

Beidh cuimhne ag daoine atá níos sine ar scéal Chappaquiddick agus roinnt de na sonraí ligthe i ndearmad ag go leor acu.  Níl aon chuimhne ag an nglúin óg ar an scéal ná ar an gconspóid, ná aon suim acu ann, b’fhéidir. 

Ach,  is é an scáileán an bealach is éifeachtaí leis na sonraí sin a chur os comhair an domhain aríst.  Tá dráma agus tragóid ag baint leis an scéal, tá sé bunaithe ar fhíorscéal agus ní bhfaighidh tú ábhar níos fearr ná sin le haird an phobail a tharraingt ar scannán.

Sheachain Ted Kennedy caint ar bith ar chás Chappaquiddick agus Mary Joe Kopechne i gcaitheamh a shaoil ach amháin ina leabhar dírbheathaisnéiseach, True Compass

Leabhar toirtiúil é, ina bhfuil os cionn 500 leathanach.  Baineann trí cinn acu le Chappaquiddick.  Séanann Kennedy go raibh aon chaidreamh idir é féin agus Mary Jo Kopechne agus deir nach bhfuil brí ná ciall le cuimse dá bhfuil ráite faoi imeachtaí na hoíche sin. 

Bhí sé ag tabhairt Mary Joe Kopechne ar ais chuig an óstán, a deir sé. Ní raibh eolas aige san áit, bhí an droichead cúng agus sciorr an carr. 

Ní raibh a fhios aige beo cén chaoi ar tháinig sé as an gcarr.  Thriail sé a dhul sa tóir ar Mary Jo ach níor éirigh leis.  D’imigh sé roimhe sa dorchadas.  Bhí sé scanraithe agus líonraithe.  Rinne sé botún uafásach, a deir sé.  “That night on Chappaquiddick Island ended in a horrible tragedy that haunts me every day of my life,” a scríobh Kennedy ina bheathaisnéis.

Bhásaigh Ted Kennedy ar an 25 Lúnasa 2009.  Cinnteoidh an scannán seo go leanfaidh Chappaquiddick go tearmann na reilige féin é.