Oíche ag an mbailé le bod bréige agus liathróidíní beaga dearga!

Is fiú míle focal radharc damhsa comhaimseartha, a scríobhann ár gcolúnaí

Oíche ag an mbailé le bod bréige agus liathróidíní beaga dearga!

Deirtear gur fiú míle focal íomhá amháin. Tá an rud céanna fíor faoin damhsa comhaimseartha.

D’fhéadfadh duine tráchtas dhá chéad leathanach a scríobh faoin gcaoi a bhfuil cos-ar-bolg á himirt leis na mílte bliain anuas ag stát, eaglais agus sochaí ar mhná agus ar dhaoine aeracha, leispiacha agus trasinscneacha – nó d’fhéadfadh duine bod bréige a chroitheadh in aghaidh dhuine eile ar feadh nóiméad nó dhó. 

Sin é a rinne damhsóir amháin ar dhamhsóir eile i dtaispeántas damhsa comhaimseartha ar fhreastail mé air an tseachtain seo i gcathair Salvador sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm.

Dá áiféisí an chuma atá ar mo chur síos ar an gcur chuige sin i bhfocail, ba chumhachtach an radharc é.

Ach níorbh é sin an rud ba shuimiúla a tharla le linn an taispeántais, seó damhsa de chuid compántas bailé an stáit Bahia.

Theastaigh ó na léiritheoirí aghaidh a thabhairt ar cheisteanna éagsúla a bhaineann le hinscne. Bhain an radharc ba chumhachtaí as an seó ar fad le trasinscneach, nó bean a rugadh i gcorp fir agus ar theastaigh colainn mhná uaithi, mar a dúradh sa Ghaeilge cheart ariamh. 

Is é an chaoi gur tugadh liathróidíní beaga dearga (an cineál sin a d’fheicfeadh duine i linn liathróidí do pháistí) don lucht féachana roimh thús an tseó. Nuair a thosaigh an carachtar trasinscneach á ghléasadh féin mar bhean, thosaigh na damhsóirí eile ag déanamh bulaíochta air, go fisiciúil agus le focail. Bhí liathróidí beaga dearga dá gcuid féin acu, agus thosaigh siad á gcaitheamh sin leis an gcarachtar trasinscneach.

Ag an bpointe sin, chuaigh damhsóir ban timpeall sa lucht féachana arís chun tuilleadh liathróidíní a dháileadh, agus dúirt sí, i nglór gríosaitheach, go raibh fáilte is fiche roimh dhaoine a gcuid liathróidíní dearga a chaitheamh leis an gcarachtar trasinscneach ar an stáitse.

Ar an bpointe boise, caitheadh os cionn céad liathróidín leis an gcarachtar.

Soicind ina dhiaidh sin, áfach, tháinig damhsóir ard isteach ar an taobh eile den stáitse, fear ard déanta gorm a raibh fo-éadaí ban agus sála arda á gcaitheamh aige. Samhlaigh Grace Jones tar éis cúpla bliain ar hormóin fáis. Rug an damhsóir seo ar an maidhc agus labhair leis an lucht féachana.

‘Céard é an fhadhb?’ a d’fhiafraigh sé, fearg air. D’fhan an lucht féachana ina dtost. Shiúil an damhsóir chomh fada le fear óg féasógach a bhí ina shuí sa chéad sraith.

‘Ar chaith tusa liathróidín?’

‘Bhí gach duine á gcaitheamh,’ a dúirt an fear.

‘Agus dá léimfeadh gach duine ó bharr aille, an ndéanfá aithris orthu freisin?’ a d’fhiafraigh an damhsóir.

D’fhan an fear óg féasógach ina thost, agus an chuid eile den lucht féachana freisin. Arís eile, léiríodh an chontúirt a bhaineann le meon an ghrúpa: ní bhíonn ag teastáil ach glór láidir, gríosaitheach (an damhsóir a dháil na liathróidíní beaga dearga ar an lucht féachana) chun scata naitsithe a dhéanamh de dhaoine measúla.

Bhí tuar beag dóchais ann nuair a lasadh na soilse ag deireadh an tseó, áfach. Bhí oiread liathróidíní beaga fágtha ar na suíocháin agus a bhí ina luí ar an stáitse.

Fág freagra ar 'Oíche ag an mbailé le bod bréige agus liathróidíní beaga dearga!'