Ógánaigh Chill Chainnigh ag iarraidh Corcaigh a choinneáil faoi chois

Tá deis tugtha ag lucht bainistíochta Chill Chainnigh do roinnt imreoirí nua sa tsraith i mbliana agus tá dúshlán ar leith rompu tráthnóna agus iad ag tabhairt aghaidh ar Chorcaigh i gcluiche ceannais na sraithe

Ógánaigh Chill Chainnigh ag iarraidh Corcaigh a choinneáil faoi chois

Imreoir Chorcaí, Katrina Mackey. INPHO/Ryan Byrne

Cill Chainnigh v Corcaigh, Páirc na nGael, 1.30pm

Nuair a thug foireann camógaíochta Chill Chainnigh corn na sraithe leo ag tús mhí an Mheithimh seo caite, b’iontach an spreagadh dóibh é agus faoi dheireadh an t-séasúir bhí Craobh na hÉireann buaite acu chomh maith. Beidh bainisteoir na foirne, Ann Downey, ag súil go dtarlóidh an rud céanna i mbliana ach caithfidh siad an ceann is fearr a fháil ar Chorcaigh ar dtús tráthnóna.

Níor éirigh le h-aon fhoireann an ceann is fearr a fháil ar mhná Chorcaí fós an t-earrach seo agus bhí bua aon phointe amháin ar Chill Chainnigh ag tús na míosa seo. Is léir go bhfuil siad dírithe ar an gcraobh a thabhairt leo arís i mbliana i ndiaidh dóibh cluiche ceannais na bliana seo caite a chailleadh.

Mar léiriú ar a ndíocas, chinn captaen nua na foirne, Rena Buckley, díriú ar an gcamógaíocht don tsraith, ar a laghad, agus a rian sin le feiceáil sna taispeántais iontacha atá tugtha uaithi aici mar lánchúlaí.

Tá ag éirí go hiontach le Katrina Mackey sna tosaithe in 2017. Is í bean Dhúglais príomhnaoscaire na foirne agus 3-32 aimsithe aici go dtí seo sa tsraith, 1-8 in aghaidh Luimnigh sa chluiche leathcheannais san áireamh.

Ní raibh rudaí chomh bog céanna ag Cill Chainnigh i rith an earraigh. Anuas ar an gcluiche a chaill siad in aghaidh Chorcaí, chaill na Cait i gcoinne Loch Garman sa tsraith chomh maith. Mar sin féin, rinne siad a ndóthain cáiliú óna ngrúpa.

Tá deis tugtha ag an mbainistíocht do go leor imreoirí óga sa tsraith go dtí seo agus ba léir sa chluiche leathcheannais in aghaidh na Gaillimhe go bhfuil siad ag foghlaim. Bhí Cill Chainnigh dhá phointe chun deiridh ag leath ama sa chluiche sin ach tháinig feabhas ollmhór orthu agus bhí sé phointe d’fharasbarr acu sa deireadh, 1-14 in aghaidh 0-11.

Tabharfaidh an méid sin misneach dóibh ach seans go seasfaidh taithí Chorcaí leo tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Corcaigh

Fág freagra ar 'Ógánaigh Chill Chainnigh ag iarraidh Corcaigh a choinneáil faoi chois'