Óg go deo – fuil á haistriú ó ógánaigh le daoine ‘a chosaint’ ar an tseanaois

Tá daoine in California sásta $8,000 a íoc ar theiripe nua nach bhfuil tástáil chliniciúil déanta uirthi fós le cuma na hóige a choinneáil orthu féin

Óg go deo – fuil á haistriú ó ógánaigh le daoine ‘a chosaint’ ar an tseanaois

Is cosúil nach bhfuil teorainn ar bith leis na hiarrachtaí a dhéanfaidh daoine le cuma na hóige a choinneáil orthu féin agus le maireachtáil chomh fada agus is féidir i dTír na nÓg.

Tá cuid mhaith cainte tarraingthe le tamall anuas ag tuairiscí in irisí faisin agus eolaíochta faoi chomhlacht in California Mheiriceá atá ag tairiscint aistriú fola ó dhéagóirí do dhaoine atá ag dul in aois a bhfuil súil acu go gcoinneofar ‘óg’ iad.

Tá táille $8,000 an duine á gearradh ag an comhlacht Ambrosia ar dhaoine os cionn 35 bliain d’aois le haistriú fola a fháil ó dhéagóirí nó ó dhaoine atá ar a laghad faoi bhun 25 bliain d’aois.

Deir an Dochtúir Jesse Karmazin atá i gceannas ar chlinic Ambrosia go bhfuil thart ar 100 duine tar éis leas a bhaint as a gcuid seirbhísí cheana féin agus dóchas aige go méadóidh an t-éileamh go mór.

Níl aon bharántas á thabhairt ag an Dr Karmazin go gcinnteoidh an t-aistriú fola ó ógánaigh go mairfidh daoine níos faide nó go mbeidh cuma níos óigeanta orthu ach tá taighde eolaíochta déanta in Ollscoil Stanford a chruthaíonn go n-oibríonn a leithéid d’aistriú fola i gcás na luchóg.

Níl cruthú eolaíochta ná cliniciúil ar bith ann go dtí seo go mbeidh an toradh céanna i gceist i gcás an duine ach ní stopfaidh sin daoine áirithe ó dhul sa seans.

Maíonn an Dr Karmazin, a rinne a chuid staidéar leighis féin in Ollscoil Stanford, nach ar thóir blianta na hóige arís atá go leor de na daoine atá tagtha chuig a chlinic agus go gcreideann cuid acu go bhfuil buntáistí ag baint le haistriú fola ó ógánaigh le dul in ngleic le galair éagsúla, ina measc galar Alzheimer, ailse agus diaibéiteas. D’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith aige freisin ar an cholaistéaról, dar leis. 

Daoine sna caogaidí agus sna seascaidí is mó atá ag baint leas as an teiripe nua atá á tairiscint ag Ambrosia ach tá beirt atá 92 bliain d’aois i measc a chuid cliant ansin faoi láthair.  Ní ghlactar ach le daoine atá os cionn 35 bliain sa chlinic de réir polasaí atá aontaithe le lucht rialaithe leighis i Meiriceá.

Ceannaíonn Ambrosia an soláthar fola ó bhainc fola; ceadaítear do dhochtúirí agus do chlinicí i Meiriceá fuil a cheannach mar a cheannódh duine cógas leighis i gcógaslann anseo. Ar an mbealach sin is féidir leis an Dr Karmazin plasma fola ó ógánaigh a ordú agus beidh an tástáil eolaíochta agus an barántas céanna leis ó thaobh sláinte agus sábháilteachta agus a bheadh le fuil ar bith a úsáidtear in ospidéil ar fud an domhain.

Ach níl gach duine ar aon fhocal faoin obair atá ar siúl ag an Dr Karmazin agus ina measc sin a bhfuil amhras léirithe acu tá duine de na heolaithe as Ollscoil Stanford a bhí páirteach sa taighde a raibh toradh dearfach air maidir le haistriú fola i luchóga in 2014.

Dúirt an Dr Tony Wyss-Coray nach bhfuil fianaise chliniciúil ar bith ann go mbeidh dea-thoradh ag an gcineál seo aistriú fola ar bheatha an duine, go bhfuiltear ag baint mí-úsáide as iontaoibh na ndaoine agus gur ag cothú dóchais gan bhunús a bhí na hiarrachtaí seo i measc an phobail.

Ní hé seo an chéad uair gur baineadh úsáid as táirgí fola le dul i ngleic leis an aois. Bhí cuid mhór cainte ceithre bliana ó shin nuair a thug Kim Kardashian faoi theiripe ar a dtugtar ‘Vampire Facial’. Sa chás sin, déantar fuil duine a instealladh isteach in aghaidh an duine féin le snáthaid an-chaol le dul i ngleic le roic agus línte eile agus cuma níos óige a fhágáil ar an gcraiceann. Rinne a deirfiúr, Kourtney, an beart céanna an tseachtain seo caite.

Ach is céim eile ar fad é an t-aistriú fola ó ógánaigh mar uirlis faisin agus smididh.

Ón nGréigis a thagann an focal Ambrosia a roghnaigh an Dr Karmazin mar ainm dá chlinic.

Ciallaíonn sé rud a bhfuil buaine ag baint leis, a mhairfidh go deo.  Más aon leide an phoiblíocht atá faighte ag an teiripe nua sna hirisí eolaíochta agus faisin le gairid d’fhéadfadh go mairfidh Ambrosia fada go leor.

Mairfidh sé fad is atá daoine sásta scaradh le €8,000 ar instealladh seo na hóige.

 

Fág freagra ar 'Óg go deo – fuil á haistriú ó ógánaigh le daoine ‘a chosaint’ ar an tseanaois'