Ocht mbronntanas Vailintín ag an nóiméad deireanach…

Seachain féiríní a bhfuil branda Vailintín orthu atá suarach, saor, gáifeach nó gránna a deir ár gcomhfhreagraí a bhfuil roinnt moltaí aici don té atá ar thóir inspioráide agus lá mór an ghrá buailte linn

Ocht mbronntanas Vailintín ag an nóiméad deireanach…

Tá Lá Fhéile Vailintín buailte linn agus gan ach cúpla lá fágtha le bronntanas deas a cheannach d’ócáid mhór bhliantúil an ghrá.  Ní dócha go bhfuil aon fhéile eile ann a gcuirtear oiread airgid amú ar bhronntanais nach bhfuil mórán fáilte rompu ná meas orthu agus a bhíonn caite ar leataobh ar an bpointe boise.

Tá an oiread sin bronntanais ‘speisialta’ curtha ar fáil don ócáid le branda Vailintín orthu atá suarach, saor, gáifeach nó gránna gur cheart do dhuine beagán machnaimh a dhéanamh sula dtéitear ag caitheamh airgid. Caithfidh go mbíonn fonn gáire ar lucht díolta bláthanna agus seacláidí nuair a fheiceann siad daoine atá sásta dúbailt an phraghais nó níos mó a íoc ar a gcuid táirgí don lá áirithe seo.

An chomhairle is fearr ná smaoineamh go cúramach ar an aithne atá agat ar an duine agus féachaint le bronntanas atá oiriúnach don duine sin a roghnú.  Chuala mé trácht ar bhean óg amháin a bhí an-sásta leis an mbuidéal lóis iarbhearrtha an-deas agus costasach a bhí ceannaithe aici don bhuachaill a raibh sí mór leis ach ba chosúil nach raibh sé tugtha faoi deara aicí go raibh féasóg air!

Seo chugaibh, ag an nóiméad deireanach, roinnt moltaí do bhronntanais d’fhir agus do mhná ar cheart go mbeadh fáilte rompu.

Pailéad scáthaithe súl ar a dtugtar Dusky Rose Times Nine ó MAC ar chostas €33.50. An rud is fearr faoin bpailéad seo ná go bhfuil na dathanna roghnaithe duit cheana féin agus iad ag teacht le chéile go deas. Beidh moladh ag dul don té a cheannóidh an féirín seo mar go gceapfar gur caitheadh dua ag roghnú na ndathanna cé go bhfuil sé sin déanta go snasta ag an gcomhlacht sa chás seo.

 

 

Coinneal dheas agus boladh álainn uirthi ón gcomhlacht Cloon Keen Atelier. Duilleoga Cassis an boladh atá ar an gceann atá roghnaithe agamsa ar €40.00. Ar ndóigh, tá rogha eile stíleanna le fáil uathu, mar sin is cinnte go dtiocfaidh tú ar cheann a thaitneoidh go mór leat.

 

Más suim leat bronntanas úsáideach, clasaiceach agus simplí, is rogha iontach iad na buataisí ísle seo ar a dtugtar Chelsea Boots ón gcomhlacht & Other Stories ar chostas €125.00. Tá rogha idir dubh agus dúdhearg agus iad ar fáil i leathar, svaeid nó craiceann nathrach. Bí cinnte go bhfaighidh tú an tomhas ceart!

 

Dath an óir atá ar an slabhra muince seo ón gcomhlacht Links of London a bhfuil dearadh croí air ar chostas €245.00. Tá diamaint bheaga mar mhaisiúchán air agus é oiriúnach le caitheamh ag ócáidí foirmeálta agus neamhfhoirmeálta.

 

Tá boladh álainn ar an lóis iarbhearrtha seo ar dtugtar 1 Million ó Paco Rabanne. Tá fáil air go forleathan ar chostas €61 ar 100ml.

 

Péire deas lúibíní cufa ar a dtugtar Jannino leis an dearthóir Gearmánach Hugo Boss ar chostas €80.00. Tá dearadh nua-aimseartha ciorclach orthu agus dathanna airgid agus óir orthu. Bheidh siad seo thar cionn le cuma fhaiseanta a chur ar léine chlasaiceach.

 

Geansaí álainn olla ar a dtugtar Roxen ó Barbour a choinneoidh duine deas teolaí ar chostas €85.00. Tá dath liath ar an gceann seo agus is féidir é a chaitheamh le léine nó faoi chóta.

 

Dóibh siúd nach féidir leo feidhmiú gan a gcuid caife, seo bronntanas deas ón gcomhlacht Alessi. Tá costas €155 ar an meaisín beag seo ach tá sé sách mór le sé cinn de chupáin espresso a dhéanamh ag an am céanna.