Ócáid thragóideach i stair Ghaoth Dobhair á tabhairt chun cuimhne inniu

An 15 Lúnasa 1880, tharla tuile inar bádh cúigear i dteach pobail na nDoirí Beaga

Ócáid thragóideach i stair Ghaoth Dobhair á tabhairt chun cuimhne inniu

Tabharfar chun cuimhne ócáid thragóideach i stair Ghaoth Dobhair inniu agus aifreann cuimhneacháin ar siúl cothrom an lae ó tharla tuile sa pharóiste in 1880.

Ba ar Lá Fhéile Muire Mór, an 15 Lúnasa, a tharla an tuile i dteach pobail na nDoirí Beaga.

Le linn báisteach throm chuaigh an abhainn, a bhí ag rith faoin teach pobail, thar a bruacha agus thosaigh an t-uisce ag ardú.

Bhí Aifreann ar siúl ag an am agus lean an sagart ar aghaidh go dtí go raibh barraíocht uisce sa teach pobail.

De réir an tseanchais bhí leanbh á bhaisteadh ann an lá sin agus cuireadh an páiste in airde ar an mbosca faoistine lena shábháil ón uisce.

Bádh cúigear an lá sin, ina measc Séamus Ó Fearraigh, cléireach aifrinn trí bliana déag a tharrtháil go leor daoine le linn na tuile.

Ba iad Gráinne Nic Gairbheith, Niall Ó Dochartaigh, Anraí Ó Gallchóir agus Conal Ó Baoill an ceathrar eile a bádh an lá sin.

Inniu, 136 bliain i ndiaidh na heachtra, tá sagart paróiste Ghaoth Dobhair An tAthair Pádraig Ó Baoighill le haifreann cuimhneacháin a léamh sa Seanteach Pobail sna Doirí Beaga ag a 3 a chlog.

Níor baineadh úsáid as an fhoirgneamh seo mar theach pobail ón bhliain 1972 agus tharla roinnt tuilte eile ann thar na blianta. Tharla an ceann deireanach i samhradh 2009 agus rinne an tuile sin scrios mór ar an áit.

Fág freagra ar 'Ócáid thragóideach i stair Ghaoth Dobhair á tabhairt chun cuimhne inniu'