Ócáid Chomórtha Céad Bliain 1916 – ag Gaeil Cheanada

Cumann na Gaeltachta i dTeach an Ambasadóra in Ottawa a d’eagraigh an chomhdháil – ‘Ceanada, An Ghaeilge agus Éirí Amach na Cásca 1916’

Fogra 1916 strap

pic ceanada

Bhí ócáid chomórtha céad bliain an Éirí Amach i dTeach Ambasadóir na hÉireann in Ottawa, príomhchathair Cheanada, an tseachtain seo caite. Cumann na Gaeltachta, agus Aralt Mac Giolla Chainnigh agus Síle Scott ón gcumann sin go háirithe, a d’eagraigh an chomhdháil chuimhneacháin. Tháinig slua mór go Teach an Ambasadóra tráthnóna Dé Aoine seo caite don fháiltiú roimh imeachtaí ‘Ceanada, An Ghaeilge agus Éirí Amach na Cásca 1916’. Anuas air sin, insealbhaíodh Uachtarán Oireachtas Gaeilge Cheanada. Is í Bríd Guglich a bheidh mar uachtarán don bhliain amach romhainn. Is duine de phobal na Gaeilge in Ottawa í Bríd Guglich atá ag cur foghlaim agus úsáid na Gaeilge chun tosaigh le fada. As Maigh Eo di ó dhúchas agus bíonn baint aici le grúpaí éagsúla a bhíonn ag plé leis an nGaeilge agus leis an gcultúr Gaelach, ina measc ‘Caint ‘is Comhrá’ agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Ottawa.

fCLRCaIZe89ohrBtpq5QrWMzddbpjvgihZ7FtGV4sPM

Tháinig breis agus 120 duine chomh fada le Ottawa don chomhdháil – ó Québec, Brunswick Nua, iarthar Cheanada agus na Stáit Aontaithe. I measc na n-aoichainteoirí a bhí i láthair bhí an Comhairleoir de chuid Shinn Féin agus iar-mhéara Bhéal Feirste, Niall Ó Donnghaile. Labhair Ó Donnghaile faoina thaithí féin ar an nGaeilge i dTuaisceart na hÉireann agus faoi na constaicí roimh an nGaeilge a fheiceann sé fós i Stormont. Fís an Phiarsaigh, d’Éire ‘saor agus Gaelach’ a bhíonn mar sprioc fós ag gníomhaithe teanga ina cheantar féin, a dúirt sé.

Bhí an tOllamh Pádraig Ó Siadhail ó Ollscoil Naomh Mhuire i Halifax na hAlban Nua ar dhuine eile de na cainteoirí. Labhair Ó Siadhail faoi Katherine Hughes, a ghlac páirt san Éirí Amach, bean chonspóideach a bhfuil tábhacht mhór ag baint léi i stair na hÉireann.

IMG_0039

Labhair an tAmbasadóir, Ray Bassett, faoina chuimhní féin ar a laethanta scoile i Scoil Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath agus thagair sé don mheon a bhí ag daoine faoin Éirí Amach agus faoi mar a tháinig athrú ar an meon sin. Bhí an-stair ag baint le Scoil Uí Chonaill agus an-cheangal ag cuid de na daltaí a d’fhreastail uirthi le hÉirí Amach 1916.

Chuir Aralt Mac Giolla Chainnigh cás-staidéar os comhair an lucht éisteachta maidir le daoine de shliocht na hÉireann a chónaigh i gCeanada le linn na tréimhse a bhí á plé.

Bhí searmanas cuimhneacháin ann in ómós dóibh siúd a thug a mbeatha ar son na hÉireann le linn Éirí Amach na Cásca.

Fág freagra ar 'Ócáid Chomórtha Céad Bliain 1916 – ag Gaeil Cheanada'