Obair mhór roimh na bailte seirbhíse Gaeltachta, de réir figiúirí nua

Aithníodh 16 baile a d’fhéadfadh a bheith ina bhaile seirbhíse Gaeltacht faoi Acht na Gaeltachta 2012. Léiríonn Daonáireamh 2016, áfach, gur fíorbheagán Gaeilge a bhíonn á labhairt i bhformhór na mbailte sin

Obair mhór roimh na bailte seirbhíse Gaeltachta, de réir figiúirí nua

Beidh obair mhór le déanamh sna bailte sin a ainmníodh in Acht na Gaeltachta 2012 mar ‘bhailte seirbhíse Gaeltachta’ má tá feidhm le bheith acu freastal ar mhuintir na Gaeltachta ina dteanga féin.

Léiríonn anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar na figiúirí ó Dhaonáireamh 2016 gur ag titim atá céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i bhformhór mór na 16 baile a ainmníodh ina mbailte seirbhíse Gaeltachta sna seacht gcontae Gaeltachta.

Ba sa Daingean, ar baile seirbhíse Gaeltachta chomh maith le baile Gaeltachta é, an baile seirbhíse Gaeltachta ba mhó ar thit céatadán na gcainteoirí Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais idir 2011- 2016. Bhí 17.1% de phobal an bhaile ina gcainteoirí laethúla Gaeilge sé bliana ó shin ach níor thug ach 13.6% den phobal le fios anuraidh go labhraíonn siad an teanga ar bhonn laethúil anuraidh.

Is í an Uaimh, taobh le Ráth Chairn agus Baile Ghib i nGaeltacht na Mí, an baile seirbhíse Gaeltachta is laige ó thaobh labhairt na Gaeilge de, de réir na staitisticí. Níl ach 0.9% de phobal an bhaile sin ina gcainteoirí laethúla Gaeilge, cé gur ardú fíorbheag é sin ar an 0.8% a thug le fios in 2011 go labhraíonn siad an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.

Dar leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, imríonn an Ghaeltacht tionchar cultúrtha agus geilleagrach ar na bailte sin a dhéanann freastal uirthi, na bailte seirbhíse Gaeltachta. Maíonn an roinn go mbíonn “tionchar suntasach chomh maith céanna” ag na bailte sin ar an nGaeltacht féin.

Thabharfadh figiúirí an Daonáirimh le tuiscint, áfach, gur mó an tionchar atá ag na bailte ar an nGaeltacht ná mar atá ag an nGaeltacht ar na bailte.

Tá sé mar chuspóir ag an Roinn go mbeadh tionchar dearfach ag na bailte ar an nGaeilge mar theanga phobail agus teaghlaigh sna ceantair oifigiúla Ghaeilge atá taobh leo nó timpeall orthu.

Tá pleananna teanga á n-ullmhú i roinnt bailte i láthair na huaire agus tá socruithe á ndéanamh i mbailte eile le plean teanga a réiteach, faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Tá an obair tosaithe cheana féin i Leitir Ceannainn agus sa Daingean agus táthar ag súil go mbeidh an obair ar bun go luath i gcathair na Gaillimhe.

Fág freagra ar 'Obair mhór roimh na bailte seirbhíse Gaeltachta, de réir figiúirí nua'

  • Seosamh Mac Ionnrachtaigh

    N’fheadar liom féinigh an bhfuil tuiscint a dhóthain ag an Roinn ar aon cheo ina thaobh seo.

  • Concubhar

    Sílim go léiríonn an t-alt seo easpa tuisceana ar staid na Gaeilge i mbaile mór nó cathair ar bith sa tír. Tá an udar dall le staitisticí ach níl aon tuiscint le tabhairt faoi ndeara ar staid na Gaeilge sna bailte seo i ndáiríre. Is iomaí uair a rabhas i Maigh Chromtha nó Corcaigh agus mé ag labhairt i nGaeilge ann ach is pobail mhóra iad na pobail sa dhá bhaile sin. Agus pobail taobh istigh de phobail i gceist freisin. Is pobal mionlaigh í pobal na Gaeilge in aon bhaile mór nó cathair, fiú Béal Feirste. Má chuirtear pleananna teanga i bhfeidhm sna bailte sin, sna pobail eagsúla, d’fhéadfadh ardú suntasach a bheith ar líon na gcainteoirí laethúla. Ardú i Maigh Chromtha ó 1.4% go 3.0% – an mbeidh ceannlíne i dTuairisc ag rá ‘Dúbailt i líon na gcainteoirí laethúla i mbaile sheirbhise Mhúscraí’ nó an mbeidh léamh diultach eile ar an scéal. An baile is fearr sa Ghaeltacht anseo, An Daingean i gCiarraí, deintear beag as líon na gcainteoirí laethúla cé gur mó i bhfad i líon ná in aon bhaile eile. Nílim dall ar fhiricí nó staitisticí ach creidim gur beag is fiú an léargas a thugann siad i gcás mar seo. An leagan Ghaeilge de ‘click bait’ atá sa scéal seo, scéal scanrúil eile chun ísliú meanman a thabhairt do lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht.

  • Críostóir

    Táid aitheanta mar bhailte seirbhíse Gaeltachta chun feabhas a chur ar líon na seirbhísí a bheidh ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ina dteanga féin, ní chun Gaeltachtaí nua a dhéanamh astu. Ní líon na gcainteoirí laethúla an slat tomhais is tábhachtaí ach líon na seirbhísí i nGaeilge a bhíonn ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.

  • Mánus

    Nach mbeadh sé íontach trí comharchumann tithíochta a bheith ann le heastáit lánGhaeilge a bhunú i nGaillimh, Leitir Ceannain nó i nDaingean Uí Chúis. Tá go leor cainteoirí dúchais sna bailte sin. Tá tithe gann freisin. Ba chóir foghlaim ó na Phólainnigh agus fiosrú cén caoi go bhfuil ag eirí leo a dteanga dúchais a choimeád beo i gceantracha faoi leith i mbailte Bhéarla na hÉireann.

  • Tomás

    Is fíor nach n-oireann an slat tomhais a roghnaíodh do chás na mbailte seirbhíse. Bheadh gá rud éicint ar nós ‘líon na ngnónna/oifigí srl. a bhfuil ar a gcumas seirbhís mhaith Gaeilge a chur ar fáil’ a thomhas. Ach ní aon chabhair, chuige sin, staitisticí an daonáirimh. Bheadh gá suirbhé ceart a dhéanamh i ngach ceann de na bailte sin. Ceist thábhachtach eile, dar ndóigh, is é ar cheart na seirbhísí sin a bheith á gcur ar fáil taobh amuigh den Ghaeltacht ar chor ar bith…