Obair mhór le déanamh ag Long san fhadtéarma

Ach an oiread le Arlene Foster nuair a ceapadh í ina ceannaire ar an DUP anuraidh níor sheas aon duine dá comhghleacaithe in éadan Naomi Long do cheannaireacht Alliance

Obair mhór le déanamh ag Long san fhadtéarma

Éagsúlacht a cheiliúradh seachas a bheith ag aighneas faoi na difríochtaí eadrainn mar phobal. B’in é mana Naomi Long do pháirtí na Comhghuaillíochta oíche Dé Céadaoin nuair a thogh toscairí í mar chomharba ar David Ford.

Níorbh iontas ar bith é gur toghadh Long mar cheannaire. Ach an oiread le Arlene Foster nuair a ceapadh í ina ceannaire ar an DUP anuraidh níor sheas éinne dá comhghleacaithe ina héadan. Ba í an léiroidhre í le blianta, an t-aon ionadaí ón bpáirtí a toghadh ariamh mar fheisire parlaiminte agus bean iontach i mbun cumarsáide ar na meáin agus ar an tsráid. Tá sí cumasach i mbun díospóireachta, deisbhéalach agus í ag stocaireacht le haghaidh vótaí agus chonaic gach éinne go raibh sí cróga nuair a rith lucht agóide faoi cheist na mbratach feachtas imeaglaithe ina coinne.

Ó tá mná i gceannas ar dhá pháirtí, déanfar comparáid gan dabht idir Long agus Foster ach is mór idir stádas na beirte. Tá Foster ina ceannaire ar an bpáirtí is mó agus ina Céad-Aire. Ní léir, go fóill ar aon nós, go raibh tionchar ag a gradam ar stádas na mban sa pholaitíocht ach is céim dhearfach í beirt bhan a bheith ina gceannairí.

Tá céim innealtóireachta ó Ollscoil na Ríona ag Naomi Long. Comhairleoir is ea a fear céile, Michael Long, i Halla na Cathrach, mar a raibh Naomi ina Méara tráth. Ta sí 44 bliain d’aois – an chéad cheannaire, a deir sí atá níos óige ná páirtí an Alliance féin.

Mionpháirtí atá faoina stiúir, áfach, agus cé go ndearna David Ford cion fir chun stop a chur le meath Alliance is mór an dúshlán do bhean oirthear Bhéal Feirste é a fhorbairt. Ochtar Teachtaí Tionóil atá acu, iad ar fad tofa i gceantair taobh thoir den Bhanna agus iad sa bhfreasúra neamhoifigiúil i Stormont. Shéan Long gur páirtí don mheánaicme amháin iad, gan baint acu le saol an phobail taobh thiar den Bhanna.

Leag sí an-bhéim ar an scéal gur den íseal-aicme í féin ó dhúchas agus mhaígh go raibh vóta mór ag Alliance ó gach aicme in oirthear Bhéal Feirste, áit ar mhéadaigh sí a vóta féin cé gur bhain an DUP an suíochán parlaiminte di le cabhair an UUP i margadh réamhthoghcháin.

Is é a misean mar cheannaire sochaí liobrálach, fhorásach a fhorbairt i dTuaisceart Éireann. Chuige sin gheall sí éisteacht leo siúd atá iompaithe in aghaidh na polaitíochta nó nach fiú leo aird a thabhairt uirthi mar atá. Is mian léi glór a thabhairt do dhaoine óga, do vótóirí nua, do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i gceantair atá faoi chois ag paraimíleataigh, a dúirt sí. Dhírigh sí aird ar dhaoine a mheasann gurb iad an náisiúnachas agus t-aontachtachas polaitíocht na seanaimsire, ar dhaoine atá bréan den sórt polaitíochta a chleachtaítear i Stormont agus ar dhaoine a gcuireann borradh na heite deise agus an leithleachais sa bhaile agus i gcéin alltacht orthu. Ba chóir do na daoine sin a dhul i bpáirt le Alliance chun oscailteacht agus cuimsiú sóisialta a chothú.

Ta sí mórálach as luachanna an Alliance agus ag éisteacht léi, chaithfeá fiafraí, cén duine nach mbeadh báúil le cuid mhór dá tuairimí? Ach is léir go bhfuil móramh mór de na vótóirí nach fiú leo tacaíocht a thabhairt d’Alliance. Caitheann idir náisiúnaithe agus aontachtaithe anuas ar Alliance á rá nach bhfuil aon saintréith ag baint leis, nach bhfuil ann ach slí éalaithe do dhaoine a thiteann amach leis an UUP nó an SDLP. Is cinnte go ndíríonn lucht stocaireachta Alliance ar vótóirí a bhíodh báúil leis an UUP agus leis an SDLP. Páirtí aontachtach ab ea Alliance a deireadh gur thug sé an t-eiteachas don seicteachas a bhain le haontachtaithe eile. Ní ghlacann sé le lipéad aontachtach nó náisiúnach i Stormont, agus deir Naomi Long nach ‘aontachtach’ an sainmhíniú atá ag an bpáirtí air féin.

Diúltaíonn Long a rá cén taobh ar a mbeadh sí dá mbeadh reifreann ann faoi aontú na hÉireann. Ní ceist í sin don aimsir seo, dar léi, mar tá stádas Thuaisceart Éireann socair faoi théarmaí Chomhaontú Aoine an Chéasta. Cuireann an neodracht sin le neamhshuim lear mór daoine sa pháirtí.

Má thugtar droim láimhe leis an aontachtachas seans go gcaillfidh siad vótaí. Má tá Long chun vótóirí taobh thiar den Bhanna, mar a bhfuil móramh mór náisiúnach, a mhealladh seans go gcaithfidh sí a dhul i ngleic, níos doimhne leis an gceist bhunreachtúil.

Ní hí sin an t-aon fhadhb a bheidh aici agus í ag iarraidh a chur i gcion ar dhaoine go mbaineann Alliance le hábhar. Toghcháin áitiúla sna blianta tosaigh dá ceannaireacht an chéad dúshlán a bheidh aici. Forbairt an pháirtí taobh amuigh de Bhéal Feirste agus aird a tharraingt air i Stormont na céimeanna a mbeifear ag faire orthu sa ghearrthéarma. Ach tá obair mhór le déanamh ag Long sa ngearrthéarma agus sa bhfadtéarma.

Fág freagra ar 'Obair mhór le déanamh ag Long san fhadtéarma'