Obair fós le déanamh ag Gaillimh ach deis acu céim eile chun tosaigh a thógáil tráthnóna

Tá Gaillimh á tabhairt chun cinn céim ar chéim ag Kevin Walsh agus beidh sprioc eile bainte amach acu má fhaigheann siad an ceann is fearr ar Ros Comáin tráthnóna

Obair fós le déanamh ag Gaillimh ach deis acu céim eile chun tosaigh a thógáil tráthnóna

Gaillimh v Ros Comáin, Staid an Phiarsaigh, 2.00i.n.

Tá ag éirí thar barr le peileadóirí na Gaillimhe i láthair na huaire. Tar éis dóibh Roinn 2 na sraithe a bhuachan i rith an earraigh, tá fir an iarthair anois ar ais i gcluiche ceannais Chonnacht agus iad ag iarraidh an chraobh a bhuaigh siad anuraidh a chosaint.

Cé nach raibh Gaillimh iontach sa chluiche a bhuaigh siad in aghaidh Mhaigh Eo, bhí siad maith a ndóthain. Is mór an chailliúint é Seán Armstrong áfach, a d’aimsigh sé phointe i gcluiche leathcheannais Chonnacht, ach ní hé Eamonn Brannigan an t-ionadaí is measa mar tá scoth na peile imeartha aige le cúpla bliain anuas.

Idir é féin, Damien Comer, Shane Walsh agus Michael Daly, tá an-luas i dtosaithe na Gaillimhe agus d’fhéadfaidís scrios a dhéanamh má éiríonn leo ealú ó na cosantóirí.

Is cinnte go bhfuil moladh tuillte ag Kevin Walsh as an dul chun cinn atá déanta aige le Gaillimh sa dá bhliain go leith atá caite aige i gceannas orthu, ach tá ceisteanna fós le freagairt aige féin agus ag an bhfoireann sula mbeidh a fhios againn cé chomh maith agus atá siad i ndáiríre.

Ní bhfaighidh muid freagra na ceiste sin inniu áfach. Cé go raibh Ros Comáin ag imirt i Roinn 1 le cúpla bliain anuas, tá siad tite siar go mór ón uair a shroich siad cluiche leathcheannais na sraithe in 2016.

Tá admhaithe ag a mbainisteoir Kevin McStay gur bhain a chuid imreoirí barr a maitheasa amach róluath anuraidh agus go bhfuil iarracht déanta aige é sin a chur ina cheart i mbliana. Beidh súil aige, ar aon nós, go dtiocfaidh feabhas ar chaighdeán na peile thairis mar atá feicthe againn uathu go dtí seo. Díbríodh ón bpríomhroinn iad agus cé go raibh siad cumasach a ndóthain chun Liatroim a bhualadh i gcluiche leathcheannais an chúige, ní haon ábhar mór maíte é sin.

Tá McStay ag cloí leis an bhfoireann chéanna den chuid is mó tráthnóna. Tiocfaidh Cathal Compton isteach in áit Donie Smith i lár na páirce agus iarracht á déanamh ag an mbainisteoir fear mór eile a thabhairt isteach a bheidh in ann ag Fiontán Ó Curraoin, Paul Conroy, Tom Flynn agus a leithéidí. 

Eisceacht a bhí san athimirt ar chluiche ceannais Chonnacht anuraidh nuair a thug Gaillimh greadadh d’imreoirí McStay. Is annamh nach dtugann Ros Comáin dúshlán maith do Ghaillimh agus cé gur cheart go mbeadh an scéal amhlaidh inniu, b’fhéidir go mbeadh na Gaillimhigh rómhaith dóibh.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh

Fág freagra ar 'Obair fós le déanamh ag Gaillimh ach deis acu céim eile chun tosaigh a thógáil tráthnóna'