Obair foirne seachas éirí in airde a bhuann cluichí

Fiú ar pháirceanna na himeartha, tá an screadach, an greim píobáin agus an camán ag bualadh an bhoird ag imeacht as faisean

Obair foirne seachas éirí in airde a bhuann cluichí

Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Rinne Elephant John (O’Donoghue) mámanna airgid dá chomharsa John Murphy ar fud Shasana le linn an 45 bliain ar oibrigh sé mar ganger don chonraitheoir – ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda anall.

Ba d’fhealsúnacht na linne ó thaobh oibrithe a ghríosú a bhí an tElephant dílis, mar is léir ón amhrán.

‘Come on come says Elephant John and swing that blessed pick

For this is no place for invalids, for cripples or the sick

Forget the Germans overhead sure they’re only playing about

So bend your back lads, that’s the craic and dig those trenches out.;

Níorbh ar shuíomhanna tógála amháin a bhí an fhealsúnacht sin i réim go dtí le gairid féin. Anois is le ré eile ar fad a bhaineann sé, fiú ar pháirceanna na himeartha, áit a bhfuil an screadach, an greim píobáin agus an camán ag bualadh an bhoird ag imeacht as faisean de réir a chéile.

Ifón, teodailít agus scarbhileoga a bhíonn ag Elephant John an lae inniu agus é (nó í fiú amháin!) ag dul ag obair agus b’fhéidir ‘skinny latte’ sa lámh eile.

Ó thaobh spóirt de, le linn na míosa atá díreach caite chonaic muid Craobhacha Sinsir Peile agus Iomána na hÉireann á mbuachan ag foirne ar nós lena mbainisteoirí seasamh go ciúin, socair ar an taobhlíne.

Go deimhin thug mé an-suntas do cheann de na rudaí a dúirt bainisteoir iománaithe na Gaillimhe Micheál Donoghue tar éis a mbua siúd. “Dáiríre, ní dhearna mise ach an fhreagracht a aistriú sall chuig na himeoirí féin,” a dúirt sé. “Ba iadsan a rinne an chuid eile.”

Is mór a thabharfainn ar a fháil amach ar luaigh sé go raibh cuid mhaith den fhreagracht sin ag dul dóibh ar aon nós i bhfianaise an bhealaigh a raibh lámh ag cuid mhaith acu i ruaigeadh an té a bhí ina bhróga féin roimhe sin. Ach chuala mé riamh é gur dúnta ab fhearr doras na hiaróige a fhágáil.

Ní inné ná inniu a tugadh faoi deara nach gá do bhainisteoirí ná do shaoistí a bheith ag béicíl agus ag bagairt de shíor leis an luach saothair is fearr a bhaint astu siúd a bhíonn ag obair dóibh – fiú ar pháirc na himeartha.

Tá sé beagnach trí scór bliain ó ghlac Vince Lombardi ceannas ar na Green Bay Packers, foireann a raibh na blianta caite acu ag bun an NFL sna Státaí. Chreid Lombardi go láidir san ‘iarracht foirne’ agus ba ar an mbunús sin a mhúnlaigh sé ceann de na foirne ab fhearr a facthas riamh sa bPeil Mheiriceánach. Dhá bhliain tar éis dó a theacht, bhuaigh siad an tSraith, mar a rinne siad faoi dhó ina dhiaidh sin agus an Super Bowl i 1966 agus 1967.

“Individual commitment to a group effort – that is what makes a team work, a company work, a society work, a civilisation work” an mana a bhíodh ag Lombardi.

Dream eile a chreid sin go daingean riamh anall ab ea na All Blacks. Tá níos mó imreoirí rugbaí i Sasana ná atá sa gcuid eile den domhan ar fad. Mar sin féin, go dtí seo, chinn orthusan agus ar aon tír eile aithris a dhéanamh go seasta ar an gcumas atá sna Nua-Shéalannaigh.

Más fíor leabhar a léigh mé le deireanaí – Legacy le James Kerr – tá baint mhór ag cultúr leis sin – cultúr na tíre féin chomh maith leis an gcultúr spóirt. An nóiméad a chuireann imreoir an geansaí dubh air féin tá sé ag tarraingt oidhreacht a chultúir ar a ghuaillí freisin. Is é an ról atá anois aige ná a chinntiú gur chun feabhais a bheidh cúrsaí imithe nuair a bheidh air an geansaí a thabhairt uaidh.

Tá sé ráite gur chaith Richie McCaw, a bhí ina chaptaen ar na All Blacks i 110 de na 148 cluiche a d’imir sé dóibh, nóiméad fada ag caoineadh agus a chloigeann báite sa ngeansaí dubh aige an chéad bhabhta a bhfuair sé ceann le caitheamh in aghaidh na hÉireann in 2001.

Deir siad siúd a raibh sé de phribhléid acu a bheith ann gur beag den screadach ná den ruaille buaille a bhíonn i seomraí feistis na All Blacks, roimh nó i ndiaidh na himeartha. Tharlódh gur óna sinsir Mhaoracha a thagann an umhlaíocht sin. Níl aon mheas ar an ‘éirí in airde’ ina gcultúr siúd.

Tá aon scéal amháin sa leabhar a thugann léiriú iontach air sin, scéal as an seomra feistis i Dunedin ar an 19ú Meitheamh 2010 agus an bua faighte ag na All Blacks ar an mBreatain Bheag 42-7. Bhí 27 cúilín scóráilte ag Dan Carter agus tar éis an lae sin, bhí níos mó cluichí buaite acu faoi stiúir McCaw ná a bhuaigh aon chaptaen eile dá gcuid.

Fós ba bheag den racán a bhí ann. Labhair cúpla duine de na cóitseálaithe agus d’fhógair Mils Muliaina sláinte McCaw.

‘To skip,’ a deir sé

‘To skip,’ a freagraíodh

‘Well done guys, let’s go.’

Ansin tharla rud nach mbeifeá ag súil leis.

Rug beirt imreoirí – duine acu a raibh an gradam ‘Imreoir Idirnáisiúnta na Bliana’ buaite faoi dhó aige – ar scuab an duine agus thosaigh siad ag scuabadh an urláir.

Rinne siad carnáin bheaga den salachar agus den phuiteach sular fhágadar.

Sin an chuid den scéal ab fhearr a thaitneodh leis an Elephant John, déarfainn.

Fág freagra ar 'Obair foirne seachas éirí in airde a bhuann cluichí'

  • seamus

    An-phiosa….’tarraingionn siad oidhreacht na tire orthu fein’….agus feach a bhfuil a’inne i gcomparaid leo….ni thugtar omos don amhran naisiunta fein. An colunai spoirt is fearr sa tir…..eolas cuimsitheach ar chuile sport aige.

  • maitiu

    ‘no dickheads’ an mana, aduirt oilunai na mBleaiceanna agus e faoi agallamh.