Ó Montana go Corca Dhuibhne le Traolach Ó Ríordáin

Bhí stiúrthóir Roinn An Léinn Éireannaigh in Ollscoil Missoula, Montana ar an mBuailtín le déanaí agus bhí ár gcomhfhreagraí ansin an–tógtha lena fhís

Fear i bhfearaibh ‘sea an Dr Traolach Ó Ríordáin.  Saolaíodh é i NuaEabhrac sa bhliain 1964 ach go luath ina shaol d’aistrigh sé féin agus a thuistí go Corcaigh, go clann na seanmhuintire.

D’fhreastail sé ar Ollscoil Chorcaí agus ghnóthaigh céim agus dochtúireacht.

Chaith sé tamall i Meiriceá  ar láithreacha tógála i NuaEabhrac agus b’seo leis go San Francisco agus ar ais tré Montana go NuaEabhrac arís.

Chuir dlúthchara dhó, Barra Ó Donnabháin, in iúl dó go raibh go raibh post in Ollscoil Missoula, Montana a d’oirfeadh dhó. 

Ba ghearr gur thug Traolach a aghaidh siar ó thuaidh go Montana. D’éirigh leis an post d’fháil agus tá sé ann go sona sásta ó shoin mar a bhfuil sé ina strthóir ar Roinn An Léinn Éireannaigh.

Tá tuairimíocht an-thuisceanach réasúnach aige ar conas teanga a fhoghlaim agus a mhúineadh agus faoin tábhacht atá le tuiscint agus dúthracht fhoirfe.

Tá an-chur amach aige ar chúrsaí staire go mórmhór stair na hÉireann agus an domhain.

Is ó Uíbh Ráthach, as baile beag in aice Chathair Dónall/Dómhnall do mhuintir a mháthar, a fuair bás ní rófhada ó shin, trócaire uirthi.

Tá Traolach agus gasraí mac léinn ó Ollscoil Missoula ag teacht go Baile an Fheirtéaraigh le cúig nó sé de bhlianta. Caitheann siad trí seachtaine nó breis ag foghlaim Ghaolainne le hOidhreacht Chorca Dhuibhne agus ag cur slacht ar a dtuiscint ar an dteanga agus gach a ngabhann le teanga agus fealsúnacht mar an Chríostaíocht a fhuineann ceartGhaeil, dar leis.

Caitheann daoine a saol ag carnadh airgid, gan suim i ndada acu ach an t-airgead –  rud a chaithfidh siad a fhágaint ina ndiaidh. Is fiú dar leis, dea-thréithe nó dea-ghníomhartha a roinnt.

Gan amhras tá saineolas ag Traolach ar an dteanga agus thagair sé do dhaoine mar amhránaithe go raibh dúchas agus draíocht le brath ina meon.

Fear geanúil eolach suáilceach ‘sea an Ríordánach go bhfuil a fhís thaibhseach thuisceanach féin aige.

Tá foireann iománaithe thall i Montana agus is Gaolainn a bhíonn ar a mbeola. Tá Traolach mórálach as an dtuiscint agus as an líon daoine atá bainteach le teanga agus cultúr na hÉireann. “I mButte bhraithfeá doimhincharadas suaimhneach san aer,” dar leis.

Tá Ollscoil Butte an-ghairid d’Ollscoil Missoula, má tá míle eatarthu.

Tá dóchas ag Traolach as a bhfuil ar bun aige agus luann sé an seancheangal Corcaíoch idir ara agus Butte.

Nuair a theip ar an mianach copair ansúd thug na céadta aghaidh ar mhianaigh Butte le dul ag mianadóireacht.

Is go Barrow in Furness  Shasana a théadh an t-ábhar a tochailtí i mBéara.

Ba iascaire a sheanathair agus ba chainteoir dúchais Gaeilge é agus iad siúd a bhíodh ag iascach leis.

Bhí a athair fiáin chun iomána agus é bainteach le foireann Naomh Fionnbarra sa chathair.

B’fhiú bualadh le Traolach Ó Ríordáin, fear inspioráideach. Bhí a bhean chéile agus a dtriúr clainne ar an mBuailtín leis le déanaí. D’fhreastail beirt den dtriúr ógánach ar Scoil Dhún Chaoin faid is bhíodar ann.

Cad a déarfadh Seán Ó Ríordáin fén Ríordánach Óg seo, agus a chuid?

Fág freagra ar 'Ó Montana go Corca Dhuibhne le Traolach Ó Ríordáin'