Ó ghlúin na gcaipíní go glúin na giolcaireachta – bíodh ómós d’oidhreacht Joe Steve i Ros na Rún

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Tugadh ómós cuí do Pheadar ar Ros na Rún aréir. An dúshlán anois ná fanacht dílis dá oidhreacht agus do bhunús na sraithe féin

Ó ghlúin na gcaipíní go glúin na giolcaireachta – bíodh ómós d’oidhreacht Joe Steve i Ros na Rún

Tá duine eile de sheanfhondúirí Ros na Rún le cur i gcré na cille (Ros na Rún, TG4, aréir). Ní fada ó shin ó bhíothas ag caoineadh bás Shéamus Mhicil Tom (Diarmuid Mac an Adhastair) agus ón oíche aréir tá a chomrádaí Peadar imithe ar shlí na Fírinne.

Bhí an carachtar geanúil, fulangach, uasal seo á chur ina steillbheatha  os ár gcomhair ag Joe Steve Ó Neachtain ó thosaigh Ros na Rún mar chlár píolótach ar RTÉ1 in 1992. Ba i 1996 a tugadh an tsraith ar lámh go TnaG agus tá sé ann ó shin.

Is liosta le háireamh iad na heachtraí difriúla a bhain de i gcaitheamh na mblianta; bás a mhic Liam i dtine agus leanbh nuabheirthe á fhágáil ar leac an dorais aige ina measc.

Ceann de na cuimhní is sia siar atá agam do Pheadar (agus don tsraith féin go deimhin) ná seat de i mbosca teileafóin i mbeár i Chicago. Glaoch á chur aige ar Mháire agus straidhn na himirce ar an gcaidreamh le tabhairt faoi deara sa chomhrá.

Ba le Máire (Máire Uí Dhroighneáin) a bhí an-chuid dá radharcanna. Cogadh na mba maol eatarthu i gcónaí agus an ladar á chur ag an máthair chéile, Sarah (Bairbre Herget) sa chúram. Gaeilge shaibhir, nádúrtha Chonamara á raideadh chugainn i rith an ama. Táim cinnte gur baineadh deatach as na scríbhinní bunaidh a chuirtí féna mbráid.

Ba chuí an slán a ligeadh do Pheadar agus Máire a fhágaint lena chéile le seat teann de ghrianghraf na beirte ag tabhairt le fios nárbh fhada uainn uair na cinniúna.

Ba dheas leis mar a tugadh isteach Patsy (Máirtín Jamesie Ó Flaitbheartaigh) mar aon leis an Athair Éamon (Peadar Ó Treasaigh) agus Micheál (Josie Ó Cualáin). Suipéar deireanach ag an triúr is iad diúgadh ar phoitín Shéamuis, chaithfí tagairt a dhéanamh do Shéamus.  Gan amhras bhí a sheanchéile comhraic, Tadhg, i láthair chomh maith, agus cé go raibh sé gafa le cúrsaí comhcheilge ba é ba thúisce a chuaigh i gcabhair air.

Tá an 21ú séasúr do Ros na Rún á chraoladh i láthair na huaire, cloch mhíle do dhrámaíocht teilifíse na Gaeilge gan aon agó. Ag an bpointe seo níl ach seisear de na carachtair bhunaidh fágtha (Tadhg, Caitríona, Micheál, Máire, Berni agus Jason).

Taibhsítear dom go bhfuil cloch mhíle eile de shaghas sroichte agus go bhfuil an tsraith á seoladh ar aghaidh chuig glúin nua. Ó ghlúin na gcaipíní go glúin na giolcaireachta, más maith leat. Ní cáineadh sin ach admháil go bhfuil saghas deireadh ré linn nó ag teannadh linn.  Bhaineas féin súp riamh as an trasnaíl a bhíodh idir na seanfhondúirí ar fad: Séamus, Cóilín, Sarah, Peadar, Máire, Tadhg.

Beidh sé dodhéanta bróga Pheadair/Joe, agus Séamus/Diarmuid, a líonadh. Níor cheart triail sin a dhéanamh. Ba cheart, áfach a bheith dílis d’oidhreacht na n-aisteoirí seo agus do bhunús na sraithe féin. Sobalchlár Gaeltachta leis an nGaeilge ó dhúchas agus cultúr/meon na tuaithe i lár an aonaigh.

‘Fiche bliain ag fás, agus fiche bliain faoi bhláth,’ a scrígh Súilleabhánach an Bhlascaoid tráth. Is anois a bheidh an teist ar Rós na Rún bláthú léi sna blianta amach roimpi.

Fág freagra ar 'Ó ghlúin na gcaipíní go glúin na giolcaireachta – bíodh ómós d’oidhreacht Joe Steve i Ros na Rún'