Ó DÚCHAS.ie: ‘Ó a Naomh Pádraig, féach cad atáim ag fulaingt ar do shon-sa’

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Lá Fhéile Pádraig agus teach an óil atá faoi chaibidil inniu againn

Ó DÚCHAS.ie: ‘Ó a Naomh Pádraig, féach cad atáim ag fulaingt ar do shon-sa’

Níor tháinig Naomh Pádraig go dtí an paróiste seo, dúirt sé go raibh muintir na tuaithe go maith, macánta agus nár ghá dó teacht chun iad a bheannú.

Bailíonn na buachaillí seamróg maidin lae Fhéile Pádraig, agus caitheann gach duine acu gas mór seamróige ar a chaipín. Caitheann na cailíní crosanna Pádraig nó cláirsí glasa ar a nguaillí. Chuireadh na seandaoine bochta slat sailí isteach sa tine agus ansin dheinidís figiúr na croise ar ghuaillí na leanaí óga le barr na slaite dóite.

Théadh na feirmeoirí san áit seo go Cill Orglan an lá sin fadó, ach anois chaithfidís fanacht sa bhaile. Lá saoire mór i lár an earraigh ab ea an lá seo agus théadh na feirmeoirí go dtí an baile mór ag ceannach síol coirce, nó guano i gcomhar an earraigh, agus nuair a chasadh feirmeoir le feirmeoir eile sa tsráid deireadh sé “mo phota Pádraig ort”.

Théidís isteach i dtigh óil agus d’ólaidís a ndóthain agus is annamh a thagaidís abhaile gan a bheith súgach go leor, nó b’fhéidir ar meisce. Ansin deireadh an fear bocht “ó a Naomh Pádraig, féach cad atáim ag fulaingt ar do shon-sa”.

Fág freagra ar 'Ó DÚCHAS.ie: ‘Ó a Naomh Pádraig, féach cad atáim ag fulaingt ar do shon-sa’'

  • Lawrence

    Cén ceantar? Cé a bhreac síos an scéal? Cé d’aithris an scéal don ghasúr scoile? Bunfhíricí ar chóir a chur le gach sliocht.