Ó DÚCHAS.ie: ‘Nuair a théann daoine ag iarraidh mná tugann siad buidéal uisce beatha leo chun muintir na mná a chur ar meisce…’

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Is minic a phósadh daoine roimh an gCarghas agus tá blaiseadh de nósanna an phósta agus an chleamhnais i mír na seachtaine seo…

Ó DÚCHAS.ie: ‘Nuair a théann daoine ag iarraidh mná tugann siad buidéal uisce beatha leo chun muintir na mná a chur ar meisce…’

Póstar daoine thart anseo cúpla am den bhliain ach sa Charghas anois ach ba san Inid a phóstaí fadó.

Ní hé an t-am céanna den lá a phósann daoine anseo agus in áiteanna eile. Pósann na daoine ar maidin sa pharóiste seo ach sa chéad pharóiste eile is i lár an lae nó sa tráthnóna a phósann siad. Pósann daoine sna séipéil anois ach fadó is sna tithe a phósadh siad. Is cuimhneach le mo mháthair Máirt Inide ar pósadh triúr fear agus triúr ban. Nuair a bhíonn daoine ag brath ar phósadh déantar cleamhnas. Nuair a théann daoine ag iarraidh mná tugann siad buidéal uisce beatha leo chun muintir na mná a chur ar meisce ionas go mbeadh siad sásta an bhean a thabhairt dóibh agus spré mhaith léi.

An oíche tar éis a bpósta bíonn bainis i dteach an fhir agus mí ina dhiaidh sin bíonn cuairt mhíosa i dteach na mná.

Fadó bhíodh go leor carr agus cóistí ar an gcóisir. Is cuimhneach le mo mháthair nuair a bhíodh sí ag bainis go mbíodh tríocha trap ann.

Uair amháin bhí fear siúil ag dul thart agus casadh bean air agus d’iarr sé uirthi é a phósadh agus dúirt sí go bpósfadh sí é. Bhí go leor airgid aici agus chuaigh siad ag an séipéal agus pósadh iad. Nuair a bhí siad ag dul abhaile d’iarr sé airgead uirthi agus thug sí dó é agus d’imigh sé leis agus ní fhacthas uaidh sin amach é.

Bailitheoir: Annraoi Ó Dubhagáin, An Móinteach Thuaidh, Co na Gaillimhe