Ó DHÚCHAS… ‘Tá Aonach an Phoic ag dul i laghad… níl fiú na tincéirí ag teacht ann anois

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol.

Ó DHÚCHAS… ‘Tá Aonach an Phoic ag dul i laghad… níl fiú na tincéirí ag teacht ann anois

Sa tseanaimsir bhíodh Aonach an Phoic agus Pátrún Chill Ghobnatan ar na haontaí ba mhó agus ab fhearr i gCiarraí. Anois tá an pátrún geall leis imithe agus tá Aonach an Phoic ag dul i laghad ó bhliain go bliain. Níl fiú na tincéirí ag teacht ann anois.

Seo mar a fuair Aonach an Phoic a ainm. San anallód nuair a bhí Cromail ag déanamh scrios ar fud na tíre cheap sé go rachadh sé go Cill Orglan. Bhí sé féin agus a shaighdiúirí ag teacht trasna na sléibhte faoi dhéin Chill Orglan. Bhí na gabhair go léir ar na cnoic agus nuair a chualadar fothram agus gleo na saighdiúirí ritheadar go léir go Cill Orglan. Nuair a chonaic muintir an bhaile na gabhair ag teacht ar a ndícheall bhí a fhios ag na daoine cad a bhí ar siúl agus d’ullmhaíodar iad féin.

Tháinig na saighdiúirí agus nuair a thángadar bhí na daoine ullamh rompu agus fuair muintir Chill Orglan an lámh uachtair.

Ón lá sin go dtí an lá inniu agus is dócha go dtí Lá an Luain tugann muintir Chill Orglan a lán onóra don phocán. Chuireadh na daoine suas ceithre pholla agus cheanglaídís adhmad díobh. Dhéanaidís é a mhaisiú le ribíní, craobhacha glasa agus solas de gach uile dhath. Ansin chuiridís suas an pocán istigh i gcás agus brat uaine air. Thugaidís cabáiste le hithe dó fad is a bhíodh sé thuas.

Bhíodh a lán bothanna le feiscint sa bhaile i gCill Orglan ag Aonach an Phoic. Bhíodh a lán de na daoine sna bothanna ag díol pórtair, uisce beatha, feoil bheirithe bhogthe agus milseáin.

Ní raibh ag na leanaí ach réal sa phóca ag dul go dtí Aonach an Phoic fadó agus bhídís chomh mórálach is dá mbeadh giní acu.

Seo scéal eile i dtaobh Aonach an Phoic. Bhí bean ann fadó agus chuaigh sí go dtí Cill Orglan ag díol gabhair. Bhí an lá an-fhliuch agus ní raibh aoinne eile ag an aonach ach í féin. Bhí sí i lár an bhaile ar feadh an lae. Sa tráthnóna chuaigh buachaillí Chill Orglan amach agus thóg siad an gabhar mór timpeall na sráide. Deireadh na seandaoine gur mar sin a fuair Aonach an Phoic a ainm.

Gobnait Ní Chonchubhair,
Rín
Cill Orglan
Ciarraí  

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS… ‘Tá Aonach an Phoic ag dul i laghad… níl fiú na tincéirí ag teacht ann anois'