Ó DHÚCHAS: ‘Oíche Bealtaine chuirtí ruainne caorthainn os cionn an dorais ar fhaitíos go dtabharfadh na sióga na daoine leo’

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Lá mór ag na Gaeil a bhí i Lá Bealtaine. Sa sliocht seo, as Conamara, cuirtear síos ar chuid de na piseoga a bhain leis an gcéad lá den samhradh.

Ó DHÚCHAS: ‘Oíche Bealtaine chuirtí ruainne caorthainn os cionn an dorais ar fhaitíos go dtabharfadh na sióga na daoine leo’

Lá Bealtaine

Siobhán Ní Churraoin a sholáthraigh

Bhí go leor pisreog ann faoi Lá Bealtaine. Ní chuirtí amach aon bhainne chor ar bith an lá sin, dá gcuirtí ní bheadh an t-ádh ar na beithígh ar feadh na bliana arís.

Oíche Bealtaine chuirtí ruainne caorthainn os cionn an dorais ar fhaitíos go dtabharfadh na sióga na daoine nó na beithígh leo.

Chuirtí gad ar láimh an cheaintín a mbíodh an leamhnacht ann Lá Bealtaine ar fhaitíos go dtabharfadh na síoga an bainne leo.

Bhíodh seanbhean ag gabháil thart fadó ag cruinniú ime Lá Bealtaine agus mara bhfaigheadh sí é, deireadh sí go dtabharfadh sí léi an t-im ar fad.

2… Áine Ní Fhagharta a chuir síos agus Learaí Ó Biath a d’inis

Lá Bealtaine bíonn go leor pisreog ag daoine. Dá n-éiríteá ar maidin roinnt moch Lá Bealtaine agus dá dtéiteá amach ar an tsráid agus breathnú i do thimpeall, ní fheicteá deatach as aon teach. Agus chuimhníteá ort féin go mbíonn pisreoga ag daoine inniu gan tine a chur síos go bhfeice siad deatach as teach eile mar dhá mba thú an chéad duine a chuirfeadh síos tine agus deatach a bheith as an simléar ar an gcéad shimléar ar maidin déarfadh na seandaoine nach mbeadh an t-ádh ort an bhliain sin. Ní chuireann daoine amach aon luaith an lá sin ach an oiread.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: ‘Oíche Bealtaine chuirtí ruainne caorthainn os cionn an dorais ar fhaitíos go dtabharfadh na sióga na daoine leo’'