Ó DHÚCHAS: ‘Nuair a thit sibh ins an drúcht geal ceo…’

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Scríobhadh an t-amhrán ‘The Foggy Dew’ trí bliana i ndiaidh Éirí Amach na Cásca 1916, anseo tá leagan Gaeilge den amhrán a bailíodh in Anagaire, i dTír Chonaill

An Drúcht Geal Ceo

Ag gabháil síos an ghleann dom féin cois na gcrann,

Go dtí’n chathair aoibhinn shuairc,

Bhí na sluaite teann leis na mílte lann,

Ag teacht aníos gan ghruaim,

Ní raibh crónán caoin as béalaibh píob,

Ná drumaí ag tógáil gleo,

Ach an chlog go glinn ag cur fáilte bhinn,

Roimh an Aingeal ins an drúcht geal ceo.

II

Chroch siad in airde a mbrat go hard,

Os cionn Chaisleán Bhaile Átha Cliath,

Níor ní leo bás a fháil ag Saddle Bar, [Sedd el Bahr]

Agus Éire ina ndiaidh i bpian,

As lár na Mí sé a ghluais an scaoth,

De na laochra líofa beo,

Agus sluaite Gall ag bualadh anall,

A gcuid gunnaí ins an drúcht geal ceo.

III

Chuaigh an ghrian a luí agus thit an oíche,

Ach níor ísligh an comhrac teann,

Bhí na tinte ’dó ag na Gaeil go fóill,

Is ag dealramh ar thaobh na lann,

Bhí gach duine ’guí nach mealladh a chroí

As an teagmháil thréan go deo,

Ach le beannú an lae bhí a mbrat gan bheám

Ag croitheadh ins an drúcht geal ceol.

IV

’Sé plúr na laoch a thit faraor i mbriseadh crua na Cáisc

Is d’fhág siad sinn go croí tinn

Ag éagaoin faoina mbás

Bhí súile an tsaoil ag breathnú an gníomh

’Rinne clann na nGael san gleo

Na leoin a d’éag faoi sholas glé ghil

Faoi shaoirse ins an drúcht geal ceo.

V

Ar shiúl mar chadhain mo chreach is mo léan

Tá na céadtaí curtha crua,

Tá a gcnámha sínte ag Sola’n tSín [Salonika]

Nó faoi chósta na mara ó thuaidh

Dá bhfaigheadh siad bás sa bhaile ar lár

Le Piaras tá inniu sa ghlór

Bheadh a n-uaigh faoin sliabh i measc na bhFiann

Mar a scaipeann an drúcht geal ceo

VI

Chuaigh mé síos an gleann arís

Agus mo chroí bocht lán de bhrón

Is mé scartha choíche ó phlúr na laoch

Nach bhfeicfinn arís níos mó

I lár na hoíche bímse ’guí

Le mo chónaí a bheith sa ghlór

Do ruaig sibh an tráill a fheara Fáil

Nuair a thit sibh ins an drúcht geal ceo

Bailitheoir: Seán P. Ó Gallchobhair, Áth na gCoire, Anagaire, Co Dhún na nGall