Ó DHÚCHAS… ‘Nuair a bhí Gráinne agus Diarmuid ar a seachaint…’

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Inniu, lá i ndiaidh Fhéile Vailintín, tá scéal againn ón scéal grá is mó a bhí ann riamh in Éirinn, Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne…

Ó DHÚCHAS… ‘Nuair a bhí Gráinne agus Diarmuid ar a seachaint…’

Nuair a bhí Gráinne agus Diarmuid ar a seachaint agus Fionn dá gcuardach, is iomaí áit ar chaith siad oíche agus lá. Tá uaimh ar thaobh an chnoic sa Ruachruach i bparóiste na gCeall a dtugar Leaba Dhiarmada uirthi, agus deirtear gur chaith siad seal tamaill san uaimh seo.

Bhí siadsan ag imeacht ó áit go háit agus Fionn augs dream eile de na Fianna ina ndiaidh. Thiocfadh le Fionn a fháil amach gach maidin cén áit ar chaith siad an oíche roimhe sin. Bhí an t-eolas sin le fáil aige ó fhiacail eolais a bhí aige. Bhí a fhios acu sin fosta. Thug Diarmuid leis mála beag gainimh ón trá agus gach aon oíche chuir siad an mála faoin leaba. Ba é an t-eolas a bhfuair Fionn gach maidin go raibh siad ina luí ar ghaineamh na trá an oíche roimhe sin. Shíl seisean siocair sin go raibh siad i bhfolach áit éigin ar imeall na farraige, agus chaith seisean agus a chuid fear ag cuardach sna huaimheanna ach sin a raibh acu mar thoradh. Bhí an bheirt acu slán beo san uaimh i rith an ama. Deirtear gurb í Gráinne ba chiontach leis an chleas seo ar dtús