Ó DHÚCHAS: ‘Lá Fhéile Sin Seáin…cuireann gach teach mála móna ann…’

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Anocht Oíche Fhéile Sin Seáin, nó Oíche Fhéile Eoin in áiteanna eile…

Ó DHÚCHAS: ‘Lá Fhéile Sin Seáin…cuireann gach teach mála móna ann…’

Lá Fhéile Sin Seáin

Tá sé de nós ag na daoine tine a lasadh Oíche Fhéile Sin Seáin. Sé sin 23ú lá de Mhí Meán. Sa tráthnóna a lastar í. Deirtear gur in onóir Naomh Seán a lastar í.

’Sé an chaoi a bhfadaítear an tine, cuireann gach teach mála móna ann. Bíonn ola mhór agus seanmhálaí acu le caitheamh isteach sa tine. Ar chnocán a dheintear an tine i gcónaí le go mbeadh sí le feiceáil níos fearr.

Nuair a bhíonn na daoine ag dul abhaile tugann siad turas i dtosach. ’Sé an chaoi a dtugtar an turas, téitear timpeall seacht n-uaire ar an tine agus deirtear lán an phaidrín.

Nuair a bhíonn siad ag dul abhaile tugann siad splanc leo agus caitheann siad i ngarraí coirce é. ’Sé an fáth a gcaitear ansin í le go mbeidh an coirce go maith.

An gasúr: Brighid Ní Chonaire

Áit chónaithe: Gairfean, Co. na Gaillimhe

An scéalaí: Seán Ó Conaire

Áit chónaithe: Gairfean, Co. na Gaillimhe

Ais: 60 bliain

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: ‘Lá Fhéile Sin Seáin…cuireann gach teach mála móna ann…’'