Ó DHÚCHAS: ‘In Oifig an Phoist scríobhtar ‘Cill Chomáin’ ach ní dóigh liom gur cheart é…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Dé Domhnaigh, ceiliúrfar féile Chuimín Naofa, seo eolas faoi Chill Chuimín i gContae Luimnigh

Ó DHÚCHAS: ‘In Oifig an Phoist scríobhtar ‘Cill Chomáin’ ach ní dóigh liom gur cheart é…

Cill Chuimín

Is é an t-ainm atá ar an áit seo ná Cill Chuimín. I mBéarla scríobhtar ‘Killcommon’ agus ‘Kilcummin’. In Oifig an Phoist scríobhtar i nGaeilge ‘Cill Chomáin’ ach ní dóigh liom gur cheart é. Chuir Naomh Cuimín cill ar bun anseo sa séú haois. Tá rian di le feiceáil fós sa cheantar Cnoc na Cille. Níl ann ach sórt fáinne nó ciorcal ar thaobh an chnoic. Leasdeartháir do Ghuaire Rí Connacht ab ea Cuimín agus thugtaí an leasainm ‘Cuimín Fada’ air. Bhí sean-ainm ar an áit seo leis ‘Cill Chuimín an tSléibhe’. Is léir go raibh baint éigin ag clann Ghuaire leis an áit mar is é an t-ainm atá ar shléibhte na háite seo ná ‘Sléibhte Eibhlinne Iníon Ghuaire’. Ní ceart ‘The Sleeve Phelim Mountains’ a chur orthu in aon chor. Is iad na beanna is airde atá orthu ná Sliabh Coimeálta’ agus a lán eile nach bhfuil trácht orthu: Máthair Shliabh (2000’), Coileán (1000’), Cnoc Fionn, Cnoc Dubh, Cnoc na Bainise, Cnoc na Cille.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: ‘In Oifig an Phoist scríobhtar ‘Cill Chomáin’ ach ní dóigh liom gur cheart é…'

  • Amhairghin

    Tá Cill Chuimín a’ tSléibhe i gCo. Thiobraid Árann thuaidh, cé go bhfógraíonn fo-theideal an ailt seo gur i Luimneach atá sí.