Ó DHÚCHAS: ‘Bhí scorach thiar i gConamara a bhí tuairim is cúig troithe ar airde agus troigh go leith ar leithead…’

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Anseo, scéilín faoi fhear a bhain cáil amach dó féin

Ó DHÚCHAS: ‘Bhí scorach thiar i gConamara a bhí tuairim is cúig troithe ar airde agus troigh go leith ar leithead…’

Connemara Family. Derek Clarke (1946)

Duine a thuill clú agus cáil dó féin san áit am éigin

Bhí scorach thiar i gConamara agus bhí sé tuairim is cúig troithe ar airde agus troigh go leith ar leithead. Bhí captaen loinge i nGaillimh uair amháin, agus gheobhadh duine ar bith duais a bheadh in ann aige. Uair amháin chuaigh an scorach go Gaillimh agus chuaigh sé síos go dtí an Dug agus chonaic sé an captaen cúpla slat amach sa bhfarraige. D’fhéach sé síos sa Dug agus chonaic sé long mhór, agus bhí an long seo le muintir na Gaillimhe a chosaint ar dhuine ar bith a thiocfadh á n-ionsaí. Chaith sé léim mhór síos ar bord na loinge, agus nuair a chonaic an captaen an léim a thug sé, tháinig sé isteach agus dúirt sé leis, is agatsa a bheidh an duais agus tháinig gliondar croí air, agus chuaigh sé abhaile, agus scaip an scéal ar fud na háite gurbh é a fuair an duais, agus fuair sé an duais cúpla lá ina dhiaidh sin.

Diarmuid Ó Fátharta, Doire Locháin, An Spidéal

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: ‘Bhí scorach thiar i gConamara a bhí tuairim is cúig troithe ar airde agus troigh go leith ar leithead…’'