Ó DHÚCHAS… ‘Bhí Domhnach na Pailme againn an Domhnach seo caite…’

RÉAMHRÁ: Uair sa tseachtain, i gcomhair le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Seo scéal ó Phort Láirge a mhíníonn an fáth a dtugtar ‘Domhnach na Pailme’ ar an Domhnach roimh an gCáisc

Ó DHÚCHAS… ‘Bhí Domhnach na Pailme againn an Domhnach seo caite…’

Domhnach na Pailme

Bhí Domhnach na Pailme againn an Domhnach seo caite. Aon Aifreann amháin a bhí sa séipéal an lá sin agus bhí an soiscéal an-fhada ann.

Is é an sagart paróiste a léigh an tAifreann an lá sin. Bheannaigh an sagart an Phailm roimh an Aifreann. Tar éis an Aifrinn thug na buachaillí a bhí ag freastal an Phailm amach dos na daoine chun é a thabhairt abhaile leo.

Chuaigh fear ón Rinn fé dhéin na Pailme siar go dtí Dromanna. Tar éis an Aifrinn bhí beannacht sa séipéal agus bhí a lán des na scoláirí ag amhrán agus cuid de na daoine móra leis. Bíonn Domhnach na Pailme againn gach aon bhliain roimh Dhomhnach Cásca. Cuireann cuid des na fir agus cuid des na buachaillí craobhacha Pailme ar a gcuid gcasóga an lá sin. Nuair a bhí an Phailm beannaithe ag an Sagart chuir sé dhá phíosa di ar an Altóir. Sé an chúis a bhfuil an ainm sin ar an Domhnach roimh Dhomhnach Cásca mar ar an lá sin bhí Íosa ag dul isteach go hIeriúsailúm agus nuair a chonaic na daoine é chaith siad pailm ar an mbóthar roimhe agus ó shin i leith tá Domhnach na Pailme mar ainm air. Deirtear aon tigh ina mbeadh an phailm sin nach bhfaigheadh aoinne é a chur trí tine. Cuireann cuid des na daoine an phailm in airde ar na pictiúirí.

Bailitheoir: Máire Ní Thallachán, Currach na Madraí, Port Láirge