Ó DHÚCHAS: ‘Agus sin an rud a d’fhág Liam na Sopóige ar shiúl ó thom go tom…’

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Agus muintir Thír Chonaill ag súil leis na Saighneáin anocht, insítear anseo scéal na soilse aisteacha eile a bhíonn le feiceáil i nDoire na Mainséar

Ó DHÚCHAS: ‘Agus sin an rud a d’fhág Liam na Sopóige ar shiúl ó thom go tom…’

Bhí gabha ina chónaí in Éirinn i bhfad ó shin darbh ainm Liam. Bhí sé ina chónaí leis féin. Ní raibh a dhath idir é féin agus an saol ach cathaoir, crann úll agus bosca beag adhmaid. Bhí sé iontach tugtha don ól. Lá amháin bhí sé ag gabháil thart le teach tábhairne agus bhí a theanga amuigh le tart. Ba mhaith leis gloine uisce beatha a fháil ach ní raibh oiread agus pingin rua aige. “Ach,” ar seisean, “níl de dhíth orm ach scilling ach dhíolfainn m’anam leis an diabhal dá dtabharfadh sé scilling amháin dom a gheobhadh gloine uisce beatha dom.” D’amharc sé ar an urlár agus chonaic sé scilling caite ann. Thóg sé an scilling, chuaigh isteach go teach na tábhairne agus d’ól gloine bhreá. Ansin thug sé a aghaidh ar an bhaile.

Cé a bhí istigh sa cheárta ach Naomh Peadar agus capall leis faoi choinne crúite a fháil air. Thosaigh Liam ar an obair agus ba ghairid go raibh na crúite ar an gcapall. Nuair a bhí sé réidh, arsa Noamh Peadar, “tá trí achainí le fáil agat anois”. “Bhal,” arsa Liam, “tá crann úll agam agus bíonn an t-aos óg ag tabhairt leo na n-úll agus is í an achainí atá mé a iarraidh duine ar bith a leagfaidh a lámh air é a cheangal dó nó go scaoilfeadh seisean é.” “An dara ceann,” ar seisean, “má shuíonn duine ar bith ar mo chathaoir gan é a  bheith ábalta bogadh go ligfidh mé chun siúil é.” “An tríú ceann,” ar seisean, “gach ar bith a rachaidh isteach i mo bhosca gan é a fháil amach go mbainfidh mise amach é.” “Tá sin le fáil agat,” arsa Naomh Peadar, “ach is olc a rinne tú gan aon cheann acu a iarraidh do d’anam.”

Nuair a d’imigh Naomh Peadar cé a tháinig isteach ach an diabhal, péire adharc air agus é ag tarraingt slabhra iarainn ina dhiaidh.

“Tá do chuid ama thuas,” arsa an diabhal, ó tharla gur dhíol tú tú féin liomsa.” “Maith go leor,” arsa Liam, “tá mé sásta.” D’iarr sé ar an diabhal dul amach go dtí an crann úll, úlla a bhaint dó féin agus ceann dósan a bheadh siad ag ithe rompu ar an mbealach. Amach leis an diabhal faoi choinne na n-úll ach níor luaithe a leag sé a lámh ar an gcrann ná ceapadh é agus ní rabh sé ábalta bogadh. “Anois,” arsa Liam, “beidh tú ansin go scaoilfidh mise tú agus beidh sin tamall maith.” “Má scaoileann tú mé,” arsa an t-ógánach, “ní thiocfaidh mé faoi do chomhair go cionn fiche bliain.” Scaoil an gabha é agus d’imigh sé.

Nuair a bhí na fiche bliain caite tháinig an diabhal athuair. Bhí Liam ina shuí ag ithe a dhinnéir. “Cinnte beidh tú liom an iarraidh seo,” arsa an diabhal. “Suigh ar an gcathaoir go raibh mo dhinnéar ite agam,” arsa Liam. Shuigh an diabhal, agus nuair a bhí Liam réidh d’iarr sé air teacht leis ach nuair a thug an diabhal iarraidh éirí ní raibh sé ábalta nó bhí sé gafa.

“Caithfidh tú fanacht ansin go scaoilfidh mise thú,” arsa an gabha, “agus beidh fanacht fada ort.” “Fanfaidh mé ar siúl uait go ceann fiche bliain eile,” arsa an diabhal, “má ligeann tú ar shiúl mé.” Thug Liam ceann a chinn dó agus d’imigh sé.

I gceann fiche bliain d’fhill an diabhal ar ais agus iomlán a raibh de dhiabhail bheaga in ifreann leis. “Imeoidh tú inniu ar scor ar bith,” arsa an diabhal le Liam.

“Imeoidh,” arsa Liam, “gabhaigí isteach.” Caidé a bhí sa doras ach an bosca. Nuair a tháinig na diabhail isteach ceapadh iad sa bhosca agus ní raibh siad ábalta teacht amach.

Chuir Liam an clár ar an mbosca agus ar seisean, “ní bhfaighidh sibh amach as sin a choíche.” “Má ligeann tú cead ár gcinn linn,” ar siadsan, “ní thiocfaidh muid faoi do choinne choíche.” Thóg Liam an clár den bhosca agus d’imigh siad uilig.

Ní raibh sé i bhfad ina dhiaidh sin go bhfuair Liam bás agus siúd suas é ag tarraingt ar na flaithis. Bhí Naomh Peadar ar an ngeata agus d’iarr Liam air é a ligean isteach. “Is fada díolta leis an diabhal thú,” arsa Naomh Peadar, “agus caithfidh tú dul chuige anois.” D’imigh sé ag tarraingt ar ifreann agus nuair a chonaic na diabhail ag tarraingt orthu é dúirt siad go bhfuair siad a sáith de agus é a choinneáil amach uathu. Chaith siad amach sop chuige agus an sop lasta. D’imigh sé leis ansin agus sin an rud a d’fhág Liam na Sopóige ar shiúl ó thom go tom agus solas leis, ón lá sin go dtí an lá inniu.

Niall Shéimisín Ó Domhnaill, 82, Doire na Mainséar

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: ‘Agus sin an rud a d’fhág Liam na Sopóige ar shiúl ó thom go tom…’'