Ó Cheiltigh Ghaoth Dobhair go Páirc na gCeilteach

In iarthar Dhún na nGall, níl ach freagra amháin ar an cheist, ‘An Éireannach é Aiden McGeady?’

Aiden McGeady ag oscailt páirc peile nua i nGaoth Dobhair i 2009
Aiden McGeady ag oscailt páirc peile nua i nGaoth Dobhair i 2009

I rith na seachtaine, rinne iarimreoir na hAlban, Gordon McQueen, Aiden McGeady agus James McCarthy a cháineadh go poiblí mar gheall ar an gcinneadh atá déanta acu geansaí na hÉireann a chaitheamh in áit ceann na hAlban.

Dúirt McQueen, go bunúsach, gur Albanach thú nó ní Albanach thú agus ba cheart go dtuigfeá sin ag dhá bhliain déag d’aois.

Ag an tráth seo ina shaol, bhíodh McGeady ag imirt d’fhoireann Éireannach cheana féin, Ceiltigh Ghoath Dobhair.

Is cuimhin le Aodh Rua Ó Gallchóir, a bhí ag plé le Ceiltigh Ghaoth Dobhair ag an am agus atá fós, McGeady óg ag tabhairt cuairte go minic ar Thír Chonaill.

“Bhí cónaí ar a mháthair mhór anseo i nGaoth Dobhair. Caithfidh sé na samhraí anseo agus bheadh sé ag traenáil agus ag imirt do Cheiltigh Ghaoth Dobhair.”

Ba léir ón tús go raibh leibhéal cumais eile ar fad ag McGeady i gcomparáid leis na gasúir eile, dar le Ó Gallchóir.

“Bhí sé ag teacht anall nuair a bhí sé ina pháiste beag, seacht, ocht, naoi mbliain d’aois. Bhí sé iontach beag mar imreoir, fiú amháin ag an aois sin.

“Ní raibh sé láidir ar chor ar bith ach bhí aclaíocht agus scil iontach aige. Thug sé taispeántas oíche amháin, agus é ag imirt le liathróid leadóige agus liathróidí gailf agus bhí sé dochreidte.”

Bhí an sacar sa bhfuil ag McGeady.

D’imir a athair, John, go proifisiúnta do Sheffiled Utd i Sasana agus cé go raibh air éirí as nuair a bhí sé óg mar gheall ar ghortú, thug sé an díocas agus an misneach a bhí ag teastáil chun a bheith i d’imreoir gairmiúil dá mhac.

Ní raibh aon iontas ar mhuintir Ghaoth Dobhair nuair a thosaigh scéalta ag dul thart go raibh na clubanna is mó sa Bhreatain ag iarraidh McGeady a shíniú.

Is cuimhin le Ó Gallchóir go ndearna Arsenal an-iarracht an cliathánaí a mhealladh chuig Londain ach rinne McGeady an cinneadh fanacht gar don bhaile.

“Ar deireadh, shínigh sé le Ceiltigh Ghlaschú,” a deir Ó Gallchór.

“Bhí a chuid tuismitheoirí ina chónaí i nGlaschú agus is dóigh liom go raibh a athair ag iarraidh go n-imreodh sé do na Ceiltgh, cé nach raibh sé ag cur brú air. Is é an cinneadh nádúrtha a bhí ann, is dóigh liom.”

Maidir leis an gceist faoi cén tír lena n-imreodh McGeady, ní raibh ach freagra amháin air sin, dar le Ó Gallchóir.

“Ní raibh ceist ar bith nach n-imreodh sé d’Éirinn. Sin a bhí an t-athair ag iarraidh ag, sin é an dóigh ar tógadh é; bhí an t-adh orainn in Éirinn ar an taobh sin de, is dóigh.

“Bhí sé soleir agus é ag fás aníos go raibh an- ‘potential’ aige. Chuaigh an FAI i dteagmháil leis nuair a bhí sé 15 bliain d’aois agus d’imir sé d’Eirinn ó shin amach.”

Dúirt Gordon McQueen i rith na seachtaine go raibh súil aige go ndéanfadh lucht tacaíochta na hAlban faíreach faoi McGeady agus McCarthy, atá anois gortaithe, mar nach bhfuil siad ag imirt d’Albain.

“Ní bheidh fadhb ar bith aige [McGeady] mar gheall air sin, é fhéin nó McCarthy. Tá cleachtadh acu a bheith ag déileáil leis seachtain i ndiaidh seachtaine, go háirthe leis an chúlra atá acu,” a deir Ó Gallchóir.

“Nuair a shínigh sé do na Ceiltigh agus nuair a thosaigh sé ag imirt dóibh, bhí sé crua go leor dó cluichí a imirt taobh amuigh de Ghlaschú, nó ar an taobh eile de Glaschú, mar gheall ar an chúlra Éireannach a bhí aige chomh maith leis a bheith ag imirt do chlub Caitliceach.“

Anois agus cuid de na dearbaithe is mó san Eorap imeartha aige, i nGlaschú, i Moscó agus i Learpholl, tá cleachtadh ag McGeady ar bheith os comhair slua atá ina choinne.

Cibé fáilte a chuirfear roimh McGeady i nGlaschú anocht, an cathair inar rugadh é, is cinnte go mbeidh fáilte roimhe i gcónaí sa cheantar inar chaith sé go leor dá óige.

Idir dhualgais imeartha agus chúraimí teaghlaigh, ní fheictear McGeady timpeall ar Thír Chonaill chomh minic na laethanta seo is a d’fheictí ach níl an áit dearmadta aige ná baol air.

Nuair a d’oscail Ceiltigh Ghaoth Dobhair pairc uile-aimseartha agus seomraí feistis tamall de bhlianta ó shin, rinne McGeady an turas céana a rinne sé nuair a bhí sé óg chun láimh chúnta a thabhairt don chéad fhoireann Éireannach ar imir sé leo.

 

 

Fág freagra ar 'Ó Cheiltigh Ghaoth Dobhair go Páirc na gCeilteach'