Ó Charna go Capitol Hill is léir cén chúis go mbeidh Clinton sa Teach Bán

Níl raibh in ócáid na bPoblachtánach i gCleveland agus ainmniú oifigiúil Donald Trump aréir ach cur amú ama, airgid agus fuinnimh; tá toghchán a d’fhéadfadh a bheith buaite acu fágtha ina ndiaidh ag na Poblachtánaigh

Hillary Clinto Donald Trump

Cuid mhór de na daoine a thugann vóta duit – ní duit an vóta sin dáiríre.  Sin é a deireadh Micheál Ó Móráin as Carna, iarchomhairleoir contae agus fear anailíse den scoth aimsir thoghchán ar Raidió na Gaeltachta.

In aghaidh duine éigin eile a bheadh go leor daoine ag vótáil, a deireadh Micheál – go ndéana Dia grásta air – agus ba thusa an té a choinneodh an duine sin amuigh.

Mar sin a bhí i gConamara sna laethanta a caitheadh agus is cosúil go bhfuil an cineál sin polaitíochta beo, bríomhar i Meiriceá i mbliain seo Thoghchán na hUachtaránachta.  Rinne an Boston Herald, i gcomhar le hOllscoil Franklin River, pobalbhreith le gairid agus fuaireadar amach go bhfuil 43% dóibh siúd atá ag brath ar vótáil do Donald Trump á dhéanamh sin le Hillary Clinton a choinneáil as an Teach Bán. 

Ar an taobh eile den scéal, tá 42% díobh siúd a bheidh ag vótáil do Hillary Clinton á dhéanamh sin ar fhaitíos go ngabhfadh Donald Trump isteach.  Ní le cion ná le meas ar cheachtar de na hiarrthóirí atá cuimse daoine ag cuimhneamh ar vótáil dóibh.

Go deimhin, taispeánann pobalbhreitheanna eile go bhfuil 25% de na daoine a cheistítear i bpobalbhreitheanna tinn, tuirseach den bheirt phríomh-iomaitheoirí.  Sin é an céatadán is airde daoine le trí scór bliain agus tuilleadh a raibh an oiread sin daoine agus drochmheas acu ar an mbeirt atá san iomaíocht.  Mar shampla, 11% a bhí naimhdeach do Obama agus Romney – an bheirt acu – in 2012;  bhí an céatadán thart ar 7% nuair a thriail John McCain agus Barack Obama a chéile amach i dtoghchán 2008.   Ó ainmníodh Trump go hoifigiúil aréir tá sé deimhnithe  go bhfuil againn an bheirt iarrthóirí is lú a bhfuil gnaoi an phobail acu ó thug Barry Goldwater, iarrthóir na nDaonlathach, aghaidh ar Lyndon Johnson i 1964.

Ní hiontas ar bith é.

Iad siúd a bhíodh anonn agus anall go Meiriceá in 2007 agus in 2008, thugadar faoi deara nach raibh an pobal an-tógtha le Hillary Clinton san am sin.  Dá mbeadh aon ghreim daingean aice ar an bpobal Daonlathach ní bheadh Seanadóir as Chicago nach raibh ach cúpla bliain caite aige i Washington in ann a theacht aniar aduaidh uirthi.  Ach, níor chuir sin stop le Hillary Clinton agus bainfidh sí ceann scribe amach an iarraidh seo agus cuid den bhuíochas as sin d’iarrthóir lag a bheith ina haghaidh an turas seo.

’Sé toghchán seo 2016 an ceann a d’fhág na Poblachtánaigh ina ndiaidh. Rinne Bernie Sanders i bhfad níos fearr ná mar a ceapadh dó i measc na nDaonlathach, ach ní thabharfadh sé leis go brách na cathracha móra ar an gcósta thoir ná ar an  gcósta thiar. Dá réir sin, tar éis na cainte uilig, ba ag Clinton a bheadh an geall i measc na nDaonlathach. Ach, bíodh sise agus na Daonlathaigh buíoch as an bpraiseach atá déanta ag na Poblachtánaigh den fheachtas seo.  Déanta na fírinne, ní hiad ceannasaithe na bPoblachtánach a rinne an botún polaitiúil seo ach vótóirí an pháirtí ar fud Mheiriceá.

Níl rogha ag na Poblachtánaigh anois ach an bealach a réiteach, más go drogallach féin é, do Donald Trump.  ’Sé iontas na n-iontas é. 

Is beag nach raibh sé ina scéal grinn i Meiriceá bliain go leith ó shin nuair a tosaíodh an chaint go dtabharfadh Trump iarraidh faoi ainmniúchán na bPoblachtánach.  Cén chaoi mar sin ar sheas an oiread sin de chosmhuintir na bPoblachtánach leis? Is fiú a dhul ar ais chuig teoiric Mhichíl Uí Mhóráin i dtoghcháin na Comhairle Contae i gConamara.

Bhí formhór na ndaoine a sheas le Trump ag cur a gcosa uathu faoin mbail atá ar Mheiriceá ar bhealaí éagsúla. Thug guth láidir, neamhbhalbh Trump glór dóibhsean; fáisc ar na himircigh mhídhleathacha, ná bí ag roinnt na creiche chomh flaithiúil sin le daoine atá díomhaoin, tabhair jabanna do phobal Mheiriceá féin, coinnigh forlámhas an Rialtais Fheidearálaigh i bhfad ón doras.

Ach ó na Poblachtánaigh ó dheas amháin atá cluas faighte ag Trump.  Rinne lucht an ghréasáin nuachta Irish Central suirbhé cúpla mí ó shin agus ba é an toradh a bhí air sin go raibh níos mó Gael-Mheiriceánach sásta tacú le Trump ná le Hillary.  Labhair le cuid de na Gaeil féin thall agus feicfidh tú go bhfuil cineál tuiscint acu ar a bhfuil á rá ag Trump.

Ina dhiaidh sin féin, mura dtarlódh – Dia idir sinn agus an anachain – go mbeadh ionsaithe treallchogaíochta sna Stáit idir seo agus mí na Samhna, níl seans ar bith ag Donald Trump. Ceart go leor, tá sé i gcultúr na Meiriceánach go bhfuil siad muiníneach agus glórach, scaití.  Ach, tá Donald Trump thar fóir ar fad.  Cé go bhfuil fáilte – más fíor – roimh chaint ionraic agus fuadar focal, tá níos mó ná sin ag teastáil ón té atá ar an stiúir sa tír is cumhachtaí ar dhroim na cruinne.  Teannfaidh daoine siar cuid mhaith ó ghleo agus ó ghaisce Trump sa deireadh.   Níl in ócáid na bPoblachtánach i Cleveland faoi láthair ach cur amú ama, airgid agus fuinnimh; tá toghchán a d’fhéadfadh a bheith buaite acu fágtha ina ndiaidh ag na Poblachtánaigh.

Ní bheidh Hillary Clinton sa mbád céanna beag ná mór – ó thaobh ceannaireachta agus gean an phobail – le cuid d’Uachtaráin mhóra Mheiriceá, leithéidí an Chinnéidigh, Reagan agus a fear céile féin, Bill Clinton.  Ach ní hin le rá nach ndéanfaidh sí obair éifeachtach agus stuama sa Teach Bán.

Fág freagra ar 'Ó Charna go Capitol Hill is léir cén chúis go mbeidh Clinton sa Teach Bán'