Ó Céidigh ceaptha ina Chathaoirleach ar Choiste Oireachtais na dtáillí uisce

Beidh an Seanadóir as an Spidéal ina Chathaoirleach ar an gCoiste Oireachtais a thabharfaidh faoi chomhaontú a fháil maidir le ceist chonspóideach na dtáillí uisce

Ó Céidigh ceaptha ina Chathaoirleach ar Choiste Oireachtais na dtáillí uisce

Tá an Seanadóir Gaeltachta Pádraig Ó Céidigh ceaptha ina Chathaoirleach ar an gCoiste Oireachtais a mbeidh sé mar chúram air teacht ar chomhaontú faoi cheist chonspóideach na dtáillí uisce.

Tuigtear do Tuairisc.ie gurb é an tAire Tithíochta Simon Coveney a d’iarr ar Ó Céidigh Dé hAoine seo caite a bheith ina Chathoirleach ar an gcoiste Oireachtais nua.

Tuigtear chomh maith gur roghnaíodh an Seanadóir as an Spidéal mar gheall ar a thaithí gnó agus toisc gan é a bheith luaite le páirtí polaitíochta ar bith.

Tuairiscíodh cheana go raibh cathaoirleacht an choiste ina ábhar aighnis idir Fine Gael agus Fianna Fáil agus bhí an tAire Coveney feasach ar an ngá le duine nach samhlaítear le haon pháirtí ar leith a cheapadh.

Cé go bhfuil Ó Céidigh i measc na ndaoine a d’ainmnigh an Taoiseach don Seanad, tá sé ar dhuine de thriúr Seanadóirí a roghnaigh Micheál Martin mar chuid de shocrú a rinne Fianna Fáil le Fine Gael, agus féachtar ar an bhfear Gaeltachta mar ionadaí neamhspleách.

Is é an cúram a bheidh ar an gCoiste Oireachtais nua ná scrúdú a dhéanamh ar an tuarascáil atá curtha i dtoll a chéile ag an gCoimisiún Neamhspleách ar Tháillí Uisce a fhoilseofar ag deireadh na míosa seo.

Faoi chathaoirleacht Uí Chéidigh, déanfaidh an coiste nua scagadh ar mholtaí thuarascáil shaineolaithe an Choimisiúin agus déanfar iarracht teacht ar chomhaontú maidir le polasaí uisce an Stáit.

Tabharfar tréimhse trí mhí do lucht an choiste nua a mbreithiúnas a thabhairt ar mholtaí na saineolaithe.

Is cinnte gur obair mhór atá roimh an gCoiste nua agus ceist chonspóideach na dtáillí uisce ina ceist íogair ó thaobh na polaitíochta de chomh maith.

Beidh iarrachtaí an choiste teacht ar chomhaontú polaitiúil maidir le táillí uisce go mór i mbéal an phobail.

Is cinnte chomh maith gur cor suntasach é seo i saol polaitiúil Uí Chéidigh. Díol suntais é ról dúshlánach mar seo a bheith tugtha do dhuine nár chuir tús lena shaol sa pholaitíocht go dtí gur ceapadh ina Sheanadóir é i mBealtaine na bliana seo.

Ar ndóigh, mar fhiontraí agus iar-úinéir Aer Arann, tá taithí fhada ag an Seanadóir ar bheith i mbun idirbheartaíochta agus ar bheith ag déanamh comhréiteach. Beidh sé ag súil go seasfaidh an taithí sin leis sna míonna amach romhainn.

Tuairiscítear go mbeidh 20 duine ar an gCoiste Oireachtais nua, ag áireamh cúigear Teachtaí Dála de chuid an Rialtais, ceathrar ó Fhianna Fáil, beirt ó Shinn Féin agus cúigear eile ó na páirtithe agus na grúpaí eile. Meastar gur ceathrar Seanadóirí a bheidh ar an gcoiste nua.

Fág freagra ar 'Ó Céidigh ceaptha ina Chathaoirleach ar Choiste Oireachtais na dtáillí uisce'