Ó bhus an diabhail go bus an deamhain!

Ní hí bean Luimnigh an t-aon duine ar domhan a d’impigh ar na húdaráis an uimhir 666 a scrios. D’impigh muintir Muskva na Rúise ar údaráis an chórais iompair phoiblí uimhir a mbusbhealaigh a athrú ag deireadh an chéid seo caite, ach ní mar a shíltear a bhítear…

diabhal

Tuairiscíodh sa Limerick Leader inné go bhfuil máthair as cathair Luimnigh tar éis impí ar an Roinn Leasa Shóisialaí uimhir PPS a linbh a athrú ‘ar chúinsí creidimh’.

De réir an Limerick Leader, d’iarr an mháthair ar an Roinn an uimhir a athrú mar tá na huimhreacha ‘666’ san uimhir a tugadh don leanbh. Is minic a thugtar ‘uimhir an diabhail’ ar an uimhir sin mar gheall ar an tagairt a dhéantar di in Apacailipsis Eoin sa Bhíobla.

Tuairiscítear go raibh an bhean ‘míchompordach’ go raibh an uimhir luaite lena leanbh agus gur trí huaire a d’iarr sí ar an Roinn í a athrú ó bhí mí na Nollag ann. Thug an mháthair an cás chomh fada le Willie O’Dea TD (FF) agus dúirt urlabhraí de chuid an Teachta Dála leis an Limerick Leader nach bean mhór piseoga atá inti ach gurb é an chaoi nach maith léi an ceangal diabhalta atá leis an uimhir.

Heicseacóisióiheicseacontaiheicseafóibe’ a thugtar an bhfóibe roimh an uimhir 666 agus ní hí seo an chéad uair a spreag an fhóibe céanna achainí ón bpobal ar eagras stáit.

Sa bhliain 1999 ghéill oifigigh de chuid na Mosgortans (an Roinn Iompair) i Moskva na Rúise d’fheachtas mór uimhir an bhus ‘666’ a athrú. Bhí idir litreacha ó lucht a úsáidte, ghearáin ó lucht eaglasta agus ailt i nuachtáin áitiúla agus náisiúnta a dhéanadh spochadh agus magadh faoin ‘mbus mallaithe’.

Nuair a rinne Bus 666 an chéad turas idir na stáisiúin Metro ag Noviye Cheryomushk agus Prospekt Vernadskogo sa bhliain 1983, ba chuma sa diabhal le húdaráis na cathrach faoin imní creidimh a bhí ar Chríostaithe Moskva – meon a luigh go maith le hídeolaíocht aindiach Aontas na bPoblachtaí Sóibhéadacha Sóisialacha.

Ach i ndiaidh Thitim an Bhalla sa bhliain 1989, ní bhíodh an oiread sin faitíos ar dhaoine an creideamh a lua leis na húdaráis agus thosaigh na litreacha ag teacht.

Ar dhuine de na gearánaithe ba mhó ag an am bhí Vitaly Lakshin, maor Shéipéal na Tríonóide, séipéal de chuid na hEaglaise Ceartchreidmhí, i Vorontsovo. Théadh an 666 thar dhoras an tséipéil gach lá.

“Táthar ann a deir nach bhfuil ann ach uimhir, ach bíonn ceangal ag uimhreacha le rudaí tromchúiseacha. Ba cheart go dtuigfeadh gach duine Ceartchreidmheach é sin,” a dúirt Lakshin le The Moscow Times ag an am.

Tar éis breis agus ocht mbliana den fheachtas, ghéill oifigigh Mosgortrans don éileamh nuair a thug lucht an fheachtais a ngearán chomh fada leis an nuachtán Moskovsky Komsomolets, a scríobh alt ar an ábhar.

Go tobann, tugadh cluais éisteachta do mhuintir an pharóiste agus bheartaigh lucht Mosgortrans an uimhir 616 – nach raibh in úsáid níos mó – a thabhairt don ‘bhus mallaithe’. Agus an t-athrú á bhfógairt acu, dúirt urlabhraí de chuid Mosgortrans gur mhaith an t-athrú a bhí ann mar shásaigh sé lucht na bpiseog agus ní raibh sé chomh difriúil sin ón seanuimhir go mbeadh mearbhall ar phaisinéirí faoin mbusbhealach.

Ach ní shin deireadh an scéil – is baolach go bhfuil an scéal déanta seacht n-oiread níos measa ag Mosgortrans. Ba í tuairim na coitiantachta le fada an lá gur do 666 a thagair Eoin ina Apacailipsis. Sa bhliain 2005, áfach, nochtadh mír sa lámhscríbhinn ar a dtugtar ‘Paipír 115’ ina bhfuil an leagan is sine amuigh den chuid d’Apacailipsis Eoin ina bpléitear ‘uimhir an diabhail’. Luaitear sa lámhscríbhinn sin an uimhir ‘616’ – a thabharfadh le fios gurb í sin an uimhir a bhí i gceist ag Eoin an chéad lá riamh agus ní 666. Is cosúil gur ó bhus an diabhail go bus an deamhain a chuaigh muintir Vorontsovo!

Fág freagra ar 'Ó bhus an diabhail go bus an deamhain!'

  • Vitaly

    Is cuimhin liom go maith an scéal sin. Nuair a bhí an bus 666 ag rith trasna na sráideanna Mhoscó, bhí sé lámhscríofa ar chuid de stadanna bus: “GO hIFREANN”. Agus b’fhéidir gur an treo céanna (nó as an áit chéanna) a théann cuid mhaith de bhusanna i nDeisceart na hÉireann. Níl aon sceidéal san Ifreann (ceapaim) agus ní bhacann Bus Éireann fé sin chomh maith. Mo churiarracht phearsanta ag fanacht na mbus in Éirinn – 40 nóiméad th’éis am ar an chlár. Bhíos ag fanacht ar bhus 666… mo leithscéal, 279 (Cill Áirne – Cill Orglan – Trá Lí) sa Chaisleán na Mainge. Buíochas mór le muintir na háite! Thugadar comhairle dúinn gan bheith ag bacadh. “Tiocfaidh sé cinnte, ná bígí imnioch, tá sé déanach i gcónaí” – a deir siad, agus an-cheart a bhí acu ag deireadh thiar thall. “Ná bac liom le rudaí amáideach cosúil le “clár”, is mise an clár anseo, a deir liom tiomanaí bus amháin idir Chorcaigh agus Ciarraí. Is breá liom go mór na contaetha seo, bainim ana-thaitneamh astu, beag beann ar an aimsir. Ach caithfidh píosa beag ón Ifreann a bheith ann (gan é, bheadh se ina Pharthas). Agus sin Bus Éireann, mar phionós as ar gcuid peacaí go léir.