Ó Bhaile Uí Mhurchú go Birmingham tá freagraí dlite ag muintir na marbh

Is é an coiste cróinéara an rud is lú atá dlite do mhuintir na marbh ó thuaidh. Bheadh a thuilleadh moille do-mhaite…

Ó Bhaile Uí Mhurchú go Birmingham tá freagraí dlite ag muintir na marbh

Declan Morgan

Sárú ar dhualgas cróinéara is ea gan ionchoisne a éisteacht taobh istigh d’achar réasúnta. Tiarna Príomh-Bhreitheamh Thuaisceart Éireann, Declan Morgan, a dúirt agus é ag fógairt nach n-éistfear i mbliana ach dhá chás as 80 eachtra stairiúil cheal gnímh i Stormont.

Tá cuid de na cásanna breis is dhá scór bliain ar an méar fhada agus iad ar chuid de na heachtraí ba chonspóidí le linn na dtrioblóidí.

Tá freagracht glactha ag an mBreitheamh Morgan as cúirt an chróinéara le beagnach bliain agus é ar a dhícheall chun a dhul i ngleic leis an bhfaillí náireach. Níos luaithe i mbliana, d’fhógair sé plean cúig bliana chun an riaráiste a ghlanadh ar chostas £10 milliún. D’iarr sé ar Stormont an t-airgead a fháil as ciste atá ceadaithe ag rialtas na Breataine do cheisteanna oidhreachta. Chuir an Chéad-Aire, Arlene Foster, bac ar an iarratas. Is léir go bhfuil briste ar fhoighid an Phríomh-Bhreithimh faoin moilleadóireacht.

Bhí an tAire Cirt i Stormont, an teachta neamhspleách Claire Sugden, i láthair ag aitheasc an Bhreithimh Morgan. D’aontaigh sí níos deireanaí go raibh práinn le gníomh chun an glas a scaoileadh. Ar ndóigh, ní cheapann éinne gur fúithise atá fuascailt na sáinne maidir le hoidhreacht na dTrioblóidí. Chuir Arlene Foster bac ar iarratas an Phríomh-Bhreithimh mar go gcaithfí ‘athscríobh na staire’ a sheachaint, a dúirt sí. Go bunúsach, ní raibh sí sásta go n-éistfí ionchoisní faoi eachtraí a gcuirtear an milleán ar fhórsaí an stáit astu – gan próiseas a bheith ar siúl ag an am céanna chun coiriúlacht na bparaimíleatach (an tIRA, go príomha) a fhiosrú. Ina theannta sin, bhí easaontas idir Sinn Féin agus an Státrúnaí Villiers faoi phlean na Breataine chun eolas a cheilt ‘ar bhonn slándála náisiúnta’.

Fágann na cúinsí sin sáinn nó parailís i dtaca le hoidhreacht na dtrioblóidí agus fágann sé na hionchoisní i bhfostú sa pholaitíocht. Dúirt Declan Morgan gur cúis mhór imní é an riaráiste mór oibre atá le déanamh agus gan dada faoi réir chun tabhairt faoi. Ní bheidh cúirteanna cróinéara in ann a ndualgas a chomhlíonadh d’uireasa acmhainní, a dúirt sé. “B’fhearr liom nach amhlaidh a bheadh, mar gur buille millteanach eile do na gaolta a bheadh ann,” ar sé.

Tá na breithiúna ullamh chun a ndualgais a dhéanamh i dtaca le ceisteanna oidhreachta ach níor mhór do ‘dhaoine eile’ an rud céanna a dhéanamh, dar le Morgan.

Mar fhocal scoir d’éiligh sé, arís eile, ar an bhFeidhmeannas, ar an Tionól agus ar Rialtas na Breataine an gnó a dhéanamh mar ábhar práinne.

Taca an ama a raibh an Príomh-Bhreitheamh Morgan ag cur a mhíshástacht in iúl ina aitheasc, bhí gaolta na ndaoine a maraíodh i mbuamáil Birmingham i 1974 ar a mbealach chuig cruinniú le Rialtas na Breataine. Mharaigh an tIRA duine is fiche agus gortaíodh 182 duine eile san eachtra a thuill tuilleadh míchlú ar fud na cruinne i ngeall ar iomrall ceartais Sheisear Birmingham. Cuireadh an coiste cróinéara ar fionraí i 1974 nuair a gabhadh an seisear agus níor athghairmeadh riamh é. Anois tá ionchoisne nua geallta agus d’iarr an grúpa Justice4the21 ar an Rúnaí Gnóthaí Baile, Amber Rudd, maoiniú agus cúnamh dlí a sholáthar le gur féidir le dlíodóirí obair ullmhúcháin a dhéanamh.

Agus seo á scríobh ní raibh aon fhreagra faighte acu ar a n-achainí, ach dúirt Rudd go ndéanfaí cinneadh roimh dheireadh na míosa.

Ní barántas ar bith é bunú coiste cróinéara go bhfaighidh muintir Birmingham amach cérbh iad na daoine ón IRA a bhí freagrach as na buamaí sa dá theach tábhairne, ach ar a laghad thabharfadh a leithéid seans do dhaoine na ceisteanna faoin uafás a chíoradh. Is é an scéal céanna é maidir le formhór na n-eachtraí i dTuaisceart Éireann. Ó Bhaile Uí Mhurchú go Birmingham, is é an coiste cróinéara an méid is lú atá dlite do mhuintir na marbh, is cuma cé a bhí freagrach as an marú. Bheadh a thuilleadh moille do-mhaite.

 

Fág freagra ar 'Ó Bhaile Uí Mhurchú go Birmingham tá freagraí dlite ag muintir na marbh'