Ó aolchloch gheal Chorcaí go gaineamhchloch Dhún na nGall – léarscáil chloiche na hÉireann

Tá saothar ealaíne ar leith curtha i nGleann Cholm Cille mar chomóradh ar Éirí Amach na Cásca 1916

Léarscáil

Tá “na céadta” ag tarraingt ar Ghleann Cholm Cille ó cuireadh saothar ealaíne nua ann mar chomóradh ar Éirí Amach na Cásca 1916.

Léarscáil chloiche, 15 troigh ar airde, dar teideal ‘Clocha na hÉireann’ atá sa phíosa ealaíne nua a raibh lámh ag 32 saor cloiche as na 32 contae inti.

Ar dhuine de na daoine a d’eagraigh an togra bhí Louise Price as Tír Eoghain, atá ina cathaoirleach ar Fhéile na gCloch, féile a thugann ardán do shaoir chloiche na hÉireann chun a gceird agus a saothar a thaispeáint.

Eddie Farrelly

Dúirt Price le Tuairisc.ie gur roghnaíodh an cineál cloiche a d’úsáidfí do na contaetha éagsúla bunaithe ar a choitianta is a bhí an cineál sin cloiche sna contaetha.

“Is ‘cloch dhúchais’ í achan chloch atá ar an léarscáil, tháinig achan chloch atá ann ón gcontae a seasann sí dó. Is í an aolchloch is mó atá i gceist do na contaetha lár tíre, tá go leor gaineamhchloch san iarthuaisceart, agus tá eibhear ann do chontaetha Átha Cliath, Loch Garman agus Gaillimh.

“Tá clocha tearca ann freisin, clocha nach bhfaightear i mórán áiteanna eile in Éirinn nó ar domhan fiú. Marmar Chill Chainnigh a úsáideadh don chontae sin agus tá basalt ann do Chlochán na bhFomhórach agus Contae Aontroma. Úsáideadh ‘Kerry Red’ do chontae Chiarraí, marmar bréige a bhfuil snas deas curtha air. Tógadh é sin ó mhoghlaeir mór i gCiarraí,” a dúirt sí.

Tír Chonaill

Ba ar “chúinsí féiniúlachta” a beartaíodh clocha ó na contaetha féin a úsáid ar an léarscáil. Dúirt Price gur ón tSín a tháinig formhór na gcloch a úsáidtear le haghaidh leaca uaighe agus leachta eile in Éirinn sa lá atá inniu ann, ach gur theastaigh ó lucht eagraithe an togra a léiriú go bhfuil traidisiún ársa saoirseacht chloiche in Éirinn.

“Má shiúlann tú isteach i reilig in Éirinn, is cinnte gur ón tSín a tháinig an chuid is mó de na leaca uaighe a fheicfidh tú ann. Bhí sé ríthábhachtach dúinn go n-úsáidfí clocha na hÉireann don togra seo.

“Tá sé níos saoire cloch a thabhairt isteach thar sáile ná mar atá sé í a chairéalú anseo, ach bhí muidne ag iarraidh béim a leagan ar an bhféiniúlacht. Is cuid dár bhféiniúlacht iad na clocha seo ós iad an talamh faoinár gcosa, is astu a fáisceadh muid,” a dúirt sí.

Port Lairge

Cinntíodh  freisin go raibh baint ag na saoir chloiche leis na ‘contaetha’ a bhí le dearadh acu. Níor ghá gur rugadh sa chontae sin an saor ach chaith gach uile dhuine acu a d’oibrigh ar an léarscáil seal ina chónaí sa ‘chontae’ a dhear agus a ghearr sé.

Iarradh ar na saoir chloiche sin cloch an chontae a mhaisiú le dearadh a bhain go sonrach leis an gcontae. Do chontae na Gaillimhe, mar shampla, ghearr an saor Christian Helling fáinne an Chladaigh i gcloch eibhir ó Chonamara.

Gaillimh agus Clár

Ar aolchloch Mhaigh Eo chuir Dom Keogh siombail Chlann Lir, a luaitear sa scéalaíocht le hInis Gluaire sa chontae sin agus ‘Giorra Geal an Chreagáin’ a bhí mar spreagadh ag Lorcan Dunne a dhear ‘contae’ Thír Eoghain.

D’oibrigh na saoir chloiche ar bhonn deonach don togra seo agus níor thuill duine ar bith acu aon airgead as a shaothar.

Muigheo agus Gaillimh

“Nuair a bheartaigh muid [Féile na gCloch] comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca 1916, sheol muid teimpléid agus treoracha teicniúla, toisí, srl, chuig na saoir chloiche. Ba í an chéad chloch a tháinig ar ais an ceann a rinne Adrian Gogarty do Chontae na Mí – an Bradán Feasa ag léimneach amach as an aolchloch, agus leag sé sin caighdeán an-ard síos.

“Ní raibh aon súil againn le hardchaighdeán na hoibre ó na saoir uile, tá an caighdeán sin le feiceáil go soiléir ar an léarscáil chríochnaithe anois, sna coiníní, na bric, na crainn agus achan rud eile atá ann. Níl a leithéid ann áit ar bith ar domhan,” a dúirt Louise Price.

Gaeltachtaí na Mumhan

Dúirt sí gurb é téama an togra nó “an aontacht” agus nach gá go mbainfí brí pholaitíochta as an méid sin, cé gur comóradh ar an Éirí Amach atá sa togra, ach go mbaineann sé le “go leor rudaí éagsúla”, an comhoibriú ina measc.

Músclaíodh spéis i saothrú cloiche i nGleann Cholm Cille arís nuair a cuireadh cúrsa ar siúl ann os cionn 20 bliain ó shin. Tháinig maoiniú don chúrsa ón Aontas Eorpach agus ó Údarás na Gaeltachta agus tháinig an saor cloiche mór le rá, Beairtle Ó Domhnaill, nach maireann, ón gCeathrú Rua le hoiliúint a chur ar lucht freastail an chúrsa.

Is ón ngrúpa sin a d’eascair Féile na gCloch agus ba dhuine den dream céanna, Paul Pháid Cunningham a rinne cloch Thír Chonaill ar an léarscáil nua.

Co na Mí