‘Nuair a thosaigh muid, ní raibh ann ach buille faoi thuairim’ – IMRAM ag teannadh linn arís

Thiar in 2004 a bhunaigh Liam Carson IMRAM. Labhair sé le Tuairisc.ie faoin bhfás atá tagtha ar an bhféile litríochta Gaeilge

‘Nuair a thosaigh muid, ní raibh ann ach buille faoi thuairim’ – IMRAM ag teannadh linn arís

Pictiúr: www.portraidi.ie

Agus gan ach cúpla lá againn go dtí go dtosaíonn IMRAM, an fhéile litríochta Gaeilge a thosaigh Liam Carson agus daoine eile thiar in 2004.

Ó shin i leith d’fhás an fhéile ó thaobh líon na n-imeachtaí a chuirtear ar fáíl, ach níor theip riamh ar shamhlaíocht lucht a heagraithe. Ó shin i leith, tá pleananna uaillmhianacha agus fís na féile á gcraobhscaoileadh i bhfad agus i gcéin.
“Nuair a thosaigh muid, ní raibh ann ach buille faoi thuairim,” arsa Liam Carson liom agus muid ag ól cappuciní al fresco i Sráid Thobar Phádraig, meascán gleoite againn den Ghaeilge agus de ‘shochaí an chaife’.

“Bhí an bunsmaoineamh againn ardán a thabhairt do litríocht na Gaeilge sa phríomhchathair anseo agus nascanna a bheith ann idir an focal scríofa, an ceol agus na físealaíona.

“Ó shin i leith, tá fás agus forbairt nach beag i ndiaidh theacht ar an fhéile. Mar shampla, tá seónna ar nós Réaltneach: Tionscadal David Bowie againn i mbliana agus tá cuid mhór i gceist leis an seó sin amháin – aistriúcháin d’ardchaighdeán déanta ag Gabriel Rosenstock; scoth na n-amhránaithe agus buíon cheoil atá dochreidte maith; obair ealaíne Margaret Lonergan ina mbíonn focail na n-amhrán le feiceáil – ní raibh muid in ann sin a dhéanamh an chéad bhliain. Ghlacfadh sé an chuid is mó den bhuiséad a bhí againn!” arsa Liam.

Ach anois, thig le hIMRAM tionscadail mar sin – Leonard Cohen, Kate Bush, Bob Marley, Bob Dylan agus Van Morrison ina measc – a thabhairt ar camchuairt.

Ach ní tionscadail idirnáisiúnta amháin a bhíonn i gceist.

“Tá seó againn faoin Ríordánach, Ta mo Pheann ag Rince, seó atá bunaithe ar na dialanna a scríobh sé agus ar a chuid dánta. Beidh muid á léiriú sin i mbliana i mBaile Bhuirne, an áit inar rugadh é agus i gcathair Chorcaí chomh maith.

“Tagann sé sin sna sála ar Thionscadal Chorcaí a bhí againn i mbliana chomh maith, togra inar thug muid coimisiúin do Louis de Paor, do Liam Ó Muirthile agus do Thomas McCarthy, a léigh dánta a cumadh faoin chathair cois Laoi.

“An bhliain seo chugainn, beidh Tionscadal Cohen le feiceáil i mBéal Feirste agus ba bhreá linn tionscadal Bowie a thabhairt ar camchuairt chomh maith agus é a léiriú ag an Phicnic Leictreach más féidir agus ní raibh seó de chuid IMRAM ag an Oireachtas go fóill, ba bhreá linn sin a dhéanamh chomh maith.”

Ach tá Liam níos uaillmhianaí ná sin féin. Teanga idirnáisiúnta í an Ghaeilge, dar leis, agus ba mhaith leis fís IMRAM a thabhairt thar lear.
“Nár dheas an rud é Tionscadail Piaf/Brel agus Rimbaud/Verlaine a thabhairt go Páras mar shampla, tionscadal Dylan a thabhairt go Meiriceá, tionscadal Kerouac a léiriú i San Francisco nó i Lowell Massachusetts, mar ar rugadh é.”

Deir Liam go bhfuil sé i gcónaí ag iarraidh go mbeadh litríocht na Gaeilge i lár an aonaigh.

“An chéad bhliain, dhírigh muid ar litríocht na Síne, ansin dhírigh muid ar litríocht na Spáinne, le haistriúcháin ar fhilíocht Lorca. Bhí Rimbaud againn ó litríocht na Fraince.

“Tá sé léirithe againn go bhfuil lucht féachana ann do shaothar Gaeilge d’ardchaighdeán agus go bhfuil suim ar leith ar fud na cruinne ina bhfuil le hofráil ag an Ghaeilge,” arsa Liam.