‘Nuair a tháinig Pádraig go hÉirinn níor fhéach sé le malairt teanga ná malairt dlí a bhrú orainn’

100 bliain ó shin, mheabhraigh Lá Fhéile Pádraig don Chlaidheamh Soluis ‘gurb é ár ndualgas ár gceart a sheasamh, agus ár ndúchas Gaelach a chosaint agus a bhuanú’

ppearse

8                              An Claidheamh                              Márta 18, 1916

Meanma Phádraig

Nuair a tháinig Pádraig go hÉirinn lena cur ar bhealach a leasa níor fhéach sé le malairt teanga, ná malairt dlí malairt rí a bhrú orainn. Níor bhac sé lenár mbéasaí mórán. Rinneamar malairt chreidimh, ar a chomhairle, ach is dár ndeoin féin a rinneamar é. D’éirigh le Pádraig ina ghnó, agus d’éirigh leis an nglúin a ghlac a chomhairle. Tá meas riamh ó shin i leith air agus beidh go Lá an Luain. Thuig sé na Gaeil agus bhí meas aige orthu.

Fear fearúil uasal a bhí ann féin. Sliocht fearúil ab ea na Gaeil freisin agus réitigh an fear uasal agus an sliocht uasal le chéile, mar a dhéanann uaisle i gcónaí. Tá coigríoch eile in Éirinn inniu agus tá ag iarraidh Gaeil a chur ar a “leas”. Más uasal é caithfidh sé nach bhfuil aon uaisleacht fágtha i gClanna Gael, mar nach réitíonn siad leis beag ná mór. Tá ina achrann eatarthu ó tháinig sé. Ach ní hiad nósanna Phádraig a leanann sé. Níl meas aige ar aon rud Gaelach. Níor fhoghlaim sé teanga na nGael mar a rinne Pádraig. Is amhlaidh a dhíbir sé í i measc na gcnoc.

Níor fheabhsaigh sé dlíthe Gael mar a rinne Pádraig. Chuir sé ar ceal ar fad iad. Níor thóg sé cealla, ná teampaill, ná scoileanna mar a rinne an coigríoch uasal, ach rinne sé a mhalairt sin. Níor shantaigh Pádraig maoin agus níor bhailigh sé maoin. An coigríoch craosach atá inniu ann tá ag déanamh foghlach ar ár gcuid ó tháinig sé. Níl aon réiteach eadrainn agus ní bheidh. Is fearrde Éire fearadh féile Pádraig gach bliain. Meabhraíonn an fhéile dúinn an Chríostaíocht agus an fear uasal naofa a tháinig anall chugainn í. Meabhraíonn sí dúinn chomh maith an cine uasal dár díobh sinn.

Níl an cine sin imithe ar ceal, ná a n-uaisleacht, ná a dteanga, buíochas mór le Dia. Tagann meanma Phádraig dúinn, mar a déarfadh an tAthair Peadar, gach féile, agus cuireann sí i gcéill dúinn gurb é ár ndualgas ár gceart a sheasamh, agus ár ndúchas Gaelach a chosaint agus a bhuanú. Is chuige sin atáimid ag obair sa gConradh. Déanfaimid an obair faoi choimirce Dé agus Phádraig. Ní ligfimid uaisleacht Phádraig i ndearmad. Beimid uasal fiú amháin leis an gcoigríoch craosach, ach beimid fearúil leis chomh maith, agus crua. Tuigeann sé crua níos fearr arís ná uaisleacht.

Fág freagra ar '‘Nuair a tháinig Pádraig go hÉirinn níor fhéach sé le malairt teanga ná malairt dlí a bhrú orainn’'