Nuair a dhún Éire an doras de rap ar Grand Slam Shasana…

Níor éirigh le foireann rugbaí na hÉireann foireann a bhí ag iarraidh an Grand Slam a bhaint amach a stopadh ach faoi dhó cheana i stair Chraobh na Sé Náisiún

Nuair a dhún Éire an doras de rap ar Grand Slam Shasana…

Keith Wood agus Emmett Byrne i 2001. Pictiúr: INPHO/Patrick Bolger

Tabharfaidh foireann rugbaí Shasana cuairt ar an Aviva anocht agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach sa stair. Má éiríonn le foireann Eddie Jones an bua a fháil, beidh an Grand Slam buaite acu don dara huair as a chéile agus beidh curiarracht déanta acu as an líon is mó cluichí a bhuachan as a chéile, naoi gcinn déag.

Níor éirigh le foireann rugbaí na hÉireann foireann a bhí ag iarraidh an Grand Slam a bhaint amach a stopadh ach faoi dhó i stair Chraobh na Sé Náisiún ach, mar a tharlaíonn sé, is i gcoinne Shasana a bhí an dá chluiche sin.

Cé go bhfuil Lá Fhéile Phádraig díreach imithe, bheadh ábhar ceiliúrtha againn arís sa tír seo dá n-éireodh le imreoirí Joe Schmidt lá mór Shasana a mhilleadh arís.

Éire 20-14 Sasana, 20 Deireadh Fómhair 2001

Rinne an galar crúibe agus béil praiseach de Chraobh na Sé Náisiún in 2001, rud a d’fhág gur i mí Dheireadh Fómhair a tháinig Sasana chomh fada le Bóthar Lansdún don chluiche deireanach. I 1999 agus arís in 2000, theip ar Shasana an Grand Slam a bhuachan sa bhabhta deireanach ach bhí cuma na maitheasa orthu in 2001.

Bhuail siad greadadh ar gach foireann eile sa chomórtas agus farasbarr 38 pointe acu, ar an meán, sna cheithre bhua. Ní raibh aon chluiche imeartha ag foireann Clive Woodward le sé mhí sular tháinig siad go Baile Átha Cliath agus b’fhurasta sin a aithint ar a gcuid imeartha.

Bhí Sasana chun cinn a bhuíochas de chic éirice luath go maith sa chluiche ach scóráil Keith Wood úd tar éis15 nóiméad imeartha agus d’fhan Éire chun tosaigh ina dhiaidh sin. Nuair a séideadh an fheadóg dheireanach, cé go raibh an chraobh buaite ag Sasana, ba iad na hÉireannaigh a bhí ag ceiliúradh.

Éire 6-42 Sasana, 30 Márta 2003

Bhain Sasana díoltas amach an chéad uair eile ar thug siad cuairt ar Bhóthar Lansdún i gCraobh na Sé Náisiún, in 2003. Bhí Éire sa tóir ar an Grand Slam chomh maith, gaisce nach raibh déanta acu le 55 bliain, ach chuir Sasana deireadh leis sin go cumasach.

Bhí achrann ann ag tús an chluiche nuair a thóg foireann Shasana, faoi cheannas an chaptaein Martin Johnson, áit na hÉireann ar an gcairpéad dearg roimh fháilte an uachtaráin. Níor ghéill Johnson ar an gcairpéad agus níor ghéill na Sasanaigh ar an bpáirc.

Cé nach raibh ach seacht bpointe idir na foirne ag leath ama, 6-13, rinne Sasana scrios sa dara leath agus d’aimsigh siad 29 pointe eile.

Éire 24-8 Sasana, 19 Márta 2011

Bhí Johnson ar ais i mBaile Átha Cliath sa tóir ar an Grand Slam in 2011 ach é ina chóitseálaí ag Sasana an uair seo. Mar atá inniu, bhí an chraobh buaite cheana féin ag na Sasanaigh agus iad ag iarraidh sméar mhullaigh a chur ar a bhfeachtas agus foireann Éireannach a raibh comórtas lag go maith a bhí rompu, agus iad tar éis dhá chluiche a chailleadh.

Mar sin féin, thug cuairt na Sasanach spreagadh ar leith d’fhoireann na hÉireann agus bhí ceannas iomlán acu ar an gcluiche, go háirithe sa chéad leath. Bhí Éire 17-3 chun cinn ag leath ama a bhuíochas d’úd Tommy Bowe agus ciceanna éirice Johnny Sexton agus mhéadaigh siad an bhearna sin nuair a scóráil Brian O’Driscoll úd ag tús an dara leath.

Fág freagra ar 'Nuair a dhún Éire an doras de rap ar Grand Slam Shasana…'