Nuair a chuimhneofá i gceart air, nach as sceimhlitheoireacht a tháinig an stát atá againn inniu?

Dall ar an stair a bhíonn go leor daoine a bhíonn ag caitheamh tharstu faoi chúrsaí reatha, ach más fíor gur drochdhream iad ISIS, ní ar Allah is ceart an milleán ar fad a chur…

1916rising

Tá sé de bheith orm go mbím ag breathnú anois agus aríst ar an stáisiún teilifise Meiriceánach CNN. An oíche faoi dheireadh, bhí bruinneall bhéaldaite, luathchainteach ag ceistiú tráchtaire míleata faoin sceimhlitheoireacht, go mór mór faoin dream seo ar a dtugtar ISIL.

Chuir sí i gcuimhne dhó go bhfuil os cionn milliún saighdiúir in arm na Síne. Dá rachaidís sin sa tóir ar na treallchogaithe seo, a dúirt sí, nach mór an difríocht a dhéanfadh sé?

Mheabhraigh an tráchtaire míleata di nach nós leis na Sínigh a ladar a chur i gcúrsaí taobh amuigh dá gcuid teorainneacha féin.

Chríochnaigh an freagra an cor sin sa gcomhrá; bhí sé róghar don chnámh i stáisiún a chreideann go bhfuil sé de cheart ó Dhia ag Meiriceá a ladar a chur in áit ar bith is mian leo.

Cúis iontais i gcónaí a laghad den stair a scrúdaítear nuair a bhíonn ceisteanna móra polaitíochta á bplé. Fíorbheagán den dream óg a bhfuil suim ar bith acu sa stair. D’fhiafraigh mé de bhean as Chicago an lá cheana cén chaoi a bhfuil an scéal sin ag an dream óg i Meiriceá?

“Their sense of history probably goes back to last Tuesday,” ar sise.

Déarfá leat féin go mbeadh an-tuiscint ag muintir na tíre seo ar an sceimhlitheoireacht. Sceimhlitheoireacht a cuireadh inár leith uair ar bith a thugamar dúshlán na hImpireachta.

Níl sé i bhfad ó rinne muid comóradh ar Dhiarmaid Ó Donnabháin Rosa. Céard faoin bhfeachtas buamála a d’eagraigh seisean in aghaidh Shasana? Maraíodh daoine neamhchiontacha dá bharr.

Nuair a chuimhneofá i gceart air, nach as sceimhlitheoireacht a tháinig an stát atá againn inniu?

Deirtear anois gurbh é Tomás Ó Cléirigh is mó a spreag Éirí Amach 1916. Bhí tréimhse mhaith caite aigesean i bpríosún i Sasana roimhe sin. Ba í an choir a cuireadh ina leith gur fhéach sé le Droichead Londan a phléascadh san aer.

An bhféadfaí é sin a dhéanamh gan daoine a mharú?

Tabhair faoi deara freisin gur nós le hImpiriúlaigh beag is fiú ar fad a dhéanamh den dream a mbíonn siad ag troid ina n-aghaidh. An chuid againn a bhíodh ag déanamh beagán staidéir ar scríbhinní Julius Caesar sa meánscoil fadó, is cuimhin linn an droch-cháil a thug sé ar na Ceiltigh.

Barbaraigh amach is amach a bhí iontu, a dúirt sé, dream nach raibh moráltacht ar bith acu.

Tá an rud céanna ag tarlú i gcónaí. Casadh iarshaigdiúir as Arm Mheiriceá i bpub i Minnesota dhom oíche amháin. Bhí sé tar éis a theacht as cogadh na Murascaille.

“Dúirt siad linn gur ainmhithe ar fad a bhí sna hIarácaigh,” a dúirt sé, “gur dream a bhí iontu nach raibh cultúr ar bith acu. Níl mórán oideachais orm féin agus chreid mé iad. Ach fuair mé amach ó shin gur san Iaráic a thosaigh cuid mhór de shibhialtacht an domhain!”

An gciallaíonn sé seo fad gur cheart dúinn a gcuid peacaí a mhaitheamh do ISIS agus neamhaird a dhéanamh den ionsaí i bPáras, mar shampla?

Ní chiallaíonn ná chor ar bith. Drochdhream iad ISIS ach má tá síocháin de chineál eicínt le theacht sa deireadh, caithfear tuiscint a fháil ar na cúinsí a rinne drochdhaoine díobh agus ar an bpáirt a bhí ag tíortha an Iarthair sa bpróiseas sin.

Le léargas ceart a fháil ar an gceist, ní fearr rud a dhéanfadh duine ná na haltanna breátha a bhíonn ag an tráchtaire ar chúrsaí idirnáisiúnta, Robert Fisk, a léamh.

Ní ar Allah is ceart an milleán ar fad a chur.

Fág freagra ar 'Nuair a chuimhneofá i gceart air, nach as sceimhlitheoireacht a tháinig an stát atá againn inniu?'