Nóta don Eagarthóir: Bain anuas den suíomh é seo roimh dheireadh mhí Eanáir!

Cé hiad na gaiscígh spóirt a bheidh ag ceiliúradh le linn 2017? Sin í an cheist atá á ionramháil ag ár gcolúnaí

Nóta don Eagarthóir: Bain anuas den suíomh é seo roimh dheireadh mhí Eanáir!

INPHO/Cathal Noonan

Bliain bhisigh ab ea an ceann atá díreach fágtha inár ndiaidh againn, bliain Oilimpeach dá bharr sin agus bliain inar imríodh Craobhacha Sacair na hEorpa agus Corn Ryder. Ní baileach go bhfuil an ceann ar a bhfuil muid ar a tairseach baileach chomh luchtaithe céanna, ach sin mar a bhíonn. Lá le fíon is arís gan bhraon.

Más codladh a chuireann an braon céanna ort, seachain é ar an gcéad Domhnach de mhí Feabhra. Is ar an lá sin a imreofar an 51ú eagrán den sorcas ar a dtugtar Superbowl. Lady Gaga a chuirfidh scléip leath ama ar fáil i Houston Texas don té a nach mbeidh ag bobáil faoin am sin.

Cuirfear tús le Craobh Rugbaí na 6 Náisiún freisin an chéad deireadh seachtaine den mhí sin, ba chóir go mbeadh lánphointí ag Éirinn as an dá chluiche is túisce acu – in aghaidh na hAlban i Murrayfield agus na hIodáile ar Bhóthar Lansdúin, sula n-imreoidh siad an Fhrainc anseo sa bhaile agus an Bhreatain Bheag i Caerdydd.

Tabharfaidh deireadh Feabhra Comhdháil Bhliantúil Chumann Lúthchleas Gael leis i bPáirc an Chrócaigh – ag léamh idir na línte, feicim lámh stiúrtha níos cumhachtaí ná ceann na Gaillimhe san iarratas atá á chur chun cinn foireann Faoi 21 agus Mionúir an chontae sin a scaoileadh isteach in aon chúige amháin. Dá réir sílim go vótálfaidh teachtaí as gach ceantar ina fhabhar, cé is moite de Chúige Laighean agus beidh sé ina riail faoi dheireadh an Mhárta.

Leis sin féin, tá seans maith ann, measaim, gur as an gcúige sin a thiocfaidh an chéad uachtarán eile a bheidh ar an eagraíocht.

Beidh seachtain mhór spóirt romhainn seachtain na Féile Pádraig. Más uait cnuasgheall deas a dhéanamh tabhair faoi seo. Éire ag fáil an lámh in uachtar ar Shasana do Chraobh na 6 Náisiún. Cora Finne ag buachan Chraobh Peile na gClubanna agus Baile Uí Aodha an iománaíocht, Douvan an Champion Chase i Cheltenham agus Djackadam an Corn Óir.

Mairfidh dea-scéala na hÉireann isteach san Aibreán nuair a ainmneofar Rory Best mar chaptaen ar fhoireann na Leon a rachaidh chun na Nua-Shéalainne, áit a mbuafaidh siad ceann amháin de na trí chluiche a imreoidh siad in aghaidh na All Blacks (ar an Satharn deireanach de Mheitheamh agus ar an dá Shatharn ina dhiaidh sin).

Tar éis dó críochnú sa dara háit in 2012 agus sa ceathrú háit an bhliain dár gcionn ar Oscar Time, buafaidh Sam Waley Cohen an Grand National in Aintree sa diallait ar The Young Master (25/1 faoi láthair) agus beidh sé ar an gcéad amaitéarach a thabharfaidh an rás leis ó rinne Marcus Armytage amhlaidh ar Mr. Frisk i 1990.

Beidh Tiger ar ais i gcomórtas na Masters in Augusta, ach ní dhéanfaidh sé ach dhá lá imeartha i gcomórtas a bhuafaidh galfaire ón Áise – Hideki Matsuyama, seans.

Nuair a thiocfaidh mí na Bealtaine cuirfidh níos mó Éireannach suim i gCraobhacha Rámhaíochta na hEorpa a bheas ar siúl i Racice na Seicslóvaice ná a rinne sin riamh. Cúis an-simplí a bheidh leis sin – dhá chúis in ndáiríre – na deartháireacha as an Sciobairín, Gary agus Paul O’ Donavan. Bainfear oiread sásaimh as a mbeidh le rá acu agus an bealach a ndéarfaidh siad sin agus a bhainfear as a gcuid iomaíochta.

I mí an Mheithimh cuirfidh Katie Taylor Craobh Ghairmiúil Dornálaíochta an Domhain leis na cinn amaitéaracha atá aici.

Beidh comórtais Chumann Lúthchleas Gael faoi lán seoil faoin am sin, ach i bhfad ó chéile a fheicfear torthaí gur beag súil a bheas leo. N’fheadar an dtiocfaidh bua Nua-Eabhrac ar Shligeach i gCraobh Chonnacht faoin réimse sin – ar éigean é nuair ba dhóbair do na himircigh an bua a fháil ar Ros Comáin anuraidh, ach beidh sé ina raic sa mbaile nuair a thuigfear nach bhfuil aon bhealach cúldorais i ndán do na caillteoirí.

Buafaidh Gaillimh, Áth Cliath, Ciarraí agus Tír Eoghain craobhacha peile na gCúigí, Gaillimh, Aontroim agus Port Láirge na cinn iomána.

Coinneoidh fir na príomhchathrach greim as Chorn Mhig Uidhir gan stró agus ní raibh oiread caoineacháin i bPáirc an Chrócaigh riamh agus a dhéanfar i dtús Mheán an Fhómhair nuair a bhuafaidh na Déisigh Corn Mhic Cárthaigh.

Má tá aon phingin fanta agat tar éis duit an chomhairle sin ar fad a ghlacadh, cuir sin ar Novak Djokovic chun craobh Wimbledon a fháil ar ais, agus buafaidh Serena Williams craobh na mban don tríú bliain as a chéile.

Ba cheart go bhfágfadh sin oiread i do phóca agat agus go bhféadfá dearmad a dhéanamh ar mhionchomórtais an gheimhridh – Formula 1; World Series, Breeders Cup agus an luaithreach sin a mbíonn na Sasanaigh agus na hAstrálaigh de shíor sa gcoimhlint ar a son.

Níl maidin nach gcaithimse buicéad di thar an gclaí, má tá suim acu inti!

P.S. Nóta don Eagarthóir. Bain anuas den suíomh é seo roimh dheireadh mhí Eanáir le do thoil agus cuir gach fianaise ó mhaith. Ní lú liom an sioc ná daoine a bheith ag teacht chugam ag rá go raibh mé mícheart.

Fág freagra ar 'Nóta don Eagarthóir: Bain anuas den suíomh é seo roimh dheireadh mhí Eanáir!'