‘Nollaig Shona’ do mhuintir na hÓmaí agus Inis Ceithleann i mbliana agus comharthaí Gaeilge le crochadh ag an gComhairle

Rún rite ag Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí go gcrochfaí na focail ‘Nollaig Shona Duit’ nuair a bheidh maisiúcháin na Nollag á gcur suas ar an dá bhaile

‘Nollaig Shona’ do mhuintir na hÓmaí agus Inis Ceithleann i mbliana agus comharthaí Gaeilge le crochadh ag an gComhairle

Beidh beannachtaí Gaeilge le feiceáil ar an Ómaigh agus in Inis Ceithleann faoi Nollaig i mbliana agus rún rite ag Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí go gcrochfaí na focail ‘Nollaig Shona Duit’ nuair a bheidh maisiúcháin na Nollag á gcur suas ar an dá bhaile.

Rinne Pobal ar a’n Iúl, craobh Chonradh na Gaeilge san Ómaigh, iarracht a chinntiú go mbeadh na comharthaí Gaeilge ann anuraidh ach dúradh leo go raibh a n-iarratas rómhall. D’éirigh leo i mbliana, áfach, dul i bhfeidhm ar chomhairleoirí i lár-Ulaidh.

Ba chomhairleoir de chuid Shinn Féin, Barry McNally, a chuir an rún os comhair na Comhairle agus glacadh leis agus níor chuir aon chomhairleoir eile ina choinne.

“Bhí muid ag caint leis na comhairleoirí nuair a fógraíodh an plean Gaeilge, agus luaigh muid le Barry McNally arís é nuair a chonaic muid ar an tsráid é ina dhiaidh sin ach níor chuala muid rud ar bith faoi dtaobh de ar feadh tamaill.

“Thacaigh achan duine leis thart faoi mhí ó shin, ach bhí orthu dul tríd an bpróiseas agus meastacháin agus araile a fháil. Bhíothas ag iarraidh an costas agus an dearadh a fheiceáil, ach tháinig siad sin agus glacadh leis an tseachtain seo caite,” a dúirt Sinéad Ní Mhearnóg, cathaoirleach Phobal ar a’n Iúl le Tuairisc.ie

Dúirt Ní Mhearnóg go raibh “iontas an domhain” ar an gcraobh nuair a glacadh leis an rún gan aon chur ina choinne agus gur “céim mhór chun cinn” a bhí ann do phobal na Gaeilge sa cheantar.

“Níor shíl muid go dtacódh gach duine leis. Fiú nuair a bhí an polasaí Gaeilge á phlé sa Chomhairle, níor ghlac gach polaiteoir leis ach tá muid chomh sásta sin go mbeidh na comharthaí Nollag ann i mbliana, is rud iontach dearfach é.

“Feicimidne an Ghaeilig gach lá agus bíonn muid ag plé le rudaí i nGaeilge gach lá ach do ghnáthmhuintir an cheantair nach bhfeiceann chomh minic sin í, feicfidh siadsan gach uile lá í ar feadh sé seachtaine roimh an Nollaig i mbliana. Tá sé sin an-tábhachtach,” a dúirt sí.

Tá comharthaí Gaeilge Nollag ar an gCarraig Mhór, i nDún Geanainn agus i mBéal Feirste cheana féin.

Lasfar na soilse Nollag san Ómaigh ag a 6 a chlog tráthnóna an 24 Samhain i mbliana. Beidh an Chomhairle ag lorg tabhartais dheonacha ó ghnólachtaí na háite le costais na maisiúchán uile a chlúdach.

Fág freagra ar '‘Nollaig Shona’ do mhuintir na hÓmaí agus Inis Ceithleann i mbliana agus comharthaí Gaeilge le crochadh ag an gComhairle'

  • damhlaic mag shamhráin

    maith sibh a mhaithe agus a mhóruaisle na Condae as an chinneadh tráthúil seo!
    Léiriú ar an fhírinne(searbh nó binn) go bhfuil ár leithéidí fós ann.
    Tá súil thar na bearta aghum go bhfeice Jim Alister an bheannacht údaí. Agus Jeffrey Donaldson fosta!!
    Tá ár muintir fós faoi cheilt sna foraoiseacha!! “Níor imigh siad fós féin!”