Nollaig an Fheasa…

Gearrscéal don Nollaig le Mícheál Ó Ruairc

Santa

D’ísligh sé fuinneog an tseomra leapa de phlimp thobann ghlórach. N’fheadar conas nár scoilteadh an ghloine ina smidiríní. Sháigh sé a cheann amach is d’iniúch sé an dorchadas, féachaint an bhféadfadh sé a dhéanamh amach cé a bhí ann. Nuair a d’aithin sé mo thoirt bheag ina sheasamh ag doras na cistine, lig sé scread as a reoigh an fhuil im’ chuisleanna.

“Cad chuige an cnagadh go léir nó cad tá uait ag an am seo den mhaidin? An as do chéill ar fad atáir? Nach bhfeiceann tú go bhfuil sé ina dhubhoíche fós?”

Tharraingíos mo chorp beag chomh fada leis an bhfuinneog is sheasas os a chomhair amach ag breathnú suas idir an dá shúil air. Bhí a chuid gruaige mar sceach driseoige ag gobadh aníos as a phlait is bhí sé sreangshúileach. Fuaireas boladh na meisce ar a anáil. Cé go raibh sé dúisithe as a thromshuan agam is go raibh sé ar buile liom, ní fhéadfadh sé an cineáltas a bhí ann ó dhúchas a cheilt ina cheannaithe.

“Ach dúraís liom teacht,” dúras leis go mall, stadach, “dúraís liom bheith anseo go moch ar maidin.”

Thochas sé a leathcheann lena ingne fada, nós a bhí aige.

“Dúras? An ndúras? Ní dúras… ní cuimhin liom go ndúras….”

“Dúraís… dúraís go raibh San ‘Clás chun teacht anseo…”

D’fhéach sé orm go hamhrasach. Ní baol ná go raibh sé fós ina dhúiseacht.

“Fan mar a bhfuil agat nóiméad,” ar seisean liom, ag tarraingt a chinn isteach is ag dul as radharc uaim sa seomra dorcha.

Tar éis tamaill bhig, chualas eochair ag casadh i ndoras na cistine is shiúlas go mall ina threo is isteach liom. Ní raibh solas d’aon sórt sa teach aige is shuíos síos i ndorchadas na cistine faid a bhí sé ar thóir rud éigin le cur ar an tine. Fuair sé gabháil bhrosna thíos i dtóin an tí is chaith sé ar an tine é. Nuair a bhí sin lasta aige, shuigh sé ar chathaoir shúgáin os a comhair amach agus dhearg Woodbine le smeachóid ón tine a d’aimsigh sé leis an tlú. Tharraing sé an deatach go doimhin isteach ina scámhóga. Tháinig madra dubh a raibh snas ina chraiceann as an gcúlchistin dhorcha is shín sé é féin amach ar na leacracha teallaigh os comhair na tine agus thosaigh ar a lapaí a lí. Nuair a bhí an tine faoi lánseol, thosaigh na scáileanna ag léimt is ag preabadh thart timpeall ar na fallaí is tháinig cineál eagla orm.

Nuair a bhí a dhóthain den toitín caite ag m’uncail, mhúch sé lena mhéara é is chuir an bun isteach sa bhosca arís. D’fhéach sé orm os íseal.

“Níl tú ag rá liom go gcreideann tú sa leaid sin fós?”

Bhain an cheist preab asam mar nach rabhas ag súil léi. Go dtí sin, bhíos tógtha suas le mo smaointe féin agus a raibh ag tarlú timpeall orm.

“Cén leaid?… San ‘Clás? Ó, creidim… creidim cinnte…”

“Tánn tusa rómhór anois, a gharsúin, do San ‘Clás. Ba chóir duitse bheith ag fáil réidh lena leithéid de sheafóid um an dtaca seo. Tar éis is an tsaoil, cén aois thú? Deich… aon déag… dó dhéag . .?”

“Táim aon déag go leith,” arsa mise leis go maolchluasach.

“Aon déag go leith!” ar seisean, go magúil, “Aon déag go leith is creideann tú fós i bhfear na féasóige!”

Thit an lug ar an lag agam. Cad a bhí á rá aige? Chuir a chuid cainte lagachar orm. Ba ar éigean a raibh ar mo chumas m’anáil a tharraingt. Thosaigh smaointe naimhdeacha, doicheallacha ag brú ar m’aigne: rudaí a bhí leathchloiste agam, leideanna, nodanna, ráflaí, an cogar mogar a bhí cloiste agam ó na buachaillí móra i gclós na scoile ag am lóin, na tagairtí indíreacha ó mo dheartháir féin, aoibh an gháire ar aghaidh m’athar nuair a thug sé faoi deara mé ag cumadh liosta de na hearraí a bhí uaim arú aréir cois na tine sa bhaile. Tháinig mearbhall orm.

D’fhéachas ar m’uncail os íseal. Bhí a lámha leata aige os cionn na tine is gan air ach foléine agus bríste. Gan a chóta, bhí sé caol, cnámhach is gan cuma rófholláin ar a aghaidh. Bhí creathán aige ina lámha is ó am go chéile chuireadh sé gréas casachtaigh de a thachtadh é, nach mór.

Bhí sé mar nós aige seile a chaitheamh isteach sa tine a dhéanfadh siosarnach bheag ghairid i measc na lasracha. Os cionn na tine bhí matal caol súicheach ar a mbíodh sraith de phaicéid Woodbines fágtha de shíor aige. Ba mhinic, nuair nach mbíodh sé ag faire, a ghoidinn toitín as ceann acu len é a chaitheamh ar mo bhealach abhaile ón scoil.

Smaoiníos ar na scéalta a bhí cloiste agam faoi: go raibh gach pingin rua ólta aige. Ba mhinic a chualas mo mháthair ag tathant air éirí as an ól. Ach thabharfadh sé cluas bhodhar di. Cé go raibh sí an-cheanúil air, bhíodh sí ar buile leis toisc é bheith róthugtha don ól. Tráthnóna amháin i rith an tsamhraidh d’iarr sí orm an teach a chuardach faid is a bhí sé sa phortach.

“Cén fáth?” an cheist a chuireas uirthi ag an am.

“Féachaint an bhfuil aon rud le n-ithe aige sa teach.”

Ní raibh sa teach aige ach bulóg aráin bháin, bosca tae agus braon bainne. Ní rabhas in ann teacht ar im, ar fheoil ná ar aon rud eile. Bhí mo mháthair go dubhach brónach nuair a mhíníos na cúrsaí seo di. Chualas í ag labhairt lem athair faoin scéal.

“Tánn sé siúd ag maireachtaint ar arán bán agus tae,” ar sise leis, “níl faic eile faoi dhíon an tí aige.”

“Ní haon ionadh é sin agus gach a dtuilleann sé caite thar an gcuntar isteach aige thíos ar an gCé chuile oíche den tseachtain,” an freagra a thug m’athair uirthi.

Ina dhiaidh sin is uile, bhí an-ghean aici air.

“Is cuma cad a deirtear ina thaobh, is fear macánta é,” a deireadh sí, á chosaint, “nár ardaigh a ghuth riamh le héinne de na comharsana.”

Chuirfeadh sí mise chuige uair nó dhó sa tseachtain le leathdhosaen uibheacha agus cáca aráin bháin, te as an oigheann. Thagadh sé chugainn don dinnéar ar an Domhnach go minic, maide draighin ina lámh aige agus a mhadra roimhe amach. Thugadh sé bullseyes domsa, iad greamaithe le chéile ina meall mór milseachta istigh sa pháipéar. Bhí croí mór ag m’uncail Eoin gan dabht ar bith.

“An bhfuil cupán tae uait?” ar seisean liom, ag gearradh isteach ar mo chuid smaointe.

“Níl,” arsa mise leis is fios maith agam cén sórt tae a dhéanadh sé, é chomh láidir le triacla.

Chroch sé citeal picdhubh ar an tine. Ní fada go raibh sé ag feadaíl go binn agus gal deataigh ag éirí os a chionn in airde. Scól sé an taephota is dhein sé an tae. Shuigh sé ag ceann an bhoird bhig a bhí le hais na fuinneoige len é a ól.

“Bain triail as cupán de seo,” ar seisean liom, “déanfaidh sé maitheas duit.” Scairt sé amach ag gáire. D’fhéach mé go géar air.

“An tae ná fuil láidir,” ar seisean sna tríthí, “níl foláir dó bheith te!”

Bhí fonn orm gáire ina theannta ach mhúchas an fonn sin. Bhreathnaigh mé air ag slogadh as an muga mór agus ag ithe canta aráin bháin. Ní raibh im ar bith ar an mbord aige. D’fhéachas amach an fhuinneog. Bhí an lá ag breacadh lasmuigh.

Thosnaíos ag éirí imníoch. Smaoiníos go tobann ar an fáth a thug anseo mé, a thug orm éirí as mo leaba theolaí ag giolcadh an ghealbhain agus siúl romham tríd an dorchadas go teach m’uncail. Ní dhearnas ach breathnú go sciobtha ar na féiríní a bhí fágtha cois na tine sa bhaile agus imeacht an doras amach ar nós geilte.

Smaoiníos ar an Nollaig seo caite nuair a bhí an leoraí ba ghleoite dá bhfaca éinne riamh fágtha ar chathaoir le hais na tine romham aige agus an Nollaig roimhe sin arís, bhí bosca saighdiúirí ceilte i bpoll an iarta. Ach cad a bhí cearr i mbliana? Ní raibh aon rud le feiscint in aon bhall agus an chuma ar an scéal go rabhas fágtha ar an dtrá fholamh…

Gan choinne, tháinig briathra m’uncail isteach i m’aigne “rómhór do San ‘Clás… lena leithéid de sheafóid…”

Ní raibh San ‘Clás ann. B’shin an bhrí a bhí leo. B’shin a bhí á rá ag na buachaillí móra ar scoil. B’shin a bhí á rá ag mo dheartháir. B’shin a bhí taobh thiar den gháire magúil ar aghaidh m’athar. Níorbh ann dó! Bhain loime na fírinne sin siar asam. Bhraitheas meáchan mór ar m’ucht. Tháinig na deora chuig mo shúile. Ní raibh fonn orm a thuilleadh brostú abhaile le hiontas a dhéanamh de na bronntanais a bhí fágtha cois na tine ag mo thuismitheoirí. Ag mo thuismitheoirí!

Chuir an smaoineamh déistin orm. Níor theastaigh bronntanais ó mo thuismitheoirí uaim. Theastaigh bronntanais ó San ‘Clás uaim. Ní raibh sa rud go léir ach bréag. Bréag shuarach fhealltach. Nára mise an t-amadán críochnaithe glacadh leis an mbréag chéanna ar feadh na mblianta! Amadán suarach.

D’fhéachas ar m’uncail le doicheall i mo shúile agus é ag slogadh go glórach as a mhuga mór ag ceann an bhoird bhig agus creathán ina lámh aige. Bhíodar go léir mar an gcéanna, na daoine fásta. Níor thuigeadar páistí ná ní raibh aon mheas acu orthu. Fuair rud éigin bás istigh ionam ag an nóiméad sin. Rud éigin leochaileach, luachmhar, do-athnuaite. Rud míorúilteach, neamhurchóideach, leanbaí nach dtiocfadh thar n-ais choíche.

Rud a bhí feicthe agam roimhe sin i ngach a raibh timpeall orm: i mboghanna báistí, i néalta na spéire, i ngathanna gréine, i dtonnta na farraige, i súile ainmhithe agus éan. Draíocht na leanbaíochta an rud sin agus fuair sé bás istigh ionam ag an nóiméad sin, nóiméad nach ndearmadfainn go deo.

D’éiríos den chathaoir is dheineas mo bhealach síos i dtreo an dorais gan focal a rá. Bhíos ag gabháil thar fhuinneog na cistine lasmuigh nuair a chuala  m’uncail ag glaoch thar n-ais orm. Bhí fonn orm ligint orm nár chualas é agus leanúint ar aghaidh ach d’iompaíos timpeall is d’fhilleas chomh fada le doras na cistine arís. Bhí sé ina sheasamh ag an drisiúr agus é ag cuardach i gcomhair rud éigin. Bhain sé anuas seanchrúiscín den drisiúr agus thóg airgead amach as. Tháinig sé síos chomh fada leis an doras.

“Seo dhuit,” ar seisean, ag síneadh dhá leathchoróin ina bhois chugam, “seo dhuit, a gharsúin, ceannaigh milseáin duit féin leo seo. Níor tháinig San ‘Clás anseo aréir. Is dócha gurbh amhlaidh nach raibh aon rud fágtha aige…”

“Ní féidir liom iad a thógaint uait” arsa mise leis go ceanndána.

“Beir leat iad, a gharsúin,” ar seisean ag breith greime ar mo láimh is ag brú na mbonn isteach im bhois, “beir leat iad. Táid tuillte agat tar éis na bliana.”

Thógas an t-airgead uaidh is d’imíos liom ar mo bhealach abhaile. D’fhéachas taobh thiar díom nuair a shroicheas an bóthar mór is bhí sé fós ina sheasamh ag doras na cistine ag baint deataigh as Woodbine a bhí ina bhéal aige.

Is mó aistear fada déanta agam ó shin ach ní dóigh liom gur sháraigh aon cheann acu an t-aistear sin a dheineas san anallód ó theach m’uncail go teach m’athar. Bhí sé cosúil le bheith ag dul ó aois linbh go haois fir. Bhí an t-ualach feasa trom ar mo ghuaillí caola is mé ag coisíocht liom abhaile go fannchroíoch ar an mbóthar dorcha casta an mhaidin Nollaig úd fadó.

Fág freagra ar 'Nollaig an Fheasa…'