Noel Grealish agus an glaoch nár tháinig –níl cairdeas sa pholaitíocht

Ní hionann agus an cúrsa gailf ní bhíonn aon chairde agat sa bpolaitíocht mar a léiríonn cás Noel Grealish agus an Taoisigh

Noe Grealish, Neamhspleách, Gaillimh Thiar.
Noe Grealish, Neamhspleách, Gaillimh Thiar.

Tá fianaise faighte ag an Teachta Dála, Noel Grealish, go bhfuil fírinne sa ráiteas nach bhfuil cairde ar bith agat sa bpolaitíocht; níl agat ach lucht aitheantais. 

Aithnítear Noel Grealish ar dhuine de na daoine is mó a bhfuil ceangal aige le Teachtaí Dála eile ar chuile thaobh i dTeach Laighean, an Taoiseach Enda Kenny ina measc.  In imeacht na mblianta bhí teacht ag Noel Grealish ar uimhir theileafóin phearsanta Enda Kenny.  D’imir siad galf in éineacht go minic.  Bhí sé i gceist acu iarraidh eile a thabhairt faoi chluiche na liathróide bige sa samhradh.  Ach bhí socruithe eile le déanamh roimhe sin.   

Chuir an Taoiseach, Enda Kenny fios ar an Teachta Grealish chuig cruinniú leis ag a 11.00 san oíche Déardaoin seo caite, an oíche roimh an vótáil do phost an Taoisigh sa Dáil.   

Bhí comhrá cairdiúil acu sular tharraing an Taoiseach post mar Aire Stáit anuas chuig Noel Grealish.  Luaigh  Enda Kenny cúrsaí Comhshaoil.  Dúirt Grealish nach post é a thaitneodh go mór leis.  “Céard ab fhearr leat?” arsa an Taoiseach.  Dúirt an Teachta Grealish go mbeadh Aireacht Shinsearach ar an rud ba mhó a thaitneodh le T.D. ar bith ach go mb’fhéidir go raibh sé ag iarraidh an iomarca.  Luaigh Grealish rud éigin i réimse na turasóireachta agus spóirt.  Dúirt an Taoiseach go bhféachfadh sé le socrú a dhéanamh agus go gcuirfeadh sé glaoch ar an Teachta Grealish ar maidin Dé hAoine – sin sula dtógfaí an vóta ar phost an Taoisigh.  Ach níor tháinig aon ghlaoch, olc, maith ná dona.

Nóiméid sular shuigh an Dáil bhí an Teachta Grealish fágtha ar charraig.  Bhí lucht tacaíochta, ar nós Peter Weir agus an Comhairleoir Contae, Thomas Welby as Gaillimh ina theannta.  Thuigeadar uilig go dteastódh gealltanas láidir sula bhféadfadh Noel Grealish a dhul sa seans go polaitiúil.  Le Fianna Fáil a bhí a mhuintir roimhe, go láidir. 

Ach níor tháinig aon ghlaoch ón Taoiseach.

Bhí sé le feiceáil go ndeachaigh an tAire Simon Coveney chomh fada le Noel Grealish ar bhinsí na Neamhspleach nuair a bhí an vótáil ar bun.  Ach ní chorródh Grealish.  Is cosúil gur thriail Coveney an Teachta Grealish a mhealladh i dtreo gheata na vótála le tacaíocht a thabhairt d’Enda Kenny;  dúirt Coveney go mbeadh luach saothair ar fáil ach ní ghéillfeadh Grealish do ghealltanas cosáin.  Staon sé ón vótáil uilig.

Dúirt Noel Grealish ina dhiaidh sin gur cosúil gur shocraigh an Taoiseach nach raibh aon ghá leis féin (Grealish) tar éis dó an Chomhghuaillíocht Neamhspleách a thabhairt leis.  Ach, bhí dul amú beag ar an Taoiseach ansin mar staon duine acu, Michael Fitzmaurice sa deireadh;  ní raibh sé sásta go raibh ceist na bportach réitithe i gceart.

D’fhág sin uilig nach raibh ach vóta amháin faighte aige le cois an 58 a bhí riachtanach.  Níl ach oiread na fríde de thromlach ag Enda Kenny.

De réir scéil, bhí leithéidí Simon Coveney míshásta nach ndearnadh socrú le Noel Grealish agus cúpla Neamhspleách eile.  Sa deireadh, ba ar chrann an Taoisigh a thit an dualgas sin.

An féidir go bhféachfaí le Noel Grealish a thabhairt ar bord arís?  Is cinnte gur mhaith le go leor i bhFine Gael go mbeadh sé ag taobhú leis an Rialtas; is fear é atá in ann eadráin a dhéanamh idir daoine agus foighid a chur iontu nuair a éiríonn cúrsaí teasaí.  Tá an bua aige freisin go bhfuil meas pearsanta air ar  fud Theach Laighean.  D’fhéadfadh sé gur mhór an buntáiste a leithéid de dhuine a bheith istigh leat sa socrú corrach atá déanta sa Dáil anois.

Dúirt Noel Grealish féin nach bhfeiceann sé bealach ar bith go bhféadfadh Fine Gael agus Enda Kenny socrú a dhéanamh leis anois.  “Mura dtugann tú vóta don Taoiseach agus don Rialtas nuacheaptha, tá tú as an gcomhaireamh,” arsa Noel Grealish le Tuairisc.ie. 

Rinne Noel Grealish comhghairdeachas le Enda Kenny as a thoghadh mar Thaoiseach tar éis na vótála.  Níor labhraíodh ar aon rud eile. 

Ní bhíonn aon chairde agat sa bpolaitíocht, ní hionann í agus an cúrsa gailf.

Fág freagra ar 'Noel Grealish agus an glaoch nár tháinig –níl cairdeas sa pholaitíocht'